SEIF - Gorta Mór na Afraice

Beocheist: Fógraíodh le déanaí go raibh easpa reiligí i ndeisceart na hAfraice chun na créatúirí bochta a fuair bás de bharr…

Beocheist: Fógraíodh le déanaí go raibh easpa reiligí i ndeisceart na hAfraice chun na créatúirí bochta a fuair bás de bharr an ghalair SEIF (AIDS) a chur.

Mar gheall ar an ráta báis dochreidte atá ag ardú de réir a chéile dúirt Roinn Reilige chathair Durban, an chathair is mó i gCúige KwaZulu-Natal, gur theastaigh 12 heicteár uathu gach uile bhliain leis na coirp a adhlacadh.

Sin dhá uair an méid a bhí ag teastail uathu deich mbliana ó shin. Ní thógann sé ar an ghalar ach timpeall deich mbliana chun duine sláintiúil 25 bliain d'aois a mharú. Mar thoradh ar scaipeadh an ghalair i dtús na 1990í, tá an fhadhb seo bailithe in olcas.

De bharr easpa talún agus spáis b'fheiliúnaí créamadh corp a dhéanamh ach ní furasta sin de bharr uamhan mhuintir na hAfraice roimh an gcréamadh céanna.

READ MORE

Tá formhór na reiligí sa lá atá inniu ann lán go barra bachall agus chomh gann is atá talamh go gcaithfidh siad cúpla corp a chur in aon uaigh nó na cónracha a chur ar mhullach cinn ar mhaithe le spás a shábháil.

Ní go dtí le déanaí a tháinig muintir na hÉireann chucu féin tar éis an Ghorta Mhóir níos mó ná 150 bliain ó shin. Is cuimhin linn gur scaoileadh an rud thart agus nár tugadh mórán cabhrach dúinn ach tá an drochuair san Afraic faoi láthair; é ag dul i ndonas agus níl siad féin ag fáil mórán cúnaimh.

As measc an 700 milliún duine atá ag maireachtáil san Afraic tá 29 milliún acu sin tolgtha le SEIF agus tá an ráta báis ceapaithe a bheith dhá oiread níos measa roimh 2008.

Beidh meán an ionchas saoil tite faoi 30 bliain d'aois i gcuid mhór tíortha san Afraic roimh 2010. Is é an rud a chuireann iontas orm ná go dtarlaíonn 95 faoin gcéad de na galair seo san Afraic.

Labhair mé leis an Athair Owen Lambert (ó Chill Mhantáin ó dhúchas é) a chaith 30 bliain dá shaol ag obair in oirthear na hAfraice - go háirithe san Aetóip agus sa Tansáin - in aghaidh na dtinneas marfach. Dúirt sé go raibh éifeacht mhillteach ag an ngalar ar saol na clainne, na bpáistí, na sochaí agus na heacnamaíochta.

Bhunaigh sé eagraíocht charthanach dheonach darbh ainm APA (AIDS PARTNERSHIP with AFRICA) a dhíríonn ar fhorbairt, fhóirthint agus ghorta sna háiteanna sin.

Bailíonn an eagraíocht airgead chun scéimeanna in oirthear na hAfraice a neartú. Tá neart taithí agus scéalta ag an Athair Lambert ar an saol uaigneach brónach atá ann faoi láthair in an-chuid áiteanna.

Chas sé le Emebette Eneyawis atá deich mbliana d'aois agus ina cónaí san Aetóip. Cailleadh a hathair le gairid agus cé go bhfuil máthair léi fós beo tá sí caoch agus tolgtha le SEIF. Is í Emebette an t-aon duine ina clann atá ag saothrú airgid.

Faoi láthair, tá 13 milliún leanaí san Afraic gan tuismitheoir - sin duine as gach triúr. Tá na mílte páistí ag fágáil na scoile chun páirt a muintire a ghlacadh ar son a gclann. Mar shampla, tá 35 faoin gcéad de na páistí sa tSuasalainn tar éis an scoil agus an t-oideachas a thréigeadh.

Caitheann Emebette formhór dá saol ar shráideanna Bahirdar agus tuilleann sí a cuid airgid ag iarraidh déirce. Saothraíonn sí 76 cent ar an mheán go laethúil ach bíonn drochlaethanta ann nach saothraíonn sí ach 25 cent sa lá.

In aimsir an ghátair, bíonn uirthi fanacht ar na sráideanna go hoíche chun tuilleadh airgid a shaothrú.

Tá creideamh seafóideach san Afraic go dtiocfaidh biseach ar fhir fhásta le SEIF má bhuaileann siad craiceann le maighdeán óg. Mar gheall air seo éigníodh Emebette agus tá an baol ann go dtarlóidh sé arís. Níl cothrom na Féinne le fáil ag na páistí seo atá gan chosaint agus atá ag fulaingt.

Dúirt an tAthair Lambert nach raibh ceannairí an domhain nó na Náisiún Aontaithe ag déanamh a ndóthain chun stop a chuir leis an aicíd atá ag leathadh.

Tá sé deacair a chréidiúnt gur chosain an cogadh san Iaráic na céadta billiún dollaer ar rialtas Mheiriceá agus go bhfuil drogall orthu billiún a thabhairt don Afraic le fóirthint orthu.

Is é aidhm APA ná aird a tharraingt ar an bhfeachtas seo in Éirinn agus tá siad ag súil le toradh flaithiúil ar an éileamh seo. Tá obair na gcapall á dhéanamh ag an Athair Lambert leis na blianta fada. Ba mhór aige aon chúnamh. Eolas: 01-4064316 apaorg@eircom.net

Is mac léinn ollscoile í Deirdre Ní Chearra. Seo an chéad alt nuachtáin dá cuid