Seasann Muldoon leis an iris, An tUltach

Lucht na hirise imníoch faoi easpa airgid

Tá an file Paul Muldoon ag tabhairt tacaíochta don iris, An tUltach, iris atá lena maoiniú a chailleadh de bharr atheagar ar na heagraíochtaí Gaeilge. Chuir Muldoon teachtaireacht dea-thola chun na hirise as Meiriceá, áit a bhfuil sé ag léachtóireacht faoi láthair, á rá: “I’ve no hesitation in saying that An tUltach has been a mainstay of the intellectual life of Ireland for as long as I can remember. My own first poems, which happened to be in Irish, were published there in 1968. It was a thrilling moment! I strongly encourage Foras na Gaeilge to continue to support what has become an institution – not that An tUltach has ever succumbed to the greyness we might associate with that term. This is a magazine that plays a vigorous and vital role in helping Ireland understand itself.”

Dúirt cathaoirleach na hirise, Réamonn Ó Ciaráin, go raibh an iris le 90 bliain i mbun oibre a cheiliúradh i mbliana ach gur beag ábhar ceiliúrtha a bhí anois acu ó thug Foras na Gaeilge le fios dóibh go mbeadh deireadh lena gcuid airgid – thart faoi £16,000 sa bhliain ¬– ag tús mhí Iúil. “Cnámh droma ag Gaeilge Chúige Uladh” a bhí san iris ó bunaíodh sna 1920í í agus ba bheag scríbhneoir Gaeilge nach raibh ábhar aige ar an iris, Muldoon ina measc, a dúirt sé. Bhí eagla air nach mbeadh an iris ar fáil do scríbhneoirí óga amach anseo.

Dúirt urlabhraí thar ceann Fhoras na Gaeilge go mbeadh deireadh ag teacht leis an chóras reatha maoinithe do na heagraíochtaí bunmhaoinithe ag deireadh mhí an Mheithimh agus go mbeadh socrú nua maoinithe i bhfeidhm ag tús mhí Iúil do na ceanneagraíochtaí. Dá bharr sin, bheadh deireadh ag teacht le maoiniú na hirise, Feasta, iris Chonradh na Gaeilge agus An tUltach, iris Chomhaltas Uladh, mar chuid den chinneadh úr airgid. Dhéanfaí “plé” le Conradh na Gaeilge “maidir le tosaíochtaí maoinithe don cheanneagraíocht nua idir seo agus deireadh mhí an Mheithimh”.

Ó tharla gur chaill Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge a stádas mar eagras maoinithe, thiocfadh deireadh fosta le Gaelport.com, seirbhís eolais leictreonach a bhí faoina gcúram. Mar sin féin, bheadh “plé ar siúl leis na páirtithe leasmhara éagsúla faoin tseirbhís eolais leictreonach,” sin a dúirt sé.

READ MORE

Lena chois sin, bhí críoch le bheith le conradh na n-irisí ar líne – NÓSmag agus Beo! – ag deireadh mhí an Mheithimh agus bhí “tuilleadh plé le déanamh faoin cheist seo sna míonna atá romhainn”. Leanfaí de mhaoiniú na hirise, Comhar, go deireadh 2014 faoin Scéim Iris Chlóite agus bheadh Coiste Nuachtáin agus Irisí an fhorais ag plé leis an ábhar sin idir an dá linn.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times