Seán Ó Ríordáin - cibearchara ar Facebook

BEOCHEIST: DHEIN SEÁN Ó Ríordáin cairdeas liom ar Facebook

BEOCHEIST:DHEIN SEÁN Ó Ríordáin cairdeas liom ar Facebook. Cuma liom é a bheith mar mhéit agam sa cibearspás ach níor mhaith liom bualadh leis ar an mbóthar.

Ba é an Ríordánach an tarna tiománaí ba mheasa a chuaigh go Corca Dhuibhne. File eile, Michael Davitt, a thug seo le fios ina dhán, Faobhar na Faille Siar in Anglia Sheáin Uí Ríordáin. Tacaíonn an méid seo le teoirisc s'agamsa, 'sé sin, nach bhfuil filí na hÉireann in ann tiomáint.

Nuair a bhíonn na déithe ag dáileadh buanna orainn sara dtagaimid ar an saol, ní mór dóibh rogha a dhéanamh – cé acu cumas tiomána a bhronnadh ar dhuine nó féith na filíochta.

Deineadh suirbhé i measc céadatáin mhóir d’fhilí na tíre – idir fhilí Béarla agus fhilí Gaeilge – agus fuarathas amach nach raibh tiomáint ag 67.5 faoin gcéad acu. Admhaíonn 54 faoin gcéad acu san go mbíonn siad ag brath ar pháirtí nó lucht adhartha chun a dtóin fhileata a thabhairt timpeall.

READ MORE

Tá 3.5 faoin gcéad curtha den mbóthar i ngeall ar ólachán. Rud a fhágann go bhfuil tuairim is 30 faoin gcéad d’fhilí na tíre seo fós ag tiomáint thart agus iad ag cur a saoil, agus, go deimhin, do shaolsa, i mbaol. Caithfear iad a stop.

Agus is gá dúinne, pobal na hÉireann, a bheith ar aire. Anois agus an samhradh ag teannadh linn, tá an chontúirt ag géarú. Beidh grúpaí filí ag teacht le chéile fud fad na tíre agus beidh cuid acu ag tiomáint.

Ba chóir go gcuirfeadh lucht AA Roadwatch fógra amach nuair a bhíonn féile filíochta ar siúl ionas gur féidir linne an baol a sheachaint. I Lios Tuathail, i mBaile na mBuilí, i nGaillimh, i nDún Laoghaire agus áiteanna eile nach iad – ní mór dúinn spota dubh an dainséir a fhógrú.

An mbeifeása sásta dul ag tiomáint siar agus file laistiar den stiúir? Bheadh éinne againn giodamach agus sinn á scuabadh isteach ’on nDaingean, an file ag féachaint timpeall uirthi ar Loch Geal is ar Chnocán Éagóir, gan a haigne a dhíriú ar an diabhal bóthar!

Nuair a bhíonn Séamus Heaney ag tiomáint, aithníonn a bhean Marie go bhfuil dán ag teacht chuige mar go dtosnaíonn sé ag cnagadh ar an roth stiúrtha lena chuid méar.

B’fhearr liom féin dá dtiocfadh na béithe ar cuairt fad is a bheadh an chairt ina stad, ach tagann na béithe nuair is mian leo.

Uaireanta is é an gluaisteán féin an t-ábhar tinfidh ag filí ar dhán. Is é mianach ainrialach an tseanchairr a bhfuil meas ag Biddy Jenkinson air: “an 2cv gan aon choscán / gan aon ghiar cúlaithe / ar an mbóthar cúng.”

Ní haon chomhtharlú go mbíonn formhór d’fhilí na tíre ag tiomáint thart i seanchairteanna, agus gur minic iad gan aon choscán, ba dhóigh leat.

Ní hamháin san ach bíonn braistint ainrialach ag baint lena (éag)cumas tiomána freisin. Cacann an 2cv “stair” i ndán Jenkinson ach tá anailís fós ar bun ag léirmheastóirí ar bhualtrach na baird.

Tá raidhse fianaise starógach den chontúirt a bhaineann le filí ar an mbóthar. Ina measc, file óg, nach féidir a hainm a lua, a bhain doras de veain agus í ag tiomáint idir dhá léamh filíochta, ceann ar an mBuailtín agus ceann eile ag Scoil Merriman in Inis. A laghad cúraim!

Agus ná tosnóimis ar fhilí ar na bóithre ina gcoisithe. A gceann san aer ag fánaíocht thart ar thóir inspioráide, ag déanamh iontais de lus an chrom chinn agus ag síorthóraíocht meafar.

Leagfaidís thú mara ngéillfeá slí dóibh. Ní chíonn filí coisithe eile, faoi mar a d’admhaigh Liam Gógan: “I gcoim na hoíche cloisim iad/Na coisithe ar siúl;/Airím iad, ní fheicim iad,/Ní fios cá mbíonn a gcuaird.”

B’fhéidir go mba chóir préimh árachais níos mó a ghearradh ar fhilí. An mbíonn tú ag gabháilt don bhfilíocht? Cé chomh minic? An ritheann smaointí fileata leat agus tú ag tiomáint?

Nó d’fhéadfaí iachall a chur orthu fógra beag a chur in airde ar a gcarr: “Bard ar bord” nó a leithéid.

Dá mbeadh Seán Ó Ríordáin fós ag obair san oifig cheadúnas tiomána, d’fhéadfadh sé na filí maithe a scagadh ón ndríodar ach sampla saothair a chur ar fáil dó. Dar ndóigh, dá fheabhas é an file is é is measa é an tiománaí, mar a deir an seanfhocal.

Tá 1,072 cara ag an Ríordánach anois ar Facebook, i bhfad Éireann níos mó ná mar a bhí aige agus é ina bheathaidh. B’fhéidir nár stad inneall an ghluaisteáin ina chás siúd. B’fhéidir go bhfuil sé fós ag tiomáint faobhar na faille siar ina shean-Anglia amuigh faoin cibearspás.

Cá bhfios?