Scoil Uí Néill

BEIDH Scoil Samhraidh Shéamuis Uí Néill ar siúl i gCaisleán an Mhuilinn, Co an Dúin, Dé hAoine 8ú agus Dé Sathairn 9ú Meitheamh…

BEIDH Scoil Samhraidh Shéamuis Uí Néill ar siúl i gCaisleán an Mhuilinn, Co an Dúin, Dé hAoine 8ú agus Dé Sathairn 9ú Meitheamh.

Grúpa áitiúil Gaeilge – Glór Uachtar Tíre – atá i mbun na hócáide, an chéad uair go raibh a leithéid de chomóradh ar Ó Néill sa cheantar.

Dúirt eagraí an ghrúpa, Emer O’Hagan, go raibh Ó Néill “nua-aimseartha agus cróga” mar scríbhneoir agus go raibh súil aici go gcuirfeadh an scoil samhraidh a ainm i mbéal an phobail arís eile.

Bhí saothar dá chuid ar an mheánteistiméireacht agus mheas sí nár tugadh go leor aitheantais dó as a ghaisce.

READ MORE

Údar a bhí in Ó Néill (1910-1981) a tháinig ar an saol in aice le Caisleán an Mhuilinn ach a bhog go Béal Feirste luath go leor ina shaol.

Scríobh sé úrscéalta, filíocht, drámaí agus gearrscéalta faoi fhoréigean teaghlaigh agus chliseadh cleamhnais, ábhar a bhí conspóideach go maith tráth a fhoilsithe. Is iad Máire Nic Artáin agus Tonn Tuile beirt de na leabhair is cáiliúla aige.

Ní nach ionadh, beidh saothar agus spéiseanna Uí Néill lárnach sna himeachtaí. Tabharfaidh an Dochtúir Nicholas Mac Cathmhaoil, Ollscoil Uladh, caint ar oidhreacht liteartha an Dúin go dtí 1800 agus labhróidh an Dochtúir Des McCabe ar shaol agus shaothar Uí Néill go sonrach.

Chomh maith leis sin, beidh léachtaí leis an úrscéalaí Séamus Mac Annaidh ar chúrsaí scríbhneoireachta agus le ceannasaí Iontaobhas ULTACH, Aodán Mac Póilin, ar chúrsaí Gaeilge i mBéal Feirste sna 1920í, tráth a bhí Ó Néill ag éirí aníos sa chathair.

Beidh seans ag rannpháirtithe páirt a ghlacadh i gceardlanna ar chúrsaí iriseoireachta, ar scríbhneoireacht chruthaitheach agus ar scríbhneoireacht don teilifís. Agus beidh ceol le cóir as Béal Feirste agus Ghaoth Dobhair faoi stiúir an amhránaí Chonallaigh, Doiminic Mac Giolla Bhríde, le cluinstin le linn na féile.

Eolas: 048-43770331 nó gloruachtartire@hotmail.co.uk

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times