Sceim chun scriofa

TÁ Bord na Leabhar Gaeilge ar lorg iarratais ó scríbhneoirí agus ó fhoilsitheoirí i leith a gcuid scéimeanna

TÁ Bord na Leabhar Gaeilge ar lorg iarratais ó scríbhneoirí agus ó fhoilsitheoirí i leith a gcuid scéimeanna. Is é Dé hAoine 16ú Lúnasa 2002 an sprioclá.

Tá ceithre scéim i gceist:

  • Scéim na nOidí: Reáchtálfar scéim printíseachta idir oide agus ábhar scríbhneora faoin scéim seo, ar mhaithe le struchtúr foirmeálta tacaíochta a bhunú d'ábhar scríbhneora le go bhfaigheadh sé/sí treoir le saothar cruthaitheach atá idir lámha.
  • Scéim na gCoimisiún: Is é aidhm na scéime seo ciste coimisiúnaithe a dháileadh i measc lucht liteartha na Gaeilge sa chaoi is go gcinnteofar soláthar sásúil sna réimsí éagsúla léitheoireachta. Tabharfar tosaíocht do phróslitríocht do dhaoine óga (9 - 16 bliain d'aois) i mbliana.
  • Scéim na Scoláireachtaí Taighde: Déanfar scoláireachtaí na scéime seo a dháileadh i measc scríbhneoirí a bhainfeadh leas as deontais taighde chun cur lena n-inniúlacht chruthaitheach agus lena n-eispéireas liteartha.
  • An Scéim Léirmheastóireachta: Is é príomhchúram na scéime seo deis a thabhairt do scríbhneoirí léirmheas criticiúil a fháil ar shaothair chruthaitheacha atá curtha i dtoll a chéile acu.

Eolas: 046-30419 nó blg@leabhar.ie