Scéilín Gearr

BHÍ SCÉILÍN gearr ag na Coeur d’Alene, an pobal a mhair san áit a bhfuil Idaho inniu, a scríobhann Gabriel Rosenstock

BHÍ SCÉILÍN gearr ag na Coeur d'Alene, an pobal a mhair san áit a bhfuil Idaho inniu, a scríobhann Gabriel Rosenstock.

Seo é: bhí tine ag na daoine. Ní raibh tine ar bith ag Mac Tíre. Cairde móra ab ea Mac Tíre agus Madra. Arsa Mac Tíre lá le Madra: “Imigh leat anois agus sciob splanc ón tine bhreá sin atá ag na daoine. Tar ar ais ansin agus suímid beirt cois tine.” D’imigh Madra. Thug na daoine bia dó. Rinne Madra dearmad ar an splanc. Deireadh an scéil.

** Mír as

Scéalta ó Oileán an Turtair

READ MORE

, athinsintí ar scéalta traidisiúnta na Meirindiach atá tiontaithe go Gaeilge ag Rosenstock. Ar an bhliain seo chugainn atá an leabhar le foilsiú.