Scéalta báis le beatha a chur i gcúrsaí litríochta

BÁS IN Éirinn – May You Die In Ireland (Iontaobhas ULTACH, £10) is ainm do leabhar úr dátheangach ina bhfuil saothar le gearrscéalaithe…

BÁS IN Éirinn – May You Die In Ireland(Iontaobhas ULTACH, £10) is ainm do leabhar úr dátheangach ina bhfuil saothar le gearrscéalaithe móra na Gaeilge – Liam Ó Flaithearta, Pádraic Ó Conaire, Seosamh Mac Grianna, Séamus Ó Grianna agus an scríbhneoir comhaimseartha Daithí Ó Muirí – agus leaganacha nua Béarla ar a gcuid scéalta in aice leo.

Is iad beirt bhall de chuid an Iontaobhais féin, Aodán Mac Póilin agus Róise Ní Bhaoill, eagarthóirí an leabhair agus is iad a chuir na haistriúcháin agus an ghluais ar fáil.

Dúirt Mac Poilín nach raibh sé ag iarraidh léitheoirí a chur ó dhoras le téama chomh duairc le bás agus go raibh “oiread den ghreann ann is atá den ghruaim, nó b’fhéidir níos mó. Bíonn scríbhneoirí Éireannacha ar a suaimhneas leis an bhás, thig leo a ghabháil a mhagadh air. Níl agat ach amharc ar Cré na Cille, níl neach amháin beo ann ach tá an greann go smior ann”.

Dúirt sé gur “comhtharlúint ghlan” a bhí ann go raibh an leabhar le seoladh ar Bloomsday le linn Fhéile Leabhar Bhéal Feirste ach comhtharlúint a chruthaigh a théis gur spreag “téama an bháis” scríbhneoirí Éireannacha: “Nárbh é Joyce a scríobh The Dead agus Finnegans Wake? Agus nach bhfuil tórramh Paddy Dignan i gcroílár Ulysses?”

READ MORE

Cáineann Mac Póilin Ann Enright, eagarthóir The Granta Book of the Irish Short Story, as neamhiontas a dhéanamh de ghearrscéalta Gaeilge: “Chuir sí bailiúchán gearrscéalta amach agus ní amháin go ndearna sí neamart sna scéalta Gaeilge, dúirt sí nach raibh maith ar bith iontu. Ráiteas aineolach gan bunús sin, agus sílim go bhfuil a chruthú sin sa leabhar seo againn.”

Scríobhann Mac Póilin ina réamhrá gur “doiligh a chreidbheáil go ndearna sí iniúchadh ar bith arbh fhiú trácht air ar chorpas gearrscéalta na Gaeilge. Cé nach bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil olc aici don chéad teanga náisiúnta – molann sí filíocht na Gaeilge go hard – caithfidh sé go bhfuil míniú éigin ar an easpa breithiúnais seo.”

Measann sé go bhfuil “go leor literati mór le rá nach fiú leo an t-am a chur amú le scríbhneoireacht na Gaeilge; sin murar filíocht í … Is dócha, mar sin, gur beag aird a thabharfar ar dhea-scríbhneoireacht phróis na Gaeilge mura bhfuil sí cluimhrithe sa Bhéarla”. Is é a dhóchas go dtabharfaidh na scéalta seo blas éigin don ghnáthléitheoir ar “chultúr tábhachtach atá á imeallú sa tsochaí seo ag aineolas, ag neamhaird agus ag neamart”.

Seacht scéal atá sa chnuasach: An tSochraid Cois Toinneagus An Comhracle Pádraic Ó Conaire; Grásta ó Dhia ar Mhicí agus An Chomhchosúlachtle Séamus Ó Grianna; An Beo le Liam Ó Flaithearta; Ar an Tráigh Fholamh le Seosamh Mac Grianna agus Uaigheannale Daithí Ó Muirí.

Dúirt comheagarthóir an leabhair, Róise Ní Bhaoill, go raibh “scoth” na scéalaíochta le fáil ann. Thug scríbhneoirí na Gaeltachta “léargas cumhachtach dúinn ar shaol agus ar ghnásanna atá beagnach imithe anois agus seasann Daithí Ó Muirí an fód do ghlúin úr scríbhneoirí leis an fhabhalscéal comhaimseartha Uaigheanna”.

Chaith an bheirt eagarthóirí saothar leis na haistriúcháin, a dúirt sí, agus ba é scéal Sheosaimh Mhic Grianna, Ar an Tráigh Fholamh, ba mhó a thug a ndúshlán.

Bhí siad ag iarraidh bunbhrí agus bunmhothú an scéil a thabhairt leo, bheith dílis don Ghaeilge agus ciall bheith ann do lucht an Bhéarla. “Ní bheidh agat choíche sa Bhéarla ach ‘leagan’ den Ghaeilge, ach sin ráite, tá muid sásta go maith leis na leaganacha atá curtha ar fáil againn sa leabhar seo,” a dúirt sí.

Seolfaidh an t-úrscéalaí Glenn Patterson Bás in Éirinn – May you die in Ireland san oíche amárach ag 6pm in Belfast Exposed, Sráid Dhún na nGall, Béal Feirste.

Eolas: 048-90230749 nó eolas@ultach.org