Sa tóir ar an gcóir

Níl mímhuinín ag laghdú ná athmhuintearas ag bláthú sa Tuaisceart


Jean McConville, Sléacht Bhaile Uí Mhurchú, Loisceadh La Mon agus buamáil thábhairne McGurk – dornán beag de na heachtraí nach gceadófar iad a ligint i ndíchuimhne.

Cruthúnas is ea imeachtaí le déanaí ar an ngéarghá atá le córas chun déileáil le hoidhreacht na dTrioblóidí. Más é sin plean Haass nó scéim eile ní mór tabhairt faoi go pras.

Is ar fhuadach, marú agus adhlacadh ceilte Jean McConville i 1972 is mó a bhí aird le tamall i ngeall ar an gconspóid faoi ghabháil Gerry Adams, uachtarán Shinn Féin. Ionsaí barbartha ar an mbaintreach féin ab ea é, ar ndóigh ach anuas air sin b’éagóir, imeaglú agus drochíde é ar an deichniúr dílleachtaí a fágadh, scanraithe, scaipthe gan taca.

Bhí uafáis eile faoi chaibidil freisin, áfach. Thug Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Theresa Villiers an t-eiteachas d’iarratais ar fhiosruithe faoi dhá eachtra eile inar maraíodh trí dhuine is fiche ar fad.

READ MORE

B’iad sin sléacht Bhaile Uí Mhurchú, mar a thugtar air, inar mharaigh saighdiúirí Briotanacha aon duine dhéag i gcaitheamh cúpla lá i 1971 in iarthar Bhéal Feirste agus buamáil La Mon i 1978 taobh thoir den chathair nuair a mharaigh an tIRA dáréag le pléascáin loiscneacha.

Anuas air sin, d’fhógair dlíodóir thar ceann ghaolta le daoine a maraíodh sa phléasc i dteach tábhairne McGurk’s i 1971 go raibh siad chun an dlí a chur ar an stát as faillí ina gcás; mharaigh an UVF cúig dhuine dhéag san ionsaí sin.

Ní fios go fóill cén tionchar dlíthiúil nó polaitiúil a bheidh ag gabháil Gerry Adams – a shéanann ról ar bith san uafás in aghaidh Jean McConville.

Léirigh an ghuagacht pholaitiúil a cothaíodh sa Tuaisceart de bharr na gabhála agus ceistiú an Teachta Dála faoi reachtaíocht fhrithsceimhlitheoireachta nach féidir talamh slán a dhéanamh de go dtiocfaidh an próiseas polaitíochta gan dua as gach gábh. Is fánach an chaoi a mbainfí croitheadh as. Ní mór céimeanna a ghlacadh chun an chontúirt sin a mhaolú.

Thairis sin, tá cúram agus éisteacht dlite d’íospartaigh.

Tá Coimisinéir na nÍospartach i dTuaisceart Éireann éirithe as a post, í ag imeacht ag seirbhís sa Bhreatain. Buille do chuid mhór íospartach ab ea é sin anuas ar theip chainteanna Haass nuair a dhiúltaigh na páirtithe aontachtacha dá mholtaí.

Maítear (agus níor shéan an DUP ná an UUP é) go raibh gach páirtí sásta leis na moltaí i leith oidhreacht na dTrioblóidí i ndréachtcháipéis Haass ach gur dhiúltaigh na haontachtaithe dóibh mar gheall ar pharáidí. Níor mhiste na moltaí sin a scrúdú arís.

“Srian ar Thuaisceart Éireann is ea an aimsir chaite” a deir an cháipéis. De cheal uirlisí chun déileáil le hoidhreacht na dTrioblóidí, leis an bpian agus an fhearg a ghabhann léi, tá bac ar an dul chun cinn a deirtear sna moltaí: “Cothaíonn sé mímhuinín i measc cheannairí i ngach réimse … agus coinníonn sé deighilt idir comharsana…”

Ba léir don dall an mhímhuinín agus an deighilt sin le déanaí. N’fheadar an bhfuil na páirtithe i Stormont in ann a dhul i ngleic leo. Dúshlán ollmhór is ea é a chothaigh aighneas go minic cheana.

Maíonn Sinn Féin gurb iad moltaí Haass fuascailt na faidhbe, teastaíonn ón SDLP go ndéanfaidh an dá rialtas beart chun na moltaí sin a bhrú chun cinn. Seans go mbreathnóidh na páirtithe aontachtacha ar an gceist tar éis na dtoghchán ag deireadh na míosa; ní fios an mbeadh aon pháirtí toilteanach go gcuirfí i bhfeidhm an chuid de na moltaí a bhaineann le hoidhreacht na dTrioblóidí fad is a bheadh na réimsí eile gan réiteach.

Go hachomair séard atá molta go bhfaigheadh rogha na n-íobartach tús áite gach uair ab’fhéidir. Éilítear go mbunófaí seirbhís mheabhairthráma. Bhunófaí Aonad Fiosrúchain Stairiúil a scrúdódh gach eachtra agus a chuirfeadh cásanna faoi bhráid Sheirbhís na nIonchúiseamh Poiblí dá mbeadh an fhianaise ar fáil. Chinnteodh sin nach mbeadh na cúirteanna ceilte ar dhaoine a dhéanfadh an rogha sin.

Chomh maith leis an aonad sin bhunófaí Coimisiún Bailithe Eolais a chuideodh le híobartaigh agus marthanóirí fíricí a fháil, go príobháideach faoi eachtra a bhain leo.

Ní bheadh an coimisiún in ann pardún a thabhairt d’éinne a sholathródh eolas ach bheadh sé in ann imdhíonadh ó chúiseamh a thairiscint ar an mbonn nach mbeadh an ráiteas a dhéanfaí inghlactha i gcúirt. D’fhéadfaí an fínné sin a chúiseamh ar fhianaise eile, áfach.

Bhain moltaí eile le tuairisciú a dhéanamh ar iompar rialtais agus ghrúpaí paraimíleatacha maidir le soláthar eolais. Is dócha go bhfuil sé intuigthe uaidh sin go mbeadh gá le bagairt “ainmnigh agus náirigh” chun an sruth eolais a sracadh as seirbhísí stáit, poblachtánaithe agus dílseoirí.

Sin í an cheist mhór, ó thus go deireadh. An dtabharfadh iarbhaill/baill den IRA, den UVF, UFF, d’arm na Breataine agus den MOD, den UDR, RUC, de sheirbhísí rúnda agus na rialtais faisnéis go hoscailte, fonnmhar?

Muna dtugtar eolas céard atá i ndán do dhaoine atá ag iarraidh eolais, sa tóir ar an gcóir?

Le himeacht aimsire tá cuimhne ag meath, fínnithe ag fáil bháis agus cá bhfios ach go bhfuil cáipéisí “ag dul amú”. Níl an mhímhuinín ag laghdú ná athmhuintearas ag bláthú, áfach. Má táthar chun beart a dhéanamh, is mithid a dhéanamh gan mhoill.