Rogha leathan ag vótóirí

Grúpaí nuasheolta sa tóir ar an Rialtas


Rugadh comhghuaillíocht nua pholaitiúil ag an deireadh seachtaine nuair a tháinig Shane Ross, Finian Mc Grath, John Halligan, Michael Fitzmaurice, Tom Fleming agus buíon de chomhairleoirí contae neamhspleácha le chéile sa Tulach Mhór. Sheol Lucinda Creighton an páirtí a bhí geallta le fada aici, Renua, cúpla seachtain roimhe sin agus tá caint freisin faoi chomhghuaillíocht eile i measc na dTeachtaí Dála Neamhspleácha nó Teachtaí ó mhionpháirtithe atá in aghaidh táillí uisce. Sa mhullach air sin, beidh daoine atá ag iarraidh seasamh go hiomlán neamhspleách agus, ar ndóigh, na páirtithe seanbhunaithe, rogha ollmhór go cinnte ag vótóirí.

Bíonn dua i gceist le feachtas toghcháin agus bíonn buntáiste ag an iarrthóir a bhfuil fearais agus sparán páirtí ar a chúl. Don neamhspleáchaí bíonn sé níos measa, fiú an chuid acu a bhfuil meaisín de chineál éigin thart orthu. Titeann a lán den eagrú, den phleanáil agus, cinnte, den chostas ar an iarrthóir féin. Nuair a éiríonn leo, leagann siad an-bhéim ar an dian-obair sin agus maíonn as an gcaoi a gcuideoidh an neamhspleáchas leis na daoine a bhfuil siad ag déanamh ionadaíochta orthu.

Céard mar sin faoi ndear an brú seo i leith comhghuaillíochta? Nach gcloíonn sin cuspóir an neamhspleáchais agus nach ionann é agus admháil nach fiú neamhspleáchaí a thoghadh?

Ar feadh roinnt blianta bhí Rialtas againn a bhí ag brath ar chúpla neamhspleáchaí agus d’íoc rialtas Bertie Ahern go fial as an dtacaíocht sin.

READ MORE

Thug sin le tuiscint do dhaoine dá dtoghfaidís neamhspleáchaí go mbeadh cumhacht acu agus go dtiocfadh infheistíocht bhreise chuig a dtoghlaigh.

Toghadh 19 Teachta a bhain le mionpháirtí nó a bhí neamhspleách san olltoghchán deireanach – méadú mór – ach ní raibh aon chall ag an Rialtas le tacaíocht uathu. Go deimhin nuair a d’easaontaigh baill den dá pháirtí Rialtais lena bpáirtithe féin tháinig naonúr eile anonn go dtí na Binsí Neamphspleácha gan aon dochar a dhéanamh don Rialtas.

Ní bhaineann siad uilig leis an eite chéanna nó an fhealsúnacht chéanna. Fágann an éagsúlacht atá sa ghrúpa agus an oiread acu atá ann go bhfuil siad gann ar am díospóireachta agus i bhfad ó chroílár na cumhachta agus sin faoi ndear comhghuaillíochtaí nó páirtithe a bheith ag teacht chun tosaigh.

Táthar ag réiteach don chéad Dáil eile ionas go mbreathnófar orthu mar ghrúpa comhtháite a bhféadfadh Rialtas brath orthu mar pháirtnéirí muna mbíonn móramh acu nó, ar a laghad, go mbeadh dóthain acu ann go mbeadh cearta labhartha acu féin seachas mar chuid de mhórghrúpa.

Tá na grúpaí nua seo ar fad ar aon fhocal go bhfuil gá le hathrú sa chóras polaitíochta agus is cosúil gurb é an fhuip nó an córas aoireachta sa phairlimint an ní is mó a ghoilleann orthu. Ag labhairt dó an Satharn seo caite dúirt Shane Ross nach mbeadh fuip i gceist sa chomhghuaillíocht nua. Ach dá mbeadh an grúpa ag tacú le páirtí nó páirtithe i Rialtas nach mbeadh aon cheist faoi vótáil in aghaidh an Rialtais ar cheisteanna buiséid nó i vótaí muiníne.

Leathfhuip más ea ach muna bhfuil aoire acu cé a chuirfeadh i bhfeidhm é? Aon uair go raibh socrú idir Rialtas agus neamhspleáchaithe go dtí seo bhí ról lárnach ag príomhaoire an Rialtais sa chaidreamh agus é mar dhualgas air iad a choinneáil sásta. Cé leis a mbeadh sé ag déileáil muna mbíonn aoire ag an ngrúpa?

Is í Lucinda Creighton an ceannaire ar Renua ach cé a bheidh i gceist leis na neamhspleáchaithe nua-aontaithe?

Meastar Shane Ross a bheith ar an eite dheis, Finian Mc Grath agus John Halligan ar an eite chlé, Michael Fitmaurice agus Tom Fleming b’fhéidir idir eatarthu.

An bhféadfadh rialtas ar bith a bheadh ag brath ar a dtacaíocht a bheith muiníneach go mairfeadh aontas de dhream chomh hilghnéitheach?

De réir na pobalbhreithe is déanaí, 2 faoin gcéad an tacaíocht atá ag Renua, an méid céanna leis an gComhaontas Glas agus tá beagán de thitim ar thacaíocht na neamspleáchaithe. Tá Renua ag díriú ar 40 toghlach agus, idir iad féin agus an Grúpa Neamhspleách, táthar ag súil le 20 suíochán, deirtear.

I bhfianaise an fheabhais atá ar chúrsaí eacnamaíochta agus an fheabhais ar thacaíocht an Rialtais is dócha go mairfidh an Rialtas seo a théarma iomlán.

Ach níor mhór dóibh a bheith cúramach óir tá na grúpaí nuasheolta sa tóir orthu.