RnaG le 40 bliain i mbun craoltóireachta a cheiliúradh

CUIRFIDH RTÉ Raidió na Gaeltachta (RnaG) tús le himeachtaí ceiliúrtha ar an tseachtain seo chugainn agus 40 bliain slánaithe …

CUIRFIDH RTÉ Raidió na Gaeltachta (RnaG) tús le himeachtaí ceiliúrtha ar an tseachtain seo chugainn agus 40 bliain slánaithe ag an stáisiún.

Dúirt leascheannaire RnaG, Rónán Mac Con Iomaire, go raibh lucht an stáisiúin “thar a bheith sásta” leis an bhuaicphointe seo a bhaint amach. Bhí siad bródúil as a raibh déanta agus ag súil leis an am a bhí le teacht.

Ba mar sheirbhís do phobal na Gaeltachta agus mar chuid de Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta a tháinig an stáisiún ar an aer an chéad lá riamh. De réir a chéile a tháinig forbairt ar an ról sin agus an stáisiún ag iarraidh freastal a dhéanamh ar lucht na Gaeilge ar bhonn náisiúnta.

Bíodh is go raibh athrú ar dhaonra na Gaeltachta ó thosaigh an stáisiún a chraoladh, bhí lucht éisteachta dílis acu sa Ghaeltacht go fóill agus borradh faoin lucht éisteachta taobh amuigh di.

READ MORE

Dúirt Mac Con Iomaire nárbh fhéidir leis an stáisiún “neamhiontas a dhéanamh den déimeagrafach sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di” ach ní raibh an titim “chomh tubaisteach sin”.

Dúirt sé gur éist 30,000 duine leis an stáisiún ar RTÉ Radio Player le linn mhí Feabhra. Bhí 37.6 faoin gcéad acu sin in Éirinn; 27.9 faoin gcéad acu sa Bhreatain; 12.5 faoin gcéad sna Stáit Aontaithe agus 22 faoin gcéad i dtíortha eile. Bhí sé “spéisiúil” gur “thar lear a bhí 62.4 faoin gcéad den lucht éisteachta a d’úsáid an Player,” a dúirt Mac Con Iomaire.

Ní raibh drogall ar an stáisiún úsáid a bhaint as nuatheicneolaíocht lena chás a chur chun cinn. D’amharc 20,000 duine ar shuíomh Idirlín an stáisiúin le linn mhí Feabhra agus bhí ardú 151 faoin gcéad ar líon na ndaoine a rinne cairdeas leis an stáisiún ar Facebook ó bhí an Nollaig ann, a dúirt sé.

Bhí trí mhargadh mhóra ag an stáisiún: pobal na Gaeltachta; lucht na Gaeilge taobh amuigh di agus pobal idirnáisiúnta na teanga. Bhí an stáisiún ag iarraidh go mbeadh “glórtha éagsúla” le cluinstin, go mbeadh “cluas le talamh” ag RnaG i gcónaí agus go mbeadh “léamh Gaelach” ar imeachtaí beaga agus móra an tsaoil.

Mheas sé go raibh ag éirí leo na spriocanna sin a bhaint amach, bíodh is gur doiligh tomhas staitisticiúil a aimsiú. Rinneadh an suirbhé deireanach MRBI ar éisteoirí sa bhliain 2009 ach shíl sé go raibh an nasc idir na craoltóirí agus an lucht éisteachta “láidir” go fóill.

Ghlac sé féin páirt i gclár le deireanas agus fuair siad 600 téacs mar fhreagra ar thomhas. “Bealach garbh” a bhí ann le cúrsaí a mheas ach níor bheag an rud é 600 téacs a fháil do chlár ar bith.

Thuig RnaG go raibh dúshláin rompu. Chuige sin, bhí straitéis trí bliana á hullmhú acu agus rún acu tuairimí phobal na Gaeltachta agus lucht na Gaeilge a lorg mar chuid den phróiseas sin. Ba é a rún cúrsaí nuachta, spóirt, cainte agus ceoil de chaighdeán ard a choinneáil os comhair an phobail.

Dúirt Breandán Delap, iriseoir le Nuacht TG4 agus saineolaí ar chúrsaí cumarsáide, go raibh “neart le ceiliúradh ag Raidió na Gaeltachta. Is glór sainiúil i gcraoltóireacht na hÉireann é a thug guth do phobal a bheadh bodhar dá uireasa. Is é an raidió a leag an múnla do thuairisceoireacht réigiúnda i bhfad sular bunaíodh stáisiúin raidió áitiúla ar fud na tíre”.

Chuir siad cartlann shaibhir le chéile a thug léargas maith ar stair na Gaeltachta, béaloideas, ceol agus amhránaíocht agus “bíonn scoth na Gaeilge le cluinstean uirthi ó mhaidin go faoithin,” a dúirt sé.

Mar sin féin, shíl sé go mbeadh “neart dúshlán le sárú sna blianta beaga amach romhainn más mian leis a áit mar chuid lárnach de shaol na Gaeltachta a chaomhnú. Caithfidh RnaG a chinntiú go mbeidh an ghlúin úr atá ag fás aníos sa Ghaeltacht san am i láthair ag éisteacht leo. Dúshlán nach beag é seo i bhfianaise na mbealaí úra cumarsáide uilig atá in iomaíocht leis”.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times