Reifrinn agus scadáin dhearga

Tá pobal de phobail ár bpobal ag iarraidh aitheantais


Beifear ag triall chun na mbothanna vótála arís arú amárach. Ceann de bhuanna móra an chórais pholaitiúil againn is ea minicíocht agus iomad na reifreann a leagtar chugainn. De sin, plé leanúnach i measc an phobail ar ghnéithe den saol a d’fhágfaí de ghnáth ag na polaiteoirí gairmiúla a mbíonn oiread den neamhspleáchas machnaimh iontu agus a bhíonn ag tráta rua.

Ní foláir nó tá againn ceann de na pobail is eolgaisí ar domhan timpeall ar ghnóthaí bunreachtúla agus a leanann iad d’ábhair shóisialta.

In ainneoin gur lú an díospóireacht timpeall ar cheist na hUachtaránachta ná go leor eile, d’fhéadfadh a thábhacht féin a bheith leis.

Níl aon amhras ormsa ná go bhféadfadh ógánach neamhulchach a bheith ina cheannaire, mar atá i dtíortha éagsúla faoi láthair agus mar a bhí riamh. B’fhéidir gurb é Kim Youngwan na Cóiré ó Thuaidh an sampla is fearr ar chlár na cruinne anois, agus is léir go bhfuil an pobal ansin thar a bheith sásta leis.

READ MORE

Níl cuma na ceannairce in áit ar bith, pé in Pyongyang de, tá na nuachtáin go léir ar a shon, agus nuair a fuair a athair bás bhí na gártha goil leis na milliúin ar na sráideanna. Cuimhnigh nach raibh ach i lár a chuid 20í nuair a chuaigh i gceannas.

Go deimhin, mo thuairim mheáite féin go bhfuil aois sin na bliana is fiche i bhfad ró-chríonna don ghnó.

Féach leat Tutankhamún na hÉigipte nach raibh ach 9 mbliana d’aois nuair a shuigh sé ar an bhFaróchathaoir. Is fíor nár mhair sé an oiread sin de bhlianta i mbun an chúraim, ach ar a laghad tá a chorp chomh neamhlofa inniu is a bhí an lá ar cailleadh é, agus ní foláir nó bhí naofacht éigin ag baint leis mar sin.

Fearr fós, Máire Banríon na hAlban nach raibh an tseachtain féin ar an saol nuair a cuireadh an choróin ar a cloigeann. B’in é an cloigeann céanna a dhealaigh lena colainn tar éis trí bhuille den tua 44 de bhlianta ina dhiaidh sin, rud a léirigh ní hea amháin go raibh muineál ramhar aici, ach go bhfuil an naíondacht beagán ró-óg le dul i gcumhacht, pé ní mar gheall ar bhliain is fiche.

Ó, agus sea, tá an reifreann eile ann chomh maith!

Mar liom féin de, is breá liom áiteamh agus argóint agus allagar, ach d’imigh plé na ceiste seo sa mhuileann orm ar fad. I dtosach chuaigh me chun an tarraiceáin leis an siosúr a fháil d’fhonn gearradh trí go leor de na snáithíní a bhí ag fás chomh tiubh le guairí ar scuaib. Ina dhiaidh sin, áfach, b’éigean dom an corrán a lorg chun na raingléise a bhí ag leathnú a bhaint.

Tar éis míosa de sin, b’í an speal an buachaill óir bhí an mothar díospóireachta éirithe chomh neamhsholasmhar sin.

Le seachtain anuas, áfach, b’é an lomaire leictreach an t-aon uirlis amháin a rachadh i bhfeidhm beag nó mór nó idir eatarthu féin ar an dufair de dhriseacha agus ar an tranglam tréicleach a bhí dom thachtadh.

Is ea, is athrú mór é seo atá á mholadh, athrú ar an bpósadh dlithiúil. Muran athrú é, níl gátar le reifreann.

Ach staid is ea an pósadh a bhaineann le daoine sa chéad áit, seachas le haon institiúid taobh amuigh díobh féin.

Phós daoine riamh gan bheann ar stát nó ar shéipéal, ar etat nó ar eaglais, ar thír nó ar theampall. Agus is mó sin cineál pósta a chleachtaigh an duine: pósadh sibhialta, posadh eaglaise, pósadh idirchreidmheach, ilphósadh ban, ilphósadh fear, pósadh cleamhnais, grúpaphósadh, pósadh aontíos gan trumpa…Go deimhin, bhí daoine aeracha pósta riamh ach níor tugadh sin air.

San allagar le déanaí ní hamháin go raibh na scadáin dhearga á scaipeadh go tiubh, bhí na heilifintí sa tseomra ag gnúsachtach, na muca ciúine ag eitilt go hard, na sceilpíní gabhair scaoilte fiain, na cait mhara ag snámh in aghaidh easa, na feascarlucha amuigh ar maidin, na broca béasacha ag tochailt faoi, na spideoga ag breith ar a n-eireabaill agus madraí an bhaile ag amhastraigh go balbh.

Dá bpasáilfí an reifreann seo, bheadh/ní bheadh go maith don eacnamaíocht, bheimis inár gceap magaidh/inár gceap gairdeachais, chuirfí isteach/ní chuirfí isteach ar mháthairionadaíocht/ar uchtáil leanaí.

Ar leith amháin an parrthas nua liobrálach oscailte comhionann, agus ar an leith eile pictiúir den aimsir fháistineach amach as na leabhair apacailipteacha.

Scéal liom daoibh! Páirt ná pioc ná puinn de bhaint níl acu seo leis an scéal. Tá simplí go héag. Tá pobal de phobail ár bpobal go poiblí ag iarraidh aitheantais atá ag cách a chéile eile.

Ní chuirfidh an t-aitheantas san isteach ná amach giob ná gíocs ar dhuine ar bith eile.

Ní sia gob na gé ná gob an ghandail. Ceart dom, ceart duit.

Sin uile.