Reachlainn – clochán Shruth na Maoile

Seal beag ar oileán mara ó thuaidh


Bhí dúil mhór agam le fada cuairt a thabhairt ar Reachlainn. Tarraingt éigin speisialta aici dar liom – an t-aon oileán cónaithe ar chósta Thuaisceart Éireann, nasc láidir le hAlbain agus cáil uirthi de bharr a muiraillte agus a héanlaithe.

Thaistil mé ar an Rathlin Express, turas báid 40 nóiméad. Cé go raibh sé ag cur báistí le linn an turais, scaip sí nuair a shroicheamar ceann scríbe i gCuan na hEaglaise agus níor chuir sí isteach orm arís le linn mo thréimhse ar an oileán.

Thart ar an gcalafort beag a fhaightear príomhárais an oileáin: séipéal; caife; siopa; stiúideo ealaíontóra; an Manor House; roinnt tithe cónaithe (cuid acu ar cíos); iarsmalann bheag agus teach tábhairne Mhic Cuaig. Seo an t-aon teach tábhairne i Reachlainn agus is ann a fuair mé béile te gach oíche. D’fhan mé i dteach ósta breá agus bhí radharc aoibhinn agam ar an gcuan agus mé ag ithe mo bhricfeasta blasta Ultach sa seomra suite ar an gcéad urlár gach maidin.

Thug mé faoi thrí shiúlóid go príomha – ag díriú ar na trí theach solais faoi seach. An chéad oíche, thugas aghaidh ar an ród i dtreo Theach Solais an Oirthir, gar go leor don suíomh inar chaith Roibert a Briuis geimhreadh ar deoraíocht tráth dá raibh.

READ MORE

Seo an láithreán, de réir na bhfinscéalta, inar thug eiseamláir an damhán alla, agus é ag sníomh a líontáin, spreagadh dó a bheith foighneach agus an fód a sheasamh agus é ag iarraidh a choróin a athghabháil.

Ar an dara lá, shiúil mé go Teach Solais an Deiscirt, sléibhte chontae Aontroma thuaidh os mo chomhair. In aice láimhe, bhí idir rónta glasa agus rónta beaga ag spraoi san fharraige nó ag sú na gréine ar charraigeacha.

Mar fhear ó dheisceart na hÉireann, chuir gaire mhórthír na hAlban gliondar orm fad a bhí mé i Reachlainn – ar a dtugtar “Reachra/Raghery” in Albain. Dúirt bean an tí liom go rachadh sise agus a fear céile anall go hOileán Ìle ina mbád go minic le haghaidh lóin!

Nuair a thug mé cuairt ar Theach Solais an Iarthair ar an tríú lá, bhí mé in ann sléibhte Ìle a fheiceáil. Ag láthair amhairc Ionad na nÉanlaithe ansin, d’fhéach mé tríd an bpéire déshúileach agus chonaic puifíní, fulmairí agus foracha dubha ar na carraigeacha agus ar na haillte – náisiún éanlaithe leagtha amach ar leibhéil éagsúla mar a bheadh na deiceanna ar línéar farraige móire.

An lá deireanach, thug mé faoi mhuiraillte shiúlán Rubha na bhFaoileann i ndeisceart an oileáin: Maol Ceann Tíre ar thaobh amháin agam agus Aontroim ar an taobh eile.

Nuair a bhí an teanga fós láidir i Reachlainn, bhí blas láidir de Ghàidhlig na hAlban ar Ghaeilge na háite, go háirithe de thoradh slua ó na Garbhchríocha a chuir fúthu i gCeann Caol an oileáin (go príomha) i ndiaidh Chath Cúil Odáin i 1745.

Rinneadh iarrachtaí láidre an teanga a fhorbairt le linn ré na hathbheochana Ceiltí agus ghlac slua oileánach páirt i bhFeis na nGleann i 1904. Thaistil siad go cé na Bá Deirge ar chósta Aontroma ar bhád (a chairtfhostaigh Ruairí Mac Easmainn agus Francis J. Bigger) agus mháirseáil go Gleann Aireamh. Bhí 19 ar an oileán fós in ann an Ghaeilge a labhairt nuair a thug an scoláire Nils Holmer cuairt i 1937. Ní mhaireann sí anois ach sna logainmneacha, cé go bhfuil iarrachtaí déanta í a chur chun cinn athuair. Tháinig mé ar eastát tithíochta nuathógtha, darbh ainm “Gort Beag” agus chonaic mé “siopa” scríofa ar chomhartha freisin.

Tá dhá shéipéal ar Reachlainn, séipéal San Tomás (Protastúnach) go feiceálach i gCuan na hEaglaise, agus séipéal Caitliceach, Muire Gan Smál, beagán i bhfolach thuas ar cnocán taobh thiar dó.

Is Caitlicigh iad formhór mór na n-oileánach anois, ach nuair a théann Críostaí ar bith ar shlí na bhfírinne, is san aon reilig chomónta amháin, reilig San Tomás, a adhlactar iad.

Is ann a chonaic mé uaigh Kevin Black, ceoltóir agus athair na n-amhránaithe cáiliúla Mary agus Frances Black.

Is cuimhin liom línte ó amhrán leis an Albanach Dougie McClean – amhrán a ndearna Mary a leagán féin de – “on Raghery they have worked with their island dreams”. “Raghery” atá sa leagan a chanann Mary, logainm Albanach Lough Etive (Loch Eite) i leaganacha eile, is cosúil.

Seal beag ar oileán mara ó thuaidh. Nuair a chuaigh mé ar bord an bhád farantóireachta ar mo shlí abhaile, thosaigh an bháisteach ag titim athuair.

Ach is mé a bhí lán sásta …