Raidió Rosenstock

IS FADA aithne ag léitheoirí an nuachtáin seo ar shaothar Gabriel Rosenstock mar údar aistí, aistritheoir agus file.

IS FADA aithne ag léitheoirí an nuachtáin seo ar shaothar Gabriel Rosenstock mar údar aistí, aistritheoir agus file.

Ach is mar dhrámadóir raidió a bheidh Rosenstock le cluinstin ar ball. Tá sraith ceithre dhráma dá chuid – Sruth Ama – le craoladh ar Raidió na Life (106.4FM) seachtain ón Aoine ag 6.30pm. (Beidh deis ag éisteoirí nach féidir leo an stáisiún a aimsiú na drámaí a íoslódáil fosta.)

Baineann na drámaí leis an nuachtán ficseanúil, Amanathar. Scríobh Rosenstock dráma raidió ar an nuachtán céanna thiar sa bhliain 1989 ach d’iarr a mhac, Tristan, air cur leis an téama agus as sin a thagann na drámaí nua.

Dúirt Rosenstock gur tharraing sé as a thaithí féin leis an “dá bhliain eachtrúla” a chaith sé ag obair ar an nuachtán seachtainiúil, Anois, mar bhuninspioráid don saothar an chéad lá riamh.

READ MORE

Sheas an taithí sin dó agus é ag cur leis an tsraith. Déanann sé cur síos ar na dúshláin a bhaineann le nuachtán Gaeilge a chur ar fáil agus tá “grá agus gruaim” san insint, a dúirt sé.

Is é dóchas Gabriel go mbeadh “rud éigin i ndán don dráma raidió i nGaeilge. Bhí an t-ádh liom go rabhas páirteach go minic, mar scríbhneoir agus mar aisteoir, i ré órga an dráma raidió in RTÉ – cá bhfuil an sneachta a bhí chomh geal anuraidh?

“Cruthaíonn fiontar seo Raidió na Life nach fíor go bhfuil an dráma raidió i ndeireadh na feide. Cá bhfios ná go bhfuil ré nua i ndán dó?”

Ní amháin gur scríobh Gabriel Rosenstock na drámaí ach glacann sé páirt iontu agus is é Tristan Rosenstock léiritheoir na sraithe.

Marcus Lamb, Doireann Ní Chorragáin, Aodh Ó Domhnaill agus Damhnait Ní Thuama cuid de na haisteoirí eile a bheidh le cluinstin ann.