Raidio Fomhair

Sheol Raidió na Gaeltachta a sceideal Fómhair i gCasla, Co na Gaillimhe, inné agus beidh sé i bhfeidhm ón Luan seo chugainn…

Sheol Raidió na Gaeltachta a sceideal Fómhair i gCasla, Co na Gaillimhe, inné agus beidh sé i bhfeidhm ón Luan seo chugainn.

Dúirt ceannaire an stáisiúin, Tomás Mac Con Iomaire: "Idir nuacht agus cúrsaí reatha, drámaíocht, cláracha faisnéise, cláracha nua ceoil agus siamsaíochta, cúrsaí spóirt agus óige, ní bréag a rá go bhfuil sceideal úr an Fhómhair seo ar an gceann is cuimsithí ó bunaíodh an tseirbhís i 1972."

Is de thoradh ar ardú maoinithe a bhí RnaG ábalta forbairt a dhéanamh ar an sceideal, a dúirt sé.

Ó thaobh na hóige de, tá siad ag iarraidh daoine óga a mhealladh le clár nua, Spórtiris na nÓg (Dé hAoine, 6.30 p.m.) le peileadóir de chuid Chiarraí, Dara Ó Cinnéide. Tráth na gCeist agus Siamsa Scoile an dá chlár eile a bheidh dírithe ar dhaoine óga.

READ MORE

Tá RnaG ag tabhairt faoin díth drámaíochta agus sraith nua drámaí á coimisiniú ó scríbhneoirí comhaimseartha, ina measc, Joe Steve Ó Neachtain, Cathal Ó Searcaigh agus Liam Ó Muirthile (Dé Sathairn, 8 p.m.).

Tá forbairt le déanamh ar chláir fhaisnéise agus díreofar ar ábhair éagsúla - leithéidí an ghrúpa ceoil, Clannad, mar shampla. Is é an stáisiún Raidió na Life i mBaile Átha Cliath a bheidh faoi chaibidil sa chéad chlár (Dé Máirt, 8.30 p.m.).

Leanfaidh an stáisiún le cláir sheanbhunaithe - Adhmhaidin, Cúrsaí an Lae, srl - ach beidh roghanna eile ann agus súil ag an éisteoir nach dtagann siad salach ar a chéile. Mar shampla, beidh Áine Ní Churráin i mbun Barrscéalta as Dún na nGall ar maidin agus Frances Nic Géidigh ar lorg Cuideachta sa chontae céanna tráthnóna (Luan go Déardaoin, 3.02 p.m.).

An gcuirfidh na cláir nua borradh eile faoin stáisiún? Beidh le cluinstin.