Plean teanga

Tá clár píolótach pleanála teanga, Ar Leac an Teallaigh go Barr a' Bhaile , le reáchtáil ag an togra oideachais Ghaeltachta, …

Tá clár píolótach pleanála teanga, Ar Leac an Teallaigh go Barr a' Bhaile, le reáchtáil ag an togra oideachais Ghaeltachta, Muintearas, i gConamara.

Dúirt príomhfheidhmeannach Mhuintearas, Seán Ó Coistealbha, go raibh sé thar a bheith sásta leis an mhaoiniú a bhí an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i ndiaidh a cheadú leis an scéim a chur i gcrích. Cuirfidh siad €207,000 ar fáil thar tréimhse trí bliana.

Dúirt sé, ámh, go gcuirfeadh sé barr feabhais ar chúrsaí "dá ndúiseodh" an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus dea-shampla Roinn na Gaeltachta a leanstan.

Bhí Muintearas ag fanacht le bliain go leith le post mar chomhordaitheoir oideachais a athlíonadh. Bhí an t-am ag an Roinn Oideachais gníomhú agus duine a cheapadh, a dúirt sé.

READ MORE

Idir an dá linn, bhí rún ag Muintearas tógáil ar chuid den obair bhunúsach a rinne siad sna 1980í leis an scéim, Ar Leac an Teallaigh, clár a bhí dírithe go sonraíoch ar thuismitheoirí a raibh páistí óga réamhscoile acu.

Dúirt Ó Coistealbha go raibh réimse an chláir nua ní ba leithne agus go raibh an obair bunaithe ar "bhealaí agus modhanna nuálacha". Bhí béim ar rudaí bheith praiticiúil seachas róbhéim ar chúrsaí acadúla.

Mar thús, bhí sprioctheaghlaigh aimsithe acu, teaghlaigh a raibh Gaeilge acu agus cuid nach raibh. Thabharfadh áisitheoir teanga cuairt orthu sin le cuidiú leo agus lena gcuid páistí an teanga a shealbhú.

Lena chois sin, bhí rún ag Muintearas réimse gníomhaíochtaí eile a chur ar siúl: ceardlanna; léachtaí; teacht le chéile; imeachtaí cultúrtha/ealaíne; dianchúrsaí; seirbhísí comhairleacha; grúpaí páistí/tuismitheoirí agus seirbhísí cúram iarscoile.

Rinne an colún seo teagmháil le Roinn an Oideachais agus Eolaíochta faoi ráiteas Uí Choistealbha nach raibh siad ag gníomhú le post mar chomhordaitheoir oideachais a líonadh. Agus muid ag dul i gcló, dúirt urlabhraí go raibh an Roinn ag fiosrú an scéil faoi láthair. Cuirfidh muid a bhfreagra i gcló ar an tseachtain seo chugainn ach é a fháil.