‘Plean cuimsitheach’ teanga á bheartú do Chathair na Gaillimhe

D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne T.D., go raibh rún ag a Roinn “plean cuimsitheach teanga” a ullmhú agus a fheidhmiú do Chathair na Gaillimhe. Dúirt Kyne gurbh “í Cathair na Gaillimhe an chéad agus an t-aon chathair le bheith páirteach sa phróiseas pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012. Faoin bpróiseas seo ullmhófar agus cuirfear i bhfeidhm plean cuimsitheach teanga don chathair a thógfar ar an obair fhónta atá ar bun le blianta ag eagraíochtaí éagsúla.

Ghinfeadh an plean “tairbhe bhreise don Ghaeilge mar a bhaineann sé le saol cultúrtha agus gnó na cathrach,” a dúirt sé.

Éigse na Brídeoige

Beidh Éigse na Brídeoige ar súil in Uíbh Ráthach, Co Chiarraí, idir an Aoine 3ú agus an Domhnach 5ú Feabhra i mbliana.

Beidh ceathrar ealaíontóirí – Louis Mulcahy, Lisbeth Mulcahy, Ríonach Ní Néill agus Áine Uí Cheallaigh – ag tabhairt léargais ar a saol oibre agus tábhacht an dátheangachais dóibh.

READ MORE

Lena chois sin, beidh Adrian Cain, oifigeach oidhreachta ó Oileán Mhanann, i measc an phainéil cainteoirí a bheidh ag plé todhchaí na teanga.

Tá tuiscint ar leith aige ar na cúinsí a bhaineann le hathbheochan teanga. Fuair an cainteoir dúchais deireanach bás ar Oileán Mhanann i 1974 ach tháinig borradh faoin ghluaiseacht teanga ó shin.

Eolas: fdebuis@eircom.net