Os comhair coiste

TUARASCÁIL : RACHAIDH AN Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, os comhair an Chomhchoiste Oireachtais um Imscrúduithe, Formhaoirsiú…

TUARASCÁIL: RACHAIDH AN Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, os comhair an Chomhchoiste Oireachtais um Imscrúduithe, Formhaoirsiú agus Achainíocha tráthnóna inniu chun plé a dhéanamh ar a thuarascáil bhliantúil, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Tá cuireadh tugtha don choimisinéir plé a dhéanamh chomh maith ar thuarascálacha speisialta dá chuid a leagadh faoi Thithe an Oireachtais.

Baineann na tuarascálacha seo le himscrúdaithe a rinne an coimisinéir ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Ard-Mhúsaem na hÉireann agus an Roinn Coimirce Sóisialta.

Tuigtear don cholún seo go n-iarrfar freisin ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta teacht os comhair an chomhchoiste in am trátha chun ceisteanna a fhreagairt mar gheall ar staid chóras na scéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

READ MORE

Dúirt an coimisinéir an tseachtain seo caite go raibh “teipthe tríd is tríd ar chóras daingnithe na scéimeanna teanga,” córas atá mar chroílár na reachtaíochta teanga.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times