Or san fhiliocht

Tá ór san fhilíocht! Tá duaischiste sa bhreis ar €7,000 le caitheamh ag Féile Filíochta Idirnáisiúnta Bhéal Átha na mBuillí, …

Tá ór san fhilíocht! Tá duaischiste sa bhreis ar €7,000 le caitheamh ag Féile Filíochta Idirnáisiúnta Bhéal Átha na mBuillí, Co Ros Comáin, ar dhánta Gaeilge.

Tabharfaidh siad €4,000 ar dhán sa chéad áit, €2,000 ar dhán sa dara háit agus €1,000 ar dhán sa tríú háit sa chomórtas.

Is é an file Rody Gorman a bhfuil cnuasaigh foilsithe aige i nGaeilge, i nGàidhlig agus i mBéarla a bheidh ina mholtóir. Caithfidh na hiarratais bheith istigh faoin 16ú Feabhra, 2005.

Gearrliosta de sheisear a bheidh ann agus beidh siad i láthair don fhéile ag deireadh mhí Aibreáin, tráth a fhógrófar na duaiseanna. Eolas: 066-9474123 nó wwww.strokestownpoetryprize.com