Oisin na pleanala

Beidh Oisín, geamaireacht an Phléaráca, ar siúl i Rath Cairn, Co na Mí, oíche Aoine ag 8.30 p.m

Beidh Oisín, geamaireacht an Phléaráca, ar siúl i Rath Cairn, Co na Mí, oíche Aoine ag 8.30 p.m. agus sa New Theatre, 43 Sráid Essex Thoir, Barr an Teampaill, Baile Átha Cliath, oíche Shathairn ag 8.30 p.m.

Tá Oisín ar ais in Éirinn ar lorg na bhFiann i gConamara an lae inniu. Ar an drochuair, is mó spéis Fhinn agus a lucht leanúna i gcúrsaí pleanála, uisce agus séarachais ná i seilg agus spraoi faoi shléibhte Éireann.

Ar na haisteoirí a bheidh páirteach, beidh Linda Bhreathnach (Róise as Ros na Rún) i bpáirt Niamh Chinn Óir, Brian Ó Mainnín ina Oisín aon oíche agus Tomás Ó Mainnín ina Fhionn. Bearthla Ó Flatharta atá á stiúradh agus is iad Seán Leainde, Jackie Mac Donnacha agus Seán Ó Loideáin a scríobh an script.