Oícheanta binne

Beidh dhá oíche mhóra i gclub an Bhéil Bhinn, Bré, Co Chill Mhantáin go luath

Beidh dhá oíche mhóra i gclub an Bhéil Bhinn, Bré, Co Chill Mhantáin go luath. Beidh Seán Ó Gráinne, fear cumtha amhrán úr, ar cuairt san oíche amárach.

Tá níos mó ná 15 amhrán nuachumtha scríofa ag Ó Gráinne agus mórán duaiseanna Oireachtais bainte aige astu. Seo seans annamh ag daoine éisteacht leis i mbun ceoil.

Agus beidh buaiteoir Chorn Uí Riada na bliana seo, Micheál Ó Confhaola as Conamara, i mbun amhrán seachtain ón lá amárach; beidh an corn féin ina chuideachta. Beidh láithreoir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta, Máirtín Tom Sheáinín, i láthair leis an ócáid a thaifeadadh.

Eolas:085-7823411 nó anbealbinn@gmail.com