Obair dheonach san Afraic; ag forbairt scileanna an phobail

Ní duine mé a raibh suim agam in obair dheonach. Is múinteoir mé, bhí mé breá sásta sa bhaile ag teagasc i nGaelscoil agus ag caitheamh an tsamhraidh sa Ghaeltacht.

Ach chaith mé cúpla seachtain ag taisteal thart faoin Áise. I ndiaidh dom teacht ar ais d’éirigh mé dubh doite leis an fhearthainn agus leis an fhuacht. Shocraigh mé imeacht.

Is cinnte go raibh mé ag iarraidh triail a bhaint as saol iomlán difriúil ach bhí sé ar intinn agam feabhas a chur ar mo CV fosta.

Tháinig mé ar VSO. Ní amháin go raibh mé ábalta imeacht agus triail a bhaint as saol nua ach bhí siad sásta cuidiú liom agus tacaíocht a thabhairt dom roimh ré, i rith an ama agus i ndiaidh dom teacht ar ais.

READ MORE

Faoi láthair tá mé i mo chónaí agus ag obair i Ruanda. Tá an córas oideachais go hiomlán difriúil anseo agus is cinnte go bhfuil na múinteoirí bunscoile ag streachailt.

Ní amháin nár fhreastail siad ar an ollscoil ach tá múinteoirí ann nach bhfuair traenáil ar mhúinteoireacht ar bith.

Lena chois sin, tá neart fadhbanna acu sna seomraí ranga. Bíonn na seomraí ranga anseo lán le scoláirí agus idir 40 agus 60 i ngach aon rang.

Chomh maith leis sin, níl a fhios ag na múinteoirí an tábhacht atá le háis amhairc agus teagaisc. Tugaim tacaíocht agus traenáil do bheirt nó triúr múinteoirí in 10 scoil ar mhodheolaíocht don teagasc.

Bíonn siad ag cuidiú agus ag traenáil na múinteoirí eile ina scoil féin. Ciallaíonn sé seo nuair a imím go mbeidh múinteoirí ann a bheas ábalta leanúint ar aghaidh agus tacaíocht a chur ar fáil ina scoil féin.

Ní amháin go bhfuil mé ag cuidiú sna scoileanna ach tá mé ag cuidiú le UNESCO fosta le polasaithe a chur le chéile ar fhorbairt ghairmiúil do mhúinteoirí.

Is breá liom mo shaol i Ruanda. Tá na múinteoirí go hiontach, bíonn siad iontach díograiseach agus is breá leo a bheith ag foghlaim straitéisí nua teagaisc uaim. Tá na daoine anseo galánta agus bhuail mé le cairde buana go cinnte.

Ach bíonn an saol dúshlánach anois agus arís. Níl uisce reatha agam agus níor thug mé faoi deara roimhe an méid uisce a bhíonn in úsáid agam gach lá.

Nuair atá ganntanas uisce ann bím i bponc. Ní féidir liom a bheith ag brath ar an leictreachas ach an oiread. Bíonn lándorchadas ann measartha minic.

Anois déanaim iarracht a chinntiú go mbíonn luchtú déanta ar mo ríomhaire glúine nuair atá an leictreachas ag imeacht.

Cé go mbím ag streachailt anois agus arís is fiú go mór an obair atá mé á dhéanamh.

Ní amháin go bhfuil sé ag cuidiú liom agus mo CV ach tá mé ag forbairt scileanna teagaisc múinteoirí eile agus ag déanamh cinnte go bhfuil deis níos fearr ag páistí anseo le hoideachas rannpháirteach a fháil.

Má tá tú ag smaoineamh ar obair dheonach molaim VSO go hard. Tá mé lán sásta gur shocraigh mé imeacht agus obair dheonach a dhéanamh leo.

BÉIBHINN NÍ MHUIRÍ