Oícheanta eolais ar siúl ag Foras na Gaeilge

Tá sraith d’oícheanta eolais eagraithe ag Foras na Gaeilge leis na scéimeanna maoinithe atá ar fáil a chur faoi bhráid an phobail.

Roinnfidh ionadaithe ó Fhoras na Gaeilge eolas faoi obair na heagraíochta agus a chuid scéimeanna maoinithe.

Dúirt ceannasaí an fhorais, Seán Ó Coinn, go raibh “ceantair áirithe aitheanta againn ó thuaidh agus ó dheas nach gcuireann iarratas isteach ar ár scéimeanna maoinithe go stairiúil. Tá súil againn dul i ndáil le pobail áitiúla trí na seisiúin seo agus feasacht a ardú faoi na deiseanna maoinithe atá ar fáil dóibh.”

Na hionaid agus dátaí: Dé Máirt, 7ú Feabhra, Ros Comáin, Hannon’s Hotel, 7.30pm; Dé Céadaoin, 8ú Feabhra, An Muileann gCearr, Áras an Mhuilinn, 8pm; Déardaoin, 9ú Feabhra, Cabhán, Cavan Crystal Hotel, 7.30pm; Dé Máirt, 14ú Feabhra, Tulach Mhór, The Bridge House Hotel, 7.30pm; Dé Céadaoin, 15ú Feabhra, Longfort, Longford Arms Hotel, 7.30pm; Déardaoin, 16ú Feabhra, Luimneach, Maldron Hotel, 7.30pm; Dé Máirt, 21ú Feabhra, Cill Chainnigh, Springhill Court Hotel, 7.30pm; Dé Céadaoin, 22ú Feabhra, Bré, Royal Hotel, 7.30pm; Déardaoin, 23ú Feabhra, Dún Dealgan, Oriel Centre-Dundalk Gaol, 7.30pm; Dé Céadaoin, 1ú Márta, Port Laoise, Maldron Hotel, 7.30pm; Déardaoin, 2ú Márta, Inis Ceithleann, Enniskillen Hotel, 7.30pm.

READ MORE

eolas: 0 1-639 8400

nó cohargain@forasnagaeilge.ie