Ní mór R+D na teanga a fhorbairt láithreach

Coistí athbheochana teanga ag teastáil i ngach baile mór. Mianach na teanga scriosta ag na meáin

Coistí athbheochana teanga ag teastáil i ngach baile mór. Mianach na teanga scriosta ag na meáin. Neamhaird déanta di ar chlár na bpolaiteoirí agus sna soláthair buiséid. Leathchéad bliain idir gach eagrán nua d'fhoclóir náisiúnta.

Scéal na Gaeilge? Ní hea in aon chor, ach "le restauration du Francais" sa nuachtán Le Figaro le déanaí, in alt a spreag díospóireacht theasaí sa Fhrainc agus plé sna meáin idirnáisiúnta. An fhadhb: géarchéim thodhchaí na Fraincise.

Coimhlint idir nualaíocht mhíshlachtmhar na meán agus plúchadh coimeádach lucht léinn. Teanga á fuascailt nó teanga á scrios? Costas agus moill na foclóireachta.

An Fhraincis á díbirt as an bplé idirnáisiúnta agus méadú ar cheannas an Bhéarla. An réiteach: móriarracht náisiúnta ("un grand sursaut national"), mar aon le stocaireacht láidir i measc polaiteoirí, chun go mairfeadh an Fhraincis faoi réim!

READ MORE

Mar sin, a bheag nó a mhór, do gach teanga ar domhan inniu in aghaidh réimeas cultúrtha an Bhéarla. Seo léargas nua dúinn ar staid fhírinneach na Gaeilge freisin, agus a phráinní atá sé clár réadúil taighde agus forbartha (R+D) a bhreacadh di, a thabharfaidh slán í tamall eile féin.

Agus chéad lá breithe Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á cheiliúradh an tseachtain seo, is ríléir an t-easnamh in R+D na Gaeilge. Rinneadh éacht stairiúil le 100 bliain le cruthú agus le forbairt "samhail na hAthbheochana". Cruthaíodh "constráid na Gaeltachta" mar a thugann Caitríona Ó Torna air. Cuireadh clár uaillmhianach chun cinn trí theagasc fairsing na teanga sa chóras oideachais.

Leis na hairteagail chreidimh sin a oileadh sinn. Níl ceann ar bith díobh slán anois. Pé rath a bheidh ar an nGaeilge, ní athbheochan í sa chiall thuas, ná Gaeltacht mar a tuigeadh tráth ach oiread.

Ba chóir go dtráchtfadh R+D na Gaeilge ar na hathruithe seo. Cloíonn ranna Gaeilge in ollscoileanna le clár coimeádach léann na teanga, tríd is tríd, beag beann ar an saol amuigh, pé fad a mhairfidh tar éis athbhreithniú an OECD.

Tá Institiúid Teangeolaíochta Éireann i lámha an leachtaitheora, agus ón gcéad lá níor ghlac Foras na Gaeilge (ná an Bord roimhe) le cúram an R+D ba ghá mar bhonn le beartas poiblí i leith na Gaeilge. Dá bharr seo ar fad, ceiltear deiseanna maoinithe agus forbartha ar an nGaeilge.

Lenár linn féin d'imigh an t-éigeantas sna scrúduithe poiblí agus sa státseirbhís. Chúlaigh greim an Stáit ar chruthú polasaí teanga. Tharla sé seo i réimsí eile freisin ach níor fágadh iad gan R+D. Tharla nithe dearfacha leis a chuaigh chun leasa na Gaeilge. Chuir an tAontas Eorpach (AE), agus Comhaontú Aoine an Chéasta ina dhiaidh sin, bonn níos leithne faoin bplé.

Féachtar ar an nGaeilge anois mar mheán forásach, ealaíonta agus faiseanta, seachas mar léiriú ar mheon cúng, coimeádach, oileánda. Tháinig nuatheicneolaíochtaí agus TG4, agus deiseanna nua fiontraíochta.

Sa tuarascáil Treo 2000 (1997) moladh aonad R+D a bhunú mar bhonn le beartas poiblí Gaeilge. Moladh Acht Teanga freisin agus tháinig sé, ach cheal feidhmeanna R+D ní bheidh againn ach fuadar agus feelgood go ceann tamaill eile, dá mhéad coimisiúin agus coistí a bheidh ina suí go maidin ag cumadh gríosófars, mar a thugadh Ó hEithir orthu.

Sampla amháin den taighde riachtanach is ea cúlú litearthacht na Gaeilge, léamh agus scríobh na teanga. Faoi mar ba chóir, cuireadh béim ar an teanga labhartha san oideachas, ach is beag athnuachan a rinneadh ar an bpobal léitheoireachta.

Is beag scríbhneoir óg atá ag saothrú sa teanga. Níl margaí nua á gcruthú d'ábhar clóite. Tá cuid mhór leabhar á bhfoilsiú ach is beag ceann a bhaineann margadh amach mura gcuirtear ar chúrsa léinn é.

Léireodh R+D i réimse na foilsitheoireachta easpa comhordaithe sa bheartas poiblí. Tá trí fhoras Stáit ag plé le forbairt ábhar léitheoireachta do phobal na Gaeilge. Maoiníonn an Chomhairle Ealaíon litríocht, maoiníonn Foras na Gaeilge foilsiú irisí agus nuachtán, agus díolann siad na leabhair trí Áis. Maoiníonn Bord na Leabhar Gaeilge foilsiú na leabhar.

Dealraíonn sé, áfach, nach gnó aon duine é, taighde a dhéanamh ar mhargaí, scéimeanna léitheoireachta a reáchtáil, ná clubanna léitheoireachta a bhunú. Cé a phléann le leabharlanna nó le háisitheoirí ealaíon faoi bhealaí nua chun an pobal a spreagadh chun léamh i nGaeilge?

Léiríonn an sampla fánach seo an chaoi a gcoinníonn easpa R+D earnáil iomlán ar easpa comhordaithe agus ar easpa forbartha, is cuma cén díograis dheonach agus pinginí Stáit a chaithfear leis. Má tá rath i ndán do litríocht nó d'iriseoireacht scríofa i nGaeilge tá práinn le cothú nós na léitheoireachta, nó is gearr uainn an "ré iarliteartha" a bhí á thuar cheana ag lucht teilifíse.

Chun an comhordú agus an luach is fearr a fháil ar airgead Stáit, is gá feidhmeanna R+D na Gaeilge a riaradh ar leibhéal straitéiseach.

Chaithfí riachtanais taighde agus forbartha a aithint, agus clár réalaíoch tionscadal forbartha a bheartú i ngach réimse.

Dhéanfaí cuid mhór den taighde feidhmeach féin, agus na tionscnaimh forbartha, trí thairiscintí poiblí agus páirtnéireachtaí.

An fhoclóireacht mar shampla. Cheal polasaí Stáit bunaithe ar R+D, fágadh an fhoclóireacht dhátheangach (G/B agus B/G) blianta fada ar easpa leanúnachais. Cheal aonad foirne oilte ag plé leis go leanúnach, níor tharla athnuachan scileanna agus fágadh an pobal gan foclóirí cearta.

Tá tionscadal an New English Irish Dictionary ar bun anois, agus Céim a hAon de le bheith i gcrích an fómhar seo, faoi stiúir Lexicography Masterclass, Brighton.

Tá deis anois dreamanna in Éirinn agus san Eoraip a aimsiú leis na scileanna a bheidh ag teastáil do Chéim a Dó, bainistíocht tograí, scileanna ríomhaireachta agus saineolas teanga.

Dheimhneodh forbairt straitéiseach R+D go mbeadh dea-chleachtas agus caighdeáin idirnáisiúnta i gceist le hobair na teanga. Thiocfaí ar dheiseanna maoinithe agus forbartha le tionscadail nua chomhpháirteacha. Ba ghá leathnú amach thar theorainn Chiste na Gaeilge ag Rialtas na hÉireann, ná fiú na cistí beaga náisiúnta agus Eorpacha a chuirtear i leataobh do nithe sonracha teanga.

Baineann an Ghaeilge le mórán réimsí saoil. Tá cistí móra ar fáil faoi chláir an Aontais Eorpaigh don oiliúint agus don oideachas, agus d'fhorbairt shochaí faisnéise. Is féidir tionscadail a chur ar bun a nascann tosaíochtaí Eorpacha, tosaíochtaí R+D na Gaeilge, agus clár oibre institiúidí aonair i gcomhar le páirtnéirí thar lear. Sampla fánach amháin de seo is ea an clár nua iarchéime ag Fiontar DCU, an Teastas/Dioplóma/MA sa Chleachtas Dátheangach.

Is fada daoine ag cásamh faoin easpa acmhainní chun forbairt a dhéanamh ar na seirbhísí téarmaíochta Gaeilge don phobal. Tá tionscadal nua ar luach €1.5m á bhunú ag Fiontar i bpáirt le hOllscoil Lampeter chun bunachair téarmaíochta a fhorbairt don Ghaeilge agus don Bhreatnais.

Tá súil gan mhoill le glacadh foirmiúil an AE an tionscadal seo a mhaoiniú 2004-2007 as ciste "teicneolaíochta agus iompair" de chuid INTERREG, mar leathnóidh sé úsáid na nuatheicneolaíochta i measc saoránach an réigiúin ó aois scoile aníos, mar aon le sainréimsí an aistriúcháin agus an oideachais.

Tá an riachtanas céanna le R+D i ngach réimse den teanga. Tá ganntanas mór ann sna seirbhísí oiliúna Gaeilge don phobal, don Státchóras agus do réimsí ardleibhéil aistriúcháin agus eagarthóireachta. Is gá teagascóirí a oiliúint, agus córas deimhnithe a bhunú do chúrsaí teanga de réir na gcleachtas idirnáisiúnta.

Tá acmhainní teagaisc ag teastáil, don Ghaeilge féin agus do chúrsaí trí Ghaeilge. Tá foclóirí, corpais agus acmhainní leictreonacha le forbairt ar bhonn leanúnach.

Tá cláir fiontraíochta agus pobail don Ghaeilge le tionscnamh agus taighde sochtheangeolaíoch le déanamh. Agus cad faoin ollscolaíocht? Níl sruth maoinithe socraithe fós féin do chúrsaí ollscoile trí Ghaeilge, agus Fiontar breis is deich mbliana ar an bhfód.

Dá mbainfi leas éifeachtach cruthaitheach as na hacmhainní agus as na deiseanna atá ann, ba bheag sa bhreis a theastódh chun bonn a chur faoi R+D na Gaeilge.

Tá Caoilfhionn Nic Pháidín ar saoire shabóideach i mbliana óna post mar Stiúrthóir Fiontar, DCU. Chomhbhunaigh sí an comhlacht foilsitheoireachta Cois Life i 1995