Naomh Bríd agus an idirbheartaíocht

Tá saíocht sa seanfhocal; seachain an síneadh as cuimse


Anois teacht an Earraigh, beidh an brat ag dul “chun síneadh...” Ba é sin a tharla siar sa séú céad nuair a shín Naomh Bríd a brat, agus í féin, agus idirbheartaíocht ar siúl aici leis an rí.

Is i gceann dhá lá, ar an gcéad lá d’Fheabhra, nó Imbolc mar a thugadh na Ceiltigh air anallód, a dhéanfar comóradh ar bhás Naomh Bríd, éarlamh baineann na hÉireann.

Is é an chros luachra is mó a thagann chun cuimhne nuair a luaitear ainm Bhríde. Cros atá simplí agus casta in éineacht – an chearnóg ornáideach istigh sa lár, an luachra fite go dlúth daingean ann, i dtreo is go síneann na ceithre ghéag amach sna ceithre hairde agus dronuilinn déanta acu le chéile.

Conas is féidir saothar chomh healaíonta a dhéanamh as brobh luachra – fiaile gan mhaith nach dteastaíonn ó éinne agus a chránn feirmeoirí na tíre?

READ MORE

Más é an céasadh agus an fhulaingt is túisce a shamhlaítear leis an gcros, is í an áilleacht agus an intliúlacht a sheasann amach i gcás na croise luachra.

Tugtar aird ag an tráth seo bliana chomh maith ar chlóca nó brat Bhríde, an brat a bhí ina seilbh aici agus í ag tathaint ar rí Laighean paiste talún a thabhairt di mar shuíomh don chlochar a theastaigh uaithi a thógáil.

Ní raibh ann ach gnáthbhall éadaigh chun cosaint a thabhairt ón bhfuacht, ach is sa seal margaíochta le rí Laighean, a thaispeánann Bríd an fíorluach a bhain leis an mbrat céanna.

Baineann codarsnacht go dlúth leis an eachtra seo – údarás agus maoin an rí ar thaobh amháin, easpa cumhachta agus maoine ar an dtaobh eile.

Is go déanach san eachtra a thagann cumhachtaí míorúilteacha an bhrait chun solais, tar éis don rí geallúint a thabhairt go dtabharfadh sé fairsing a clóca do Bhríd mar shuíomh.

Is ag an bpointe sin, a shíneann an brat amach i ngach treo chun a thailte ar fad a chlúdach, buille a thagann aniar aduaidh ar an rí, agus a chuireann de dhroim seoil é.

Ní brat olla éadaigh a thuilleadh é ach brat talún a chlúdaíonn Cúige Laighean ar fad, mar a bheadh brat sneachta, ach é a bheith glas – nó meascán mearaí de ghlasanna, ba chirte a rá, glasanna den uile chineál, ar aon dul le tírdhreach Laighean.

Dathanna

Tá an brat bomannach seo léirithe go maith ag Barry Maguire ina phictiúr ola ar chanbhás, Brigid’s Cloak, agus na dathanna ar aon dul leis an daichead ghlas de chuid Johnny Cash.

Sa deireadh, buíoch go maith atá an rí, níos mó talún a thabhairt do Bhríd ná mar a bhí sé toilteanach a thabhairt di ag an tús. Choimeádfadh sé a ríocht ina sheilbh, ach ba bheag nár chaill sé a raibh aige.

Dóbair dó!

Agus an scéal seo á insint i scoileanna na tíre an tseachtain seo, díreofar ar an teagasc Críostaí atá ann, agus an léiriú a thugann sé ar conas a fuair an duine lag an lámh in uachtar, de bharr í a bheith diongbháilte ina creideamh.

Ach tá teagasc de chineálacha eile ann chomh maith, ina measc, teagasc ar conas tabhairt faoi idirbheartaíocht, bíodh sé sa saol pearsanta nó gairmiúil – fiú gan bhrat míorúilteach.

Ait le rá, is féidir a aithint láithreach nár chloígh Bríd leis an seanfhocal a thugtar áit eile i mbéaloideas na Gaeilge: Ná leath do bhrat ach mar is féidir leat a chonlú.

A mhalairt ghlan a rinne Bríd, nuair a leath sí a brat fud fad an chúige – cé nach raibh ag teastáil uaithi ach suíomh do chlochar amháin.

Ar ndóigh, tuigimidne gur straitéis a bhí ann, agus í ag ligint uirthi go mbeadh sí toilteanach níos mó tailte a ghabháil ná mar a theastaigh uaithi i ndáiríre. An té nach bhfuil láidir, ní foláir di a bheith glic!

Agus rinne an bhagairt an beart – scaoileadh an rí lena shealúchas.

Ábhar teagaisc dúinne i saol an lae inniu?

Tá saíocht sa seanfhocal cinnte gan an brat a leathadh ach mar is féidir linn a chonlú. Seachain an síneadh as cuimse. Ná bainimis greim rómhór as a bhfuil le hithe againn, ar eagla go dtachtfaí sinn.

Ach ar aon dul le Bríd, nach mbíonn ócáidí ann nuair is féidir, agus nuair is gá síneadh a thabhairt?

Agus chuige sin, b'fhéidir go bhfuil acmhainní inár seilbh, agus luach orthu atá ligthe i ndearmad againn, nó luach nár thuigeamar riamh, acmhainní a sheasfaidh linn nuair atá sé in am dúinn síneadh chun catha. Is Léachtóir i nDámh an Oideachais, Coláiste Mhuire gan Smál, é an Dr Cathal de Paor