Na meáin le plé

BEIDH SEIMINEÁR lae, “Ó Bolg an tSolair go Gaelscéal – breis agus 200 bliain d’iriseoireacht chlóite na Gaeilge” ar siúl ar Choláiste…

BEIDH SEIMINEÁR lae, “Ó Bolg an tSolair go Gaelscéal – breis agus 200 bliain d’iriseoireacht chlóite na Gaeilge” ar siúl ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Dé Sathairn. Dúirt duine d’eagraithe an lae, Regina Uí Chollatáin, go raibh an ócáid á reáchtáil mar chuid de “phróiseas measúnaithe a bhí ar siúl ag Foras na Gaeilge ar ról na meán clóite sa teanga”.

Tá na cainteoirí éagsúla – idir iriseoirí gairmiúla agus lucht ollscoile – le plé a dhéanamh ar riachtanais agus ar thodhchaí na meán Gaeilge clóite agus ar líne.

Is é Páidí Ó Lionáird a thabharfaidh aoiléacht an lae agus beidh eagarthóir Gaeilge an Irish News, Robert McMillen, eagarthóir Gaelscéal, Ciarán Dunbar, eagarthóir Beo! Seosamh Mac Muirí agus an t-iriseoir neamhspleách, Máiréad Ní Chinnéide, i measc na gcainteoirí eile. Dúirt Uí Chollatáin go raibh fáilte roimh chách.

Eolas: regina.uichollatain@ucd.ie nó 01-7168140