Na Laidneoirí Liteartha

Tá níos mó i gceist le Meiriceá Theas ná peil agus tangó

Gabriel Garcia Marquez, scríbhneoir. grianghraf: reuters/tomas bravo

Gabriel Garcia Marquez, scríbhneoir. grianghraf: reuters/tomas bravo

Wed, May 28, 2014, 01:15

Nuair a fuair Gabriel Garcia Marquez bás, fuair sé ardmholadh ó na cúig hairde. Fuair sé moladh ó Bhill Clinton féin a mhaígh gurbh é an t-úrscéalaí ba mhó ba ghean leis ar chlár an domhain.

B’ait leat go léifeadh polaiteoir úrscéal ar bith mar de ghnáth is róghnóthach iad ag faobhrú scine nó ag beartú buamaí chun tamall a chaitheamh dul faoi chraiceann daoine eile. I gcás Bill, ba ghnáthaí an craiceann a bheith loiscthe (sa tSúdáin, mar shampla) ná aon mheas a bheith aige ar conas mar a bhí an duine thall.

Scaoilimis é sin tharainn, mar bhí sé go maith ag scaoileadh chomh maith céanna, agus glacaimis leis má léigh Bill é nach foláir nó chuaigh sé i bhfeidhm ar dhaoine eile b’ísle uasal ná é.

Bhí díomá ar Fidel Castro, leis, agus déarfá gur duine é sin a léigh leabhair go minic, cé nár bhain sé an chiall chéanna astu agus a bhí i gceist ag an údar. Nuair atá ardpholaiteoirí ag caint ar an litríocht ní foláir nó tá rud éigin ar bun.

Níor lorgaigh Marquez é féin cáil ná seasamh ná gradam. Theastaigh uaidh a chuid leabhar a scríobh agus bhí sé míchompordach timpeall ar an mbladar a mhúscail sé. Nuair a bhí an cúpla pingin féin aige dúirt sé: “Ní fear saibhir mé. Duine bocht mé a dtarlaíonn airgead a bheith aige. Ní hionann iad.”

Is é a dhein sé, áfach, ná a thaispeáint don saol mór gurbh ann do Mheiriceá Theas. Lasmuigh den pheil ealaíonta, den tangó, de charnabhail agus de chúpla tagairt do dhíoltas Montezuma, mar a ritheann, ba bheag mar a phrioc an ilchríoch coinsias an domhain lasmuigh. Bhí trácht thar Phablo Neruda, gan amhras, ach dá fheabhas é an file ní bhíonn éileamh mór-ráchairte air. Bhí an beagán a raibh meas acu ar chlisteacht Borges ann, ach bhí sé chomh cliste sin ar uaire gur ghabh trí thine san deatach a scaip sé féin.

Muran leabhar don mhórphobal é Cien Anos de Solidad (“Céad Bliain den Iargúil”), ba leabhar é a bhí inléite agus draíochtúil dóibh siúd a chloígh leis. Bhris sé an ceangal a bhí idir an réalachas leamh agus an saol laethúil a bhí ar snámh riamh ar iontais agus ar mhíorúiltí.

Léirigh sé don úrscéal tuirsiúil Eorpach gurbh fhairsinge an saol ná bogshodar in Berlin, peataíocht in Paris, is leannánacht in Lyme Regis. Dhein sé d’intinn dhúnta iarthar domhain mar a dhein Chinua Achebe nó Ngugi wa Thiong’o don Afraic, nó Mo Yan don Áis, is léirigh gur leithne iad na fearainn fhairsinge sin ná leithinis chaol an ghobáin tailimh againn féin agus cnap mór gránna Mheiriceá Thuaidh le chéile.

Bhain Marquez go ginearálta leis an eite chlé, más é is brí leis sin go raibh suim aige sa ghnáthdhuine agus mar ar ghabh an saol polaitiúil i bhfeidhm air. Tír aduain aineoil is ea an pholaitíocht don scríbhneoir Éireannach don chuid is mó mar is eagal leis an ceangal a dhéanamh idir an saol laistíos leis an gcaidreamh cumhachta lasnairde.

Scríobh Marquez úrscéal ar an deachtóireacht mhíleata El Otono del Patriarca (“Fómhar an Phatriairc”), ar dócha é a bheith bunaithe ar réimeas Pinochet sa tSile, neach a raibh Maggie Tuí iontach ceanúil air.

Is geall le genre úrscéalaíochta ann féin é an eachtra ar dheachtóirí i Meiriceá Theas, agus tá a leithéid scríofa ag Alejo Carpentier, Mario Vargos llosa (an té a chuir an t-úrscéal breá ar Ruairí Mac Easmainn amach cúpla bliain ó shin), agus ag Miguel ‘Angel Asturias. Samhlaigh a leithéid de ghéariniúchadh ar pholaiteoirí na hÉireann...

Fairis sin, réitigh sé an tslí d’údair eile a mbeadh sé níos deacra dóibh a nguth a ardú dá éagmais.

B’fhéidir gurb é Roberto Bolano an té is mó ar féidir scéal a tharraingt anuas air le tamall, mar cé go bhfuair sé bás óg go maith aon bhliain déag ó shin tá an chuid is mó dá shaothar á fhoilsiú ó shin i leith.

Is é an t-úrscéal mór fada buile 2666 an ceann is táscúla díobh sin, agus má cheapann tú gur bhain “réalachas draíochta” le ficsean Mheiriceá Theas, níor éirigh le haon duine fós lipéad sásúil a cheapadh do Bolano.

Is é mo rogha féin díobh ar fad ná Eduardo Galeano, Urúguach. Saothar míorúilteach staire é Las venas abiertas de América Latina (“Féitheacha Oscailte Mheiriceá Laidneach”) nach gcuimhneodh staraí Éireannach ar bith ar a scríobh abhus; agus eipic scéalaíochta agus cuimhne is ea Memoria del fuego (“Cuimhne na Tine”) ar chóir Duais Nobel na litríochta a bhronnadh air dá bharr mura mbeadh na seanóirí in Stockholm róthógtha le crá croí daoine saibhre i mbailte beaga lár tíre gan tábhacht.

Sign In

Forgot Password?

Sign Up

The name that will appear beside your comments.

Have an account? Sign In

Forgot Password?

Please enter your email address so we can send you a link to reset your password.

Sign In or Sign Up

Thank you

You should receive instructions for resetting your password. When you have reset your password, you can Sign In.

Hello, .

Please choose a screen name. This name will appear beside any comments you post. Your screen name should follow the standards set out in our community standards.

Thank you for registering. Please check your email to verify your account.

We reserve the right to remove any content at any time from this Community, including without limitation if it violates the Community Standards. We ask that you report content that you in good faith believe violates the above rules by clicking the Flag link next to the offending comment or by filling out this form. New comments are only accepted for 3 days from the date of publication.