Na geanna fiaine

An Peann Coitianta: Leanaim na buíonta géanna fiáine ó thuaidh, iad ag filleadh abhaile ar a ngnáthóga féaraigh tar éis an gheimhridh…

An Peann Coitianta: Leanaim na buíonta géanna fiáine ó thuaidh, iad ag filleadh abhaile ar a ngnáthóga féaraigh tar éis an gheimhridh theas i mbogaigh an Mississippi agus Louisiana. Coscairt mhór thús an earraigh, an sneachta mór á leá ach amháin ar bhóithríní coille tuaithe, faoi sceacha agus binnteacha sa scáth.

A bhfuil ann de na géanna! Iad ag tabhairt na gcor san aer, ag eitilt ceann ar aghaidh, ag imeacht thar agus faoina chéile a fhreagairt minicíochtaí inbhuíne dá gcuid féin. Oiread ann acu ina gceann agus ina gceann agus fós ina n-iomláine in aghaidh na spéire, agus atá cora peannaireachta in aibítir Shíneach. Dá mb'fhéidir linn lámhscríbhinn an aeir a léamh.

Tuirlingíonn siad chun an oíche a chaitheamh ar na machairí le hais Autoroute Jean Lesage a shíneann idir Montréal agus cathair Québec, ar an taobh theas den San Labhrás. Éigrití ina measc na ngéanna chomh maith, gile sneachta ina gclúmh brollaigh in áit an tsneachta atá glanta chun siúil.

Tugaim féin an oíche i dtigh aíochta tuaithe i sráidbhaile le hais an Autoroute.

READ MORE

Domhan díláithrithe Fraincise sna críocha tuaisceartacha. Bíonn samhail den bhunláthair le fáil i gcónaí san ionad díláithrithe, na gáthóga thuaidh faoi bhun na mbogach theas.

Bean agus fear a gcasaim orthu sa tigh aíochta, sloinnte Éireannacha aneas ó Louisiana agus Mississippi atá orthu, Sullivan agus Horgan.

Cuireann sí féin cóip ghlan d'aintín dem chuid i gcuimhne dhom, í talmhaí, tíriúil agus canúint Bhéarla Louisiana ina macasamhail de Bhéarla na tuaithe ag m'aintín.

Na gutaí sínte leaisteacha ceolmhara, an seasamh coirp ar an dtalamh, faoi mar gur fhás na géaga amach as an ithir. É fhéin níos óige agus níos éaganta, thug saol suaite é ó Mississippi go California agus abhaile go dtí a mhuintir féin i mBoston.

Fraincis Louisiana a labhrann an Súilleabhánach mná agus is geall le bheith ag éisteacht le Corcaíoch ó Mhúscraí ag caint le Conallach i nGaeilge é í a chloisint ag comhrá leis an bhfreastalaí.

"Sayingnone" agus "saynan" acu araon ar an bhfocal "saignant" sa tslí go mbeadh an fheoil loiscthe faoin am go mbeadh deireadh ráite acu.

Gan aon Bhéarla ag an bhfreastalaí áitiúil, 20 éigin míle lastuaidh den teorainn idir na Stáit Aontaithe agus Québec.

An Spáinnis, ar ndóigh, an dara teanga is forleithne go mór sna Stáit. De bhunadh Acadien i Louisiana í an Súilleabhánach mná, agus gan aon tuairim faoin spéir aici faoi éirinn ná aon spéis ar leith aici inti.

Tá sí féin i Québec ar thóir a sinsear féin a tháinig ón bhFrainc ina searbhóntaithe agus sealgairí ag deireadh an 18ú haois, agus a d'aistrigh síos abhainn an Mississippi go Baton Rouge tar éis ceann de na cogaí leis na Sasanaigh. Cónaí uirthi féin agus ar a muintir le fada riamh lámh le Lafayette, príomhchathair Chajun Louisiana.

Ag ceannach uirlisí garraíodóireachta atá an tArgánach, a deir sé, mar gheall ar luach íseal dollar Cheanada suas le dollar na Stát.

Admhaíonn sé, tar éis béile a chaitheamh, gur dhíbir a bhean chéile as an dtigh é agus go bhfuil 'time-out' á thógaint aige chun a mhachnamh a dhéanamh ar a chúrsaí.

Bhuail sé bóthar ó thuaidh ó Bhoston, agus ag imeacht leis le seachtain atá sé. Thug sé na hoícheanta go dtí seo i motels fan na slí ag féachaint ar chainéil porn teilifíse, ag tabhairt cuairteanna ar bhothanna óil agus lapdancing a bhfuil na ceantracha teorann idir an dá thír breac leo.

Deir sé go bhfuil tionscal mór craicinn agus feola díreach laistíos den screamh i ndeisceart Québec, tiománaithe leoraithe agus 'transients' ag bogadh ó áit go háit, ag lorg bheith istigh ó bheith amuigh sa saol. Neart drugaí le fáil, den uile shaghas ar an uilechostas.

Tá sos á thógaint anocht aige sa tigh aíochta óna thuras buile. Lorgaíonn sé comhairle faoi thuras go hÉirinn.

INSÍM féin cuid de sheanfhocail na Gaeilge dó, cuid dem scéal. Nochtann an Súilleabhánach mná gnéithe dá scéal féin dúinn, mar a sháraigh sí craos andúileach i mbia a bhí aici tráth dá saol.

Anlann iad ár scéalta araon lenár mbéile i dtigh aíochta Charlemagne le hais an autoroute. Fágaimid slán ag a chéile agus tugaimid aghaidh ar ár leapacha.

Tá siosadh leanúnach ag an trácht ar an autoroute fliuch atá á shlogadh diaidh ar ndiaidh i gcrobh an chlapsholais.

Díláithriú éigeanta is measa, a chruthaíonn caitheamh i ndiaidh sean-nóisean de shíocháin, de bhuanbhaile. Ionainn féin ar deireadh atá múnla ár ngnáthóg féin, a gcaithimid freagairt dó go dílis.

Samhail d'uileghnáthóg na cruinne. Mar a dheineann na géanna fiáine lasmuigh d'fhuinneog ar an machaire, lena ngogalach deireadh lae sara neadaíonn siad an cloigeann in adhairt chlúimh a sciathán don oíche.