Moltar an leabhar

Tugtar a gceart do laochra agus do bhanlaochra na litríochta


Tháinig traidisiún nua ar an bhfód i mbliana ar a dtugtar “Leabhra Feabhra”. Baineann sé le leabhair agus lenár bpobal féin agus leis an mian an dís sin a thabhairt le chéile. Is éard atá ann ná go mbronnann muintir na Gaeilge leabhair ar a chéile Lá Fhéile Bríde. An rud is annamh is iontach: ní eagraíocht Stáit nó scéim mhaoinithe fé ndear an smaoineamh seo ach dornán léitheoirí a bhfuil dúil a n-anamacha acu i gcúrsaí leabhar.

Dála móráin a d’imigh rompu, daoine is ea na léitheoirí thuasluaite a thug an bád bán orthu féin. Ach sa chás seo ní go Sasana ná Meiriceá a chuaigh siad ach go Bruiséil na Beilge. Is ann a cuireadh an club sóisialta darb ainm “Na Gaeil i gCéin” ar bun tamall de bhlianta ó shin, agus club leabhar mar fhochuid de. Is iomaí léitheoir cíocrach a bhfuil dúil aige sna clasaicí, agus is amhlaidh atá do léitheoirí na Bruiséile. Ag féachaint siar ar a dtír dhúchais dóibh, chuir siad suim ar leith i mblianta tosaigh anStáit, tráth a bhí gaoth úr ag séideadh faoi chúrsaí scríbhneoireachta inár dteanga féin.

Ceann d’éachtaí na hathbheochana is ea an litríocht nua-aimseartha ar éirigh le pobal na Gaeilge a chruthú i ndiaidh na mblianta fada faillí. Bhí dhá ghné ag baint le hathbheochan na scríbhneoireachta. I dtús báire, thosaigh glúin nua scríbhneoirí ar leabhair nua-aimseartha a scríobh a bheadh inchurtha le leabhair i dteanga ar bith eile. B’fhairsing an réimse leabhar a scríobhadh, idir fhicsean agus neamhfhicsean agus is iontach an éacht a rinneadh ó thaobh cáilíochta de.

Ina theannta sin, bhí scéim aistriúcháin an Ghúim ann, a raibh sé mar aidhm léi leabhair "mhór-éilimh" ón iasacht a aistriú go Gaeilge. Ina measc bhí Cú na mBaskerville, Eachtradh Eibhlís i dTír na n-Iongantas, An Dr Jekyll agus Mr Hyde agus mórán saothar eile nach iad. Beart gaisce a bhí ann. Bhí ar na haistritheoirí dul i ngleic le seánraí nár dhual do Ghaeil roimhe sin, gan trácht ar abairtí fadálacha litríocht an 19ú haois.

READ MORE

Idir na leabhair sin go léir, bhí a dhóthain ábhar léitheoireachta do na glúine nua de léitheoirí a bhí le teacht. Ach thráigh an tobar agus chuaigh an scéim i ndísc mar a thráigh dúthracht an Stáit i leith na hathbheochana. Sa lá atá inniu ann tá bunús na leabhar as cló. An té a mbeadh suim aige iad a léamh, bheadh air iad a chuardach ar líne nó i siopaí na seanleabhar agus airgead mór a íoc orthu.

Ina ainneoin sin go léir níor cuireadh deireadh leis an scríbhneoireacht féin. Is uaigneach an t-aistear í gairm na scríbhneoireachta i dteanga ar bith. Díol iontais mar sin an méid scríbhneoirí Gaelacha a thug an t-aistear sin orthu féin ó aimsir na hathbheochana i leith. I gcás roinnt díobh, thug siad a saol is a sláinte le seoda de leabhair a fhágáil le huacht againn. Nuair a tháinig an traidisiún nua “Leabhra Feabhra” ar an bhfód, thapaigh Na Gaeil i gCéin an deis suntas a thabhairt dá saothar uile.

Rinneadh dá phóstaer don fhéile, ceann amháin ag tabhairt ómóis do scéim aistriúcháin an Ghúim, agus an dara ceann ag léiriú aghaidheanna na scríbhneoirí ba mhó a threabh gort na Gaeilge san 20ú haois.

Gan amhras, ní leor póstaer amháin le liosta na laochra is na mbanlaochra a shaothraigh an teanga dúinn a áireamh. Tá áit tuillte acu go léir. Seo chugainn anois iad agus dá mhall a fuair siad a bpóstaer féin, is mithid é.