Maois is an Burning Bush

Beocheist: George Bush might end up creating the terrorist monster that he so wrongly feared was there, writes Seán Ó hÉalaí…

Beocheist: George Bush might end up creating the terrorist monster that he so wrongly feared was there, writes Seán Ó hÉalaí

D'insítí scéilín grinn blianta ó shin a thugadh léargas maith ar mheon an chiníochais. Bhí an t-impire Nero ag deánamh cigireachta ar na Críostaithe bochta a bhí le cur isteach sa Sorcas Mór nuair a thug sé faoi deara Afracach gorm. "Is fuath liom Críostaithe," a dúirt sé, "ach is mó an fuath atá agamsa ar do chine-se. Gorm agus Críostaí! Caithfidh muid críoch ar leith a shocrú duitse."

D'ordaigh sé go ndéanfaí poll á thochailt i lár an tSorcais Mhóir agus go gcuirfí an fear bocht isteach ann. Níor fágadh os cionn talún ach a chloigeann. Ansin scaoileadh isteach leon. Thosaigh an leon ag siúl thart timpeall ar an gcloigeann agus é ag drannadh. Sa deireadh, léim sé i dtreo an chloiginn chun é a bhaint den gcolainn ach d'éirigh leis an Afracach greim fíochmhar a bhaint as a lapa. Lig an leon glam péine as, rith go bacach chuig an taobhlíne agus luigh síos chun an chréacht a lí.

Bhí an lucht féachána ar na stártha le háthas agus ghlaoigh siad ar Nero an fear seo a scaoileadh saor. Ach níorbh í sin toil Nero. D'ordaigh sé go scaoilfí dhá leon eile isteach sa sorcas.

READ MORE

An iarraidh seo, chuaigh ceann amháin acu a raibh boladh na fola faighte aige díreach chuig an leon a bhí gonta agus thosaigh ag troid leisean go dtí gur mharaigh siad a chéile.

Ach rith an leon eile amach chun an cloigeann a ionsaí. Ar bhealach míorúilteach éigin, d'éirigh leis an gCríostaí gorm plaic a bhaint as lapa an leoin eile seo agus chúlaigh seisean.

Bhí an oiread sin feirge ar Nero gur rith sé síos ón ardán agus amach leis go lár na páirce, áit ar thosaigh sé ag ciceáil an chloiginn agus ag screadaíl: "Cath cothrom, a chladhaire, cath cothrom!"

An té a bheadh ag éisteacht go géar le ráitis an Uachtaráin Bush agus a chomhleacaithe faoin Iaráic, d'aithneodh sé frustrachas Nero.

Cé go bhfuil Hans Blix agus a fhoireann chigireachta tosaithe ar a gcuid oibre, leanann Bush agus a chuid urlabhraithe ag bagairt cogaidh.

Is léir don dall gur cuma cad é a fhaigheann an fhoireann seo amach, tá Meiriceá meáite ar an gcogadh seo a chur. Frídín de leithscéal atá uaidh.

Cad é an deifir seo atá ar Mheiriceá? Ina chlár clúiteach Letter from America, thairg an tráchtaire Alaistair Cooke míniú. Is duine é Cooke a bhfuil meas tuillte aige mar anailísí géar ar chúrsaí polaitíochta Mheiriceá. Sa "litir" is déanaí bhí Cooke ag plé an bhua mhóir a bhí faighte ag Bush agus ag an bPáirtí Poblachtach sna toghcháin lárthéarma.

Mhínigh sé go dtoghann pobal Mheiriceá uachtarán nua agus iad ag súil le "Maois nua" a shocróidh a gcuid fadhbanna. Ach go traidisiúnta, de réir Cooke, faoin am go dtagann na toghcháin lárthéarma, aithníonn siad nach aon Mhaois atá acu.

Ní mar sin a tharla an t-am seo. De bharr an chogaidh san Afganastáin, níl pobal Mheiriceá róchinnte nach bhfuil Maois nua faighte acu, a deir Cooke. Creideann sé go gcuirfidh Meiriceá cogadh gairid gasta ar an Iaráic ag tús na hathbhliana ar chúiseanna míleata. Má bhíonn aon mhoill ann, beidh fórsaí Mheiriceá céasta ag samhradh brothallach na hIaráice mar go mbeidh na trúpaí ag caitheamh cultacha speisialta mar chosaint in aghaidh gáis nimhiúil.

IS ar a leithéid a bhíonn rialtas tíre agus todhchaí náisiúin ag brath. Agus nuair atá an Iaráic socraithe, tá foláireamh tugtha ag Bush do rialtas eile, rialtas na Cóiré Thuaidh, gurb iadsan an chéad dream eile ar a liosta.

Nuair a d'fhógair an Mhaois nua seo a "chogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta", labhair sé amhail is gur ghéaga den aon nathair nimhe amháin a bhí i Hamas, Al Quaeda, ETA, FARC, an tIRA agus eile. Ní mar sin atá - is dreamanna éagsúla scaipthe iad a bhfuil a gcuid aidhmeanna féin acu. Ach d'fhéadfadh iompar Bush an eagla shamhlaíoch seo a fhíoradh - go gcruthódh sé gréasán domhanda trodairí nach mbeadh ach aon aidhm amháin acu: scrios Mheiriceá.

Thar fóir, a deir tú? Léigh an dá theachtaireacht is déanaí ó Osama Bin Laden agus ó cheannaireacht Al Quaeda. Tá fórsa nua tagtha ar an saol a bhainfidh praghas domhanda as leatrom áitiúil.

In áit a bheith ag bagairt cogaidh, ba chóir do Bhush athbhreithniú a dhéanamh ar an bpolasaí Meiriceánach atá ina ábhar achrainn is mó sa Meánoirthear - an tacaíocht gan cheist gan cheangal a thugtar d'Iosrael chun a thuilleadh talún Palaistíní a ghoid.