Luach agus praghas

CROBHINGNE: NUAIR A bhí mé ar an meánscoil bhíodh na gnáthargóintí againn faoi cérbh é an t-amhránaí ab fhearr riamh. B’ionann…

CROBHINGNE:NUAIR A bhí mé ar an meánscoil bhíodh na gnáthargóintí againn faoi cérbh é an t-amhránaí ab fhearr riamh. B'ionann "riamh" agus le cúpla bliain roimhe sin, mar ní ghabhann "riamh" siar rófhada agus tú id dhéagóir.

Bhínn féin tugtha do Little Richard agus do Jerry Lee Lewis ar mo chúiseanna dorcha féin, ach b’é Elvis rogha an chlóis. Nuair a bhí mé ag iarraidh a thabhairt le fios, idir babhtaí dornálaíochta ar an talamh, gur cheol Elvis drochamhráin chomh maith le cách, dúradh go borb i nguth nach bhféadfaí a údarás ná a amhras a shéanadh, gurbh amhrán den scoth gach ceann a chan sé, thar ceann gurb é Elvis é.

Bhí mé balbh i láthair na hargóna sin, agus ba chuma dá luafainn Are you Lonesome Tonight? nó Blue Hawaii mar thaca lem ghaois. B’é a bhí á áiteamh, agus dorn lem phus, gurbh é an ceoltóir amháin a mheáigh agus nárbh í an ealaín. In áit éigin i gcúl an chinn sin a bhí in aghaidh fhalla na scoile cheapas go raibh éasc éigin ann.

Blianta ina dhiaidh sin agus mé ag siúl trí thaispeántas ealaíne amuigh faoin aer áit a raibh ealaíontóirí óga agus eile ag nochtadh a gcuid iarrachtaí, luigh mo shúil ar phictiúr a thaitin liom.

READ MORE

Ní cuimhin liom go díreach cad a bhí ann, feithid ar ghas, b’fhéidir, nó báisteach ag titim ar mhurúch, nó rud éigin mar é. D’fhan mé tamall á fhaire, nuair a labhair fear liom adúirt gurbh é a mhac a dhein, agus gurbh “ineistiú” iontach a bheadh ann é a cheannach. Ba dhóbair dom bholg iompáil a dhéanamh ar an toirt, agus eagla orm go mbeinn ag cur le dathanna an phictiúir.

Ní chun “ineistiú” a dhéanamh a cheannóinn pictiúr ná leabhar ná scríbhinn, ach chun mo leasa phearsanta féin, abair d’fhonn taitneamh a bhaint as nó é a léamh. Cuid mhaith mhór den bhaois timpeall ar an ealaín baineann sé leis an gceangal seo idir cáil an ealaíontóra agus fiúntas na hoibre féin.

Agus tá súil agam nach bhfuil aon duine amuigh ansin réidh ullamh le rá gurb é “an margadh” a shocraíonn na nithe seo. Mura bhfuil san ealaín ach craobh eile den chreachadhchaipiteal tá chomh maith againn éirí as scun scan agus hólas bolas agus roinnt tinte cnámh a ullmhú.

Más buan mo mheathchuimhne, thángthas ar chupán nó sásar nó crúiscín éigin i mbothán in oirdheisceart na tíre tá tamall gairid ó shin ann. Seans go mbítí ag ól tae as ar maidin agus san ardtráthnóna.

Shonraigh géarshúilí áirithe gur bhain sé le ríshliocht Ping nó Ging na Síne, agus ar obainne, le hardú ordóige bige, mhéadaigh ar a luach faoi thrilliúin. Is é sin, níorbh í áilleacht an tsásair féin ba thábhachtaí, ach go bhféadfaí é a cheangal le dúnmharfóirí áirithe a mhair ina dtráth féin.

Suim bheag blianta ar ais d’aithin duine gurb í Lucrezia Borgia an cailín a bhí i bpictiúr de chuid an phéintéara Dosso Dossi (níl seo á chumadh agam), agus gan choinne, chuaigh an praghas in airde agus amach trí na frathacha. Ach nach raibh an pictiúr go maith, nó go dona, nó go hidir eatarthu féin, sular aithníodh gurbh iníon leis an bPápa Alasdair VI a bhí ann?

Bhí cáil ar an smaointeoir Gearmánach Walter Benjamin ar go leor cúiseanna, go háirithe toisc gur chuir sé lámh ina bhás féin agus é ar theorainn na saoirse ar a theicheadh ó na Naitsithe; agus de bharr roinnt aistí suimiúla a bhreac sé a thuig daoine a raibh deimheas agus corrán acu.

I gceann de na haistí ba mhó cáil díobh sin d’áitigh sé go gcaillfeadh saothar ealaíne a chuid draíochta, a “luan”, sa chás is go ndéanfaí cóipeanna go meicniúil de. Cor eile den tseanargóint í seo, go bhfuil saothar ealaíne luachmhar toisc é a bheith ina aonar, nó gan a bheith ar fáil de ach aon chóip amháin. Dá réir sin, is luachmhaire an chéad eagrán de leabhar, nó an chéadphrionta de ghrianghraf ná aon iomadú a dhéanfaí air. Conas san?

An grianghraf den chailín ar an mbóthar in Vítneam agus a cuid craicinn stiallta di de dheasca napailm na Meiriceánach, cár chóra nár thábhachtaí é dar leis an margadh, ná na cóipeanna gan áireamh de a scaipeadh ar fud an domhain chun barbaracht an chogaidh sin a léiriú!

Is í an chumacht atá i ndrámaí Shakespeare ar an stáitse, nó go deimhin, ar an leathanach a thugann a luach dóibh, agus ní toisc go bhfuarthas seaneagrán díobh i mbarra rotha i gcúlshráid éigin i bPáras de sheans.

Ní fiú $250 milliún pictiúr ar bith, go fiú má dhein Cézanne féin fós é. Mar liomsa, má tá chomh hiontach álainn diamhair sin, bheinn sásta féachaint ar chóip de chóip de chóip de.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar