Litir o Shan Nioclas chuig Susy

Ag seo a leanas litir a scriobh Mark Twain go dti a inion, Susy. An seoladh a tugadh na Palas Shan Nioclas ar an nGealach

Ag seo a leanas litir a scriobh Mark Twain go dti a inion, Susy. An seoladh a tugadh na Palas Shan Nioclas ar an nGealach. La Nollag an data: "A Susy Clemens, a stor, Ta na litreacha go leir a scriobhais fein agus do dheirfiuirin og faighte agus leite agam... Ni raibh aon deacracht agam leis an scrioblail aisteach on mbeirt agaibh. Ach bhi dua nach beag ag baint leis na litreacha a dheachtaigh thu do do mhathair is do do bhuimi, mar is eachtrannach me agus nil leamh an Bhearla romhaith agam.

Gheobhaidh tu amach nar dheineas failli in aon ni a theastaigh uait fein is on mbaibin... chuas sios an simlear um mhean oiche nuair a bhi tu i do chodladh agus d'fhagas ann iad me fein - agus phogas an bheirt agaibh chomh maith... Ach... bhi corr-rud nar eirigh liom a sheachadadh mar bhiomar rite as stoc. Bhi focal no dho i litir do mhathar agus an bhri a bhaineas astu na "trunc lan d'eadach baboige". An bhfuil an ceart agam?

Tiocfaidh me chuig doras na cistine thart ar a naoi a chlog maidin inniu chun e sin a dheimhniu. Ach ni theastaionn uaim einne a fheiscint agus ni theastaionn uaim labhairt le heinne eile seachas leat fein.

Nuair a bhuailfidh cloigin na cistine, caithfear dalladh puicin a chur ar George sula dteann se chun an doras a fhreagairt. Abair le George siul ar a bharraicini agus gan a bheal a oscailt - no caillfear la eigin e.

READ MORE

Teirse ansin go dti an naiolann agus seas ar chathaoir no ar leaba na buime agus cuir do chluas leis an bhfeadan eisteachta a theann sios go dti an chistin agus nuair a chloisfidh tu fead uaimse beidh ort labhairt isteach san fheadan agus a ra, "Failte, a Shan Nioclas!"

Fiafroidh me diot ansin an trunc, ab ea, a d'ordaigh tu no nach ea. Ma deir tu gurbh ea, fiafroidh mise diotsa cen dath ar mhaith leat a bheith ar an trunc ... agus ansin beidh ort mionchuntas a thabhairt dom ar ar mhaith leat a bheith sa trunc ceanna.

Ansin, nuair a deirimse "Slan agus Nollaig shona chugat, a Susy Clemens" beidh ortsa an meid seo a ra: "Slan, a Shan Nioclas, a sheanduine liom, agus mile buiochas."

Beidh ort dul sios go dti an leabharlann ansin agus iarraidh ar George na doirse go leir a osclaionn chun an phriomh-halla a dhunadh agus beidh ar gach einne fanacht ciuin ar feadh scaithimhin.

Raghadsa go dti an ghealach ansin chun na nithe sin a fhail agus tar eis cupla neomat dreapfaidh me sios an simlear ud a bhaineann leis an tintean ata sa halla - mas trunc ata uait - mar ni eireodh liom rud ar nos trunc a bhreith liom sios simlear na naiolainne ta's agat...

Ma fhagaim rian sneachta i mo dhiaidh sa halla abair le George e a scuabadh isteach sa tintean, mar ni bheadh aga agamsa ar a leitheid a dheanamh. Abair le George gan scuab a usaid ach seancheirt - no caillfear e la eigin.

Ma fhagann mo bhuataisi smal ar an marmar, na lig do George e a ghlanadh. Fagtar ann e i gcuimhne ar mo chuairt oraibh; agus aon uair da bhfeachann tu air no e a thaispeaint do dhuine eigin meabhraiodh se duit a bheith i do chailin dea-mhuinte.

Ma bhionn tu dana uair eigin agus ma dhirionn duine eigin mear ar an marc sin a d'fhag buatais do shean-San Nioclas ina dhiaidh ar an marmar, cad dearfaidh tu, a uillin?

Slan go foillin, go dtaga me ar an domhan seo aris agus cloigin na cistine a bhualadh. Do Shan Nioclas dil, a nglaonn daoine airithe 'Tadhg na Gealai' air."

Litir sharaoibhinn i sin. Tugann si an-leargas go deo duinn ar ghreann an udair is ar an ngean a bhi aige da inion, Susy.

Agus tugann se pictiur gle duinn den teaghlach agus den atmaisfear a bhi ann. Feadan eisteachta, ambaist! Nil moran acu san thart na laethanta seo, a dearfainn. I re seo an riomhphoist, nil moran litreacha da sort a gcumadh ach an oiread.

Is leir, leis, on litir an gra mioruilteach a bhi aige da bhean, Olivia. Agus ag caint ar litreacha, b'eigean do Mark Twain roinnt ceadta litreacha gra a scriobh chuici sular gheill si sa deireadh.

(An bhfuiltear ag scriobh litreacha gra ar na saolta seo? Feictear domsa nach bhfuil ann ach "Taim ar an Dart ... ag teannadh leis an gCarraig Dhubh" ata a bhreacadh sa la inniu).

Bhiodar 34 bliain le cheile agus ba i Olivia cinsire a chuid scribhinni go leir.

Tugann an litir le fios nach raibh easpa pingini air. Go deimhin, bhiodh se thuas seal thios seal i gconai maidir le cursai airgid de.

Bhi an duspeis aige san fhoilsitheoireacht agus ba e fein a d'fhoilsigh Cuimhni Pearsanta Ulysses S. Grant, leabhar a thuill dleachta udair de $250,000 do bhaintreach an ghinearail, an tsuim ba mho a d'ioc foilsitheoir ar bith i gcaitheamh an 19u haois, deirtear.

Huckleberry Finn le Mark Twain (Samuel Langhorne Clemens) an chead leabhar ceart a leigh me, mas buan mo chuimhne.

Cludach glas a bhi air agus boladh aoibhinn on bpaipear. Ni doigh liom gur aistriodh riamh go Gaeilge e. Mhaigh Hemingway agus Faulkner gurbh e Huck an chead leabhar agus an leabhar ab fhearr a thainig riamh as Meiricea.

Creideann daoine airithe gurb e an bua is mo a bhaineann le stil Mark Twain na i a bheith micheart go minic. Is e sin le ra, biodh is gur stileoir thar na bearta a bhi ann, thug se a cheart don mhicheart.

Cuireadh lagmhisneach ar go leor scribhneoiri Gaeilge nuair a duradh leo go raibh an abairt seo no an focal seo no an struchtur airithe seo micheart.

Saghas Myles na Gopaleen ab ea Mark Twain. (Seans go raibh Myles nios Gaelai na na Gaeil ud a fuair drochbhlas ar a ghreann mire).

Dala Mhyles (aka George Knowall etc.), tharraing Mark Twain scata ainmneacha cleite chuige fein, ina measc Thomson Jefferson Snodgrass agus W. Epamindasos Adrastus Blah! Anois duit!

Cen fath an t-ainm cleite sin, Mark Twain? Fad dha fhea is bri leis - bearlagair na seoltoiri abhann: chaith se tamall ar ghal-longa na Mississippi.

Ach chun filleadh ar an litir thuas o Shan Nioclas. Cad d'imigh ar Shusy? Ni raibh si ach tri bliana deag nuair a thosnaigh si ar bheathaisneis a athar a scriobh. I bhfad ina dhiaidh sin, scriobh inion eile leis, Clara, My Father, Mark Twain (1931).

Ach ta meas ar leith ar chuntas Susy - toisc e a bheith chomh saonta sin, is docha. Duine foirfe amach is amach ab ea a hathair, dar le Susy, ach ni raibh a chuid fiacla thar mholadh beirte!

Cailleadh Susy bhocht den mheiningiteas sa bhliain 1896. Cailleadh inion eile leis, Jean, Oiche Nollag, 1909. Bhi an titimeas uirthi, an creatur, agus bhuail taom i agus i san fholcadan. Lagaigh se sin croi an udair mhoir agus cailleadh e ceithre mhi ina dhiaidh sin.

Mas tuismitheoir thu, cen fath nach scriobhfa fein "Litir o Dhaidi na Nollag".

Rud amhain is ea litir a scriobh chuig Daidi na Nollag ach rud aoibhinn ar fad is ea freagra a fhail uaidh!

Dfheadfa aithris a dheanamh ar litir Mhark Twain thuas - ach fag an tagairt don fheadan eisteachta ar lar no beidh mearbhall ar an bpaiste bocht!

Uaimse, o Shan Nioclas agus o Mhark Twain, Nollaig mhor mhaith chugaibh go leir.

Is file agus aistritheoir e Gabriel Rosenstock. Is iad Rogha Danta/ Selected Poems, aistrithe go Bearla ag Paddy Bushe (Clo Iar-Chonnachta) agus I Met a Man... (Doghouse) an da leabhar is deanai da chuid.