Léamh agus léacht

SEOLFAIDH AN file agus scríbhneoir, Biddy Jenkinson, a cnuasach nua gearrscéalta, An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire (…

SEOLFAIDH AN file agus scríbhneoir, Biddy Jenkinson, a cnuasach nua gearrscéalta, An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire(Coiscéim) anocht ag 7pm sa Leabharlann Náisiúnta, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath.

Léifidh sí sleachta as an leabhar agus beidh sí faoi agallamh poiblí ag an chriticeoir Michael Cronin mar chuid den oíche.

Tabharfaidh an tOllamh James McCloskey léacht phoiblí ar "Problems, Mysteries and Misconceptions in the Study of Language" seachtain ón lá amárach ag 7pm sa Seomra Kane, G1, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Scríobh McCloskey an leabhar Guthanna in Éag – an mairfidh an Ghaeilge beo?(Cois Life).