Leabhar agus líne

Tá saghas náire orm é a admháil, is fear leabhar mé


Tá saghas náire orm é a admháil, is fear leabhar mé.

Níl sé sin iontach suas chun dáta ná cúl de réir na linne, ach fós, is fear leabhar mé.

Is maith liom a gcruth is a ndéanamh.

Is aoibhinn liom an boladh atá uathu (pé feitis gan ainm í sin), bainim taitneamh as a láimhseáil (níos measa fós).

READ MORE

Ceann de phléisiúir bheaga an tsaoil is ea dul ag spaisteoireacht i siopaí leabhar féachaint cad é go díreach nach bhfuil ar eolas agat; agus is measa fós an leabharlann a léiríonn go follasach go bhfuil tú chomh tic le hadhmad na coille.

Ceann de bhuntáistí an leabhair chlóite ar pháipéar is ea gur féidir a bheith ag breacadh leat ar an imeall.

Is beag leabhar a léim anois nach mbíonn peann luaidhe nó cleite caol im ghlaic agam.

Is áiseach go mór iad le do chuid tuairimí a nochtadh le feirg nó le háthas: ‘Cá bhfuil an fhianaise?’ ‘Breallsúntacht!’ ‘Ar oileadh tú i gcoláiste na gclichés?’ ‘Níl aon bhrí leis seo’, ‘Ráite cheana agus i bhfad níos fearr’, ‘Ach cad mar gheall ar…?’ agus mar sin de.

Deir daoine gur peaca marfach is ea a bheith ag scríobh ar leabhar, ach cad is peaca marfach ann níos mó?

Is chun úsáide é an leabhar agus ní earra tráchtála ar nós an phictiúir phéinteáilte sa lochta i mbarr an tí.

Is chuige sin nach bhfuil aon bheann faoi leith agam ar chultúr na gcéad eagrán.

Ní dóigh liom gur cheart go mbeadh luach níos mó ar Ulysses na bliana 1922 seachas ar an leagan cúlpháipéir a tháinig amach le déanaí.

Is é a bhfuil ann sa bhlonag laistigh atá an luach, na focail féin, an scéal, an stíl, a bhfuil á rá agus ní hé an cruth atá air.

Dá réir sin, bhí mé riamh idir dhá chomhairle maidir le leabhair a bhfuil fáil orthu ar an idirlíon.

Ar leith amháin, airíonn tú uait an teagmháil sin, an chuimilt bheo, an boladh úr nó sean, an cló ina sheasamh os do chomhair ag gairm ort, an chaoi le racht a ligean le baidhreó dearg; ina choinne sin thall, tá fáil ar an leagan geanmnaí ar an idirlíon, an téacs féin gan chur isteach ná amach air, an eachtra nó an scéal nó an dán gan aon phioc a theacht idir tú agus a bhfuil ann.

Agus sin é an buntáiste mór a bhaineann leis an idirlíon, ní foláir duit dul i ngleic lena bhfuil ann i leataoibh ón stair nó ón earra fisiciúil.

Tagann crith chos agus mhéireanta orm ag dul ag tumadh i suímh éagsúla san idirlíon céanna. Má osclaím, abraimis, logainm.ie nó téarma.ie sin deireadh leis an ngairdín (buíochas le Dia).

D’fhéadfadh an madra bás a fháil le hocras sa chlós agus ní thabharfainn faoi ndeara é.

Is measa fós iad na suímh sin ina bhfuil scéalaíocht agus eachtraí agus ábhar a bheireann greim ar an tsamhlaíocht.

Tá mórán díobh ann, rud a fhágann nach gá dhom triall ar an leabharlainn chomh minic. Celt nó Meamram Páipéar Ríomhaire mar shampla.

Ach is é is ansa liom féin díobh ná iso.ucc.ie ina bhfuil teacht ar mhórscéalta na hÉireann i bhfoirm inléite inláimhsithe agus intuigthe.

Luaim é seo go háirithe, mar beidh daoine ag lorg bia samhlaíochta agus spreagadh meabhrach sna seachtainí seo romhainn sna laethanta geala i mí an Mheithimh i lár leamhas na gcluichí san Fhrainc.

Agus is anseo a gheobhaidh tú iad, na scéalta trínar tháinig ann dúinn – Buile Shuibhne agus Tochmharc Étaíne agus Conchubhar agus Cormac agus Cúnla agus Clann Lir.

Fingal Rónáin anseo chomh maith, agus cé go sílfeá gur coirpeach ón taobh ó thuaidh de Bhaile Átha Cliath is ábhar dó, tá i bhfad níos measa ná sin.

Agus Immram Brain nach bhfuil aon bhaint aige leis an rud atá ar siúl id inchinn istigh, ach turas níos suimiúla go mór ná sin.

Ní hinleithscéil aineolas níos mó.

Ní hamháin go bhfuil an bunscéal sa bhunteanga os ár gcomhair, ach tá leagan nua-Ghaeilge chomh maith.

Agus sa chás is go bhfuil seo á léamh agat gan Gaeilge, tá leagan Béarla, leis.

I dteannta gach aon scéil díobh tá léarscáil de na háiteanna a luaitear ann, cé go dtugaim faoi ndeara nach bhfuil fhios cá bhfuil Tír na nÓg, ná Tír na mBan ach an oiread.

Is iontu a mhúsclaítear Éire.

Ná bac an Wild Atlantic Way ná Ireland’s Ancient East na turasóireachta, cuireann na scéalta seo beocht agus beatha sa taobh tíre ar do shiúlta duit.

Ach faire!

Is contúirteach an suíomh é. Gabh isteach ann agus is róbhaol duit gan teacht as. Mairfidh an t-iontas i bhfad níos faide ná na Euros, is b’fhéidir go deo.

Anois cá bhfuil an leabhar sin uaim?