Laoch ar lár

Léirigh líon agus leathanraon na ndaoine a bhí i láthair ag sochraid Sheáin Mhic Réamoinn i nDún Droma, Baile Átha Cliath, an…

Léirigh líon agus leathanraon na ndaoine a bhí i láthair ag sochraid Sheáin Mhic Réamoinn i nDún Droma, Baile Átha Cliath, an phearsantacht mhealltach a bhí ar lár, a scríobhann Seán Ó hÉalaí.

Thuill sé meas agus gean fud fad na hÉireann agus níos faide ó bhaile. Ó iar-Thaoiseach go rí-éigeas Éireann, ó urlár na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrach go dtí an Afraic, ó mhór-roinn na hEorpa go dtí an Bhreatain Bheag, tháinig siad as gach cearn agus gach réimse den saol in ómós dó.

Déantar dearmad uaireanta gur bhronn an Eistedfodd an gradam "Draoi" ar an Réamonnach. Ar an ócáid sin, i gcead do na draoithe eile, bhí an duine ceart aimsithe acu. Pearsantacht dhraíochtach a bhí aige a mheall daoine idir óg agus aosta chuige, agus a d'fhág cuimhne bhuan acu.

Tá a lán scríofa faoin acmhainn iontach seo dá chuid ach is dócha gurb í Nuala Ó Faoláin ina haitheasc, Dé Sathairn, a tháinig gar do mhíniú. Dúirt sí go mothaíodh an duine a chaitheadh seal ina chomhluadar go mbíodh pribhléid ag baint le fáil isteach ann sa gcéad dul síos agus go mbíodh onóir bronnta air nó uirthi ina dhiaidh.

Ar ndóigh, cé nach mbeadh meallta ag an meascán seo den sult agus den tsaíocht? Sórt tríonóide a bhí san Réamonnach - trí phearsa dhiaga in aon duine amháin: Bacchus, Búda agus Íosa. Más fáiltiúil a bhíodh sé, ní fear é a chuireadh suas go réidh le raiméis. Muna n-abradh sé glan amach é, ba leor séamafór an chroiméil agus na bhfabhraí a léamh.

Bhaineadh sé taitneamh as an saol, ach má b'álainn leis an domhan seo, bhíodh leathshúil aige ar dhomhan eile ar fad. Níor chaill sé riamh acmhainn iontais na hóige. Thug sé leis an acmhainn sin agus an fhiosracht chíocrach a théann léi go dtí an deireadh.

Don bon viveur seo, ba riachtanach an lón anama chomh maith leis an lón bia. Is léir ón iliomad ábhar inar chuir sé spéis gur shiúil sé tríd an domhan agus é ag blaiseadh ní amháin d'áilleacht ábharach na cruinne ach d'áilleacht na n-ealaíon agus na spioradáltachta.

Faoi seo, tá go leor scríofa faoina shaothar in RTÉ. Bhí sé ar dhuine den gceathrar a ghaibh coirnéal cultúrtha den stáisiún náisiúnta, a chuir suas bratach an dúchais agus a choinnigh suas é go dtí gur tháinig glúin eile craoltóirí lena chosaint. Is iad an triúr eile Proinsias Ó Conluain, Séamus Ennis agus Ciarán Mac Mathúna.

Ba dhuine é an Réamonnach a bhí fial lena chomhairle, lena léann agus lena thaithí. Chuir sé suim ar leith sna hiriseoirí agus sna léiritheoirí a tháinig ina dhiaidh in RTÉ. Thug sé misneach dóibh agus bhí sé ina threoraí acu, mar a dúirt Príomhstiúrthóir RTÉ, Cathal Goan, a bhí ar dhuine acu.

Thar aon rud eile cuimhneofar air mar scoláire aerach éirimiúil a shaibhríodh aon chomhluadar ina mbíodh sé. Má bhí tógáil croí nó spreagadh misnigh ó aon duine sna flaithis roimhe seo, tá sé ag siúl go státúil ina dtreo anois.