Kyne le dul i mbun oibre?

Fear na Gaillimhe á lua do Roinn na Gaeltachta


Is é an Teachta Dála Seán Kyne is mó atá á lua mar chomharba ar Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, sa chás go dtiocfadh deireadh le tréimhse aireachta an Chonallaigh nuair a dhéanfaidh an Taoiseach atheagar ar bhord an Rialtais ag tús na míosa seo chugainn.

Níl aon amhras ná gur dhána an mhaise é marbhna polaitiúil McGinley a scríobh. Breacadh a leithéid cheana roimh olltoghchán 2007 nuair a d’fhógair fear Ghaoth Dobhair nach mbeadh sé san iomaíocht. Bhí athrú poirt aige, áfach, nuair a d’iarr a cheannaire Enda Kenny air dul sa ghleo arís ar son na cúise.

Fear dílis páirtí é McGinley agus tá bóthar anacrach curtha de aige ó ceapadh mar Aire Gaeltachta é ag tráth go raibh níos lú airgid ná riamh i sparán Roinn na Gaeltachta. Sheas sé go diongbháilte le polasaithe agus ciorruithe a thuill drochmheas don Rialtas agus a dhein díobháil dó féin i measc phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tharlódh go ndéanfaí an dílseacht sin a chúiteamh leis anois agus go dtabharfaí deis dó slacht a chur ar an méid a bheidh mar oidhreacht aige.

Ach is é is mó an seans go mbeidh Enda Kenny ag iarraidh a oiread postanna agus is féidir leis a dháileadh ar Theachtaí Dála óga a mbeidh a suíocháin i mbaol sa chéad olltoghchán eile. Tá Seán Kyne ar dhuine de na polaiteoirí óga sin a bhfuil lámh chúnta ag teastáil uathu.

READ MORE

Is ar éigean go mbeidh seans ag Fine Gael ar dhá shuíochán i nGaillimh Thiar an chéad turas eile agus cabhróidh sé le cás Kyne gur thug a leathbhádóir Brian Walsh dúshlán lucht ceannais an pháirtí aimsir reifrinn an ghinmhillte. Tá Walsh fillte ar an nead arís, ach ní hionann é sin is a rá go bhfuil a pheacaí maite dó ag Enda Kenny.

Teachta Dála Gaeltachta eile atá i mbaol ná Brendan Griffin ó Chiarraí, ach ní chun leasa fhear Chaisleán na Maingne é go bhfuil sé áirithe mar bhall den chlub “Five-a- side,” grúpa de Theachtaí Dála óga a bhfuil teist na réabhlóide orthu.

Is beag Teachta Dála ó pháirtithe an chomhrialtais a bhfuil Gaeilge líofa acu agus is beag duine a bheadh cáilithe d’aireacht na Gaeltachta dá bharr. Tá Aodhán Ó Ríordáin ón Lucht Oibre i measc dornáin Gaeilgeoirí sa dá pháirtí a bheadh ag súil le hardú céime.

Ceapadh urlabhraithe Gaeltachta cheana nach raibh Gaeilge acu – Michael Ring agus Frank Feighan ó Fhine Gael, mar shampla – ach níor tharla sé riamh nach raibh Gaeilge ag an aire i Roinn na Gaeltachta a raibh cúram na Gaeltachta air.

Níos minicí ná a mhalairt is Aire Sinsearch a bhíonn ag plé leis an nGaeltacht. Ghlac Charlie Haughey cúram na Gaeltachta air féin le linn dó a bheith ina Thaoiseach agus bhí an cúram céanna go hoifigiúil ar John Wilson le linn dó bheith mar Thánaiste, ach seachas sin ráinig nach raibh ach dhá bhabhta go raibh Aire Sinsearach i Roinn na Gaeltachta nach raibh Gaeilge líofa acu ná príomhchúram na Gaeltachta orthu. B’shin le linn tréimhse aireachta Shíle de Valera (1997-2002) agus tréimhse Jimmy Deenihan, an tAire reatha.

Tá tuairmíocht ann go gcaillfidh Deenihan a áit ag bord an Rialtais agus ní fios fiú an seasfaidh sé sa chéad olltoghchán eile. D’fhéadfaí mar sin filleadh ar an dtraidisiún go mbíonn áit ag bord an Rialtais ag an té a bhfuil cúram na Gaeltachta air. D’fháilteodh na heagraíochtaí teanga roimh a leithéid de shocrú agus é ráite go minic nach bhfuil dóthain cumhachta ag Dinny McGinley toisc é a bheith ag brath ar Aire eile chun a chás a dhéanamh ag an bpríomhbhord.

Dá gceapfaí Gaeilgeoir mar Aire Sinsearch sa Roinn, d’fhéadfadh go mbeadh ardú céime i ndán do Fergus O’Dowd, iar-urlabhraí Gaeltachta Fhine Gael, cé go raibh fear Lú ar an dtaobh mhícheart san éirí amach i gcoinne Enda Kenny i 2010. Tá Gaeilge chomh maith ag Alex White agus dá gcaillfeadh sé an cath i gcoinne Joan Burton do cheannaireacht an Lucht Oibre b’fhéidir go mbeadh aireacht éigin ag dul dó mar chomhartha athmhuintiris. Ar ndóigh, tá Leo Varadkar ag foghlaim na Gaeilge agus bhí Conradh na Gaeilge tógtha leis an éisteacht a thug sé dóibh maidir le ceist na Gaeilge ar chomharthaí bóithre an Stáit. Ardú céime atá á thuar do Varadkar, áfach.

Mar sin, is é is dóichí ná go ndéanfaí Aire Gaeltachta de Sheán Kyne sa chás nach bhfágfaí McGinley sa phost. Dá dtarlódh sin bheadh suíochán Dála fhear Mhaigh Cuilinn ag brath cuid mhaith ar conas mar a chruthódh sé ina jab nua.