Keane na gcoileán

Tá dhá dhúshlán mhóra roimh Roy Keane i mbliana


Cibé duine a d’iarr ar Roy Keane bheith ina ambasadóir don chumann náisiúnta a chuireann madraí treoracha ar fáil do dhaoine dalla bhí clisteacht thar cionn acu i gcúrsaí margaíochta.

Gach uile bhliain, filleann Roy ar Éirinn agus comhlíonann sé ócáid ghrianghraf agus preasócáid le hachainí bhliantúil an chumainn ar shíntiúis a lainseáil.

Tugann Roy cúpla ráiteas uaidh faoi chonspóid reatha éigin i gcúrsaí sacair. An lá dár gcionn, bíonn cinnlínte móra faoin méid a dúirt sé agus grianghrafanna áille de i gcomhluadar cúpla coileán gleoite ar na leathanaigh nuachta. Jab déanta.

Cad é atá ann faoi Keane a mheallann suim na meán ar bhealach a chuirfeadh éad ar an réalta is mó scannáin nó popcheoil?

READ MORE

Ní leor a rá go bhfuil sé ar dhuine de na himreoirí sacair is fearr a rugadh sa tír.

Ná go raibh sé ar dhuine de na himreoirí is fearr riamh i bPríomhroinn Shasana.

Is léir ó imeachtaí a shaoil go dtí seo go bhfuil beagán den ruibh ag baint le Keane agus tá na meáin i gcónaí san airdeall do phléascadh uaidh.

D’íoc Manchester United táille mhór nuair a shínigh siad Keane ó Notts Forest i 1993. Faoi stiúir Alex Ferguson mar bhainisteoir, d’aimsigh Keane éiteas a réitigh leis – mian buachana, cuma an costas – agus le chéile bhuaigh siad gach onóir mhór sa sacar.

Le linn a chuid ama le United níor leasc leis foghanna fíochmhara poiblí a thabhairt faoi chomhleacaithe a mheas sé nár chomhlíon a chaighdeán ard pearsanta.

Thug sé “lucht na gceapairí cloicheán” ar chuid de lucht féachana ag Old Trafford. B’shin lena fhoireann féin!

Ach, bhí taobh níos dorcha fós ag baint le Keane.

Chuaigh sé i ngleic chomh láidir sin le himreoirí eile gur ghnóthaigh sé dosaen cárta dearg lena linn i Manchain.

Gan amhras, bhí flosc chun buachana ann ach, faraor, ba mhinic gur buachain ar aon phraghas a bhí i gceist.

Amannta, chuaigh sé níos faide ná stíl ghreannach imeartha agus facthas meargántacht faoi chonchlann a ghortú.

Bhí conspóidí eile le linn a théarma fada i ngeansaí Phoblacht na hÉireann, formhór an ama sin mar chaptaen na foirne.

Tá máchail doghlanta ar an ré sin de bharr na raice a tarraingíodh agus an fhoireann ag ullmhú do chluichí Chorn an Domhain 2002 i Saipan na Seapáine.

Bhí easaontas ón chéad lá idir Keane agus an bhainistíocht.

Sa deireadh, ní raibh sé soiléir ar díbríodh é nó ar fhill sé abhaile dá dheoin féin.

Cad tá taobh thiar den mheascán meallachán seo de thiomantas buachana agus fonn ionsaithe?

Murab amhlaidh agus imreoirí eile nach raibh leath chomh hoilte leis, bhí ar Keane buaic a cheirde a bhaint amach níos moille agus níos saothraí.

Nó an neamhdhaingne intinne éigin atá ann de bharr gur den aicme oibre é as ceantar díothach i gcathair Chorcaí?

Tá na conspóidí móra sin thart. Béarfar breithiúnas air de bharr a ndéanann sé anois agus sa todhchaí, sna chéad sé mhí eile ach go háirithe.

Tá dúshláin bhainistíochta imeaglaithe roimhe amach agus beidh gá le gach pioc dá chuid féinmhuiníne cailiúla.

Tá Keane anois ina leasbhainisteoir ar dhá fhoireann – Poblacht na hÉireann le Martin O’Neill agus Aston Villa faoi Paul Lambert.

Roimh dheireadh na bliana imreoidh an Phoblacht cluichí cáilithe móra do Euro 2016, ina measc cluiche i Gelsenkirchen na Gearmáine in aghaidh curaithe nua an domhain.

Dúshlán mór eile atá i ndán dó leis an gclub stairiúil Aston Villa mar is beag craobh atá buaite acu le tamall fada.

Tosóidh an Phríomhroinn arís ar 16ú Lúnasa agus beidh tuairim mhaith againn faoi Lá Coille conas tá ag éirí leis an Roy Keane nua sa dá phost.

Ní raibh deacracht riamh ag Keane ó thaobh tallann peile de.

An cheist a bhí – agus atá – ann is faoina mheon atá sé.

An bhfuil na scileanna bainistíochta pearsanra aige – ina measc, an fhoighne – leis an bhfeidhmíocht is fearr a tharraingt as imreoirí nach bhfuil ar aon leibhéal scile leis féin agus a mheasann sé a bheith rómhall ag tíocht chun an chaighdeáin dlite?

Le blianta beaga anuas tá comharthaí ann go dtuigeann Keane féin an deacracht seo ach fágann a chuid tréimhsí bainistíochta le Sunderland agus Ipswich an cheist bhearránach seo: an bhfuil an meon cuí aige le toradh a aimsiú le foirne atá ar céim íseal scile de?

Leanfaidh corraíl agus conspóid Roy Keane go síoraí. Ach, cuma cad a tharlaíonn, croithfidh na coileáin bheaga a gcuid eireaball agus fáilteoidh siad roimhe gach uile bhliain.

Murab amhlaidh agus lucht leanúna spóirt, tá coileáin somhaiteach.