'Is feachtas moralta e athbheochan na Gaeilge'

Is annamh an focal "morálta" bheith in úsáid agus muid ag cur síos ar chúrsaí Gaeilge

Is annamh an focal "morálta" bheith in úsáid agus muid ag cur síos ar chúrsaí Gaeilge. Is fusa a thagann "cearta," "féiniúlacht," "oidhreacht" chun béil agus na cúrsaí céanna faoi chaibidil. Ní den chéad uair, is é Breandán Ó Doibhlin, scríbhneoir, a insíonn dúinn i mbeagán focal an tábhacht a bhaineann le cultúr.

Téann na polaiteoirí chun leadránaí; éiríonn a gcuid focal níos faide agus teipeann orthu míniú a thabhairt.

Ní mar sin don Doibhlineach agus é ag caint ag an deireadh seachtaine le linn oscailt Fhéile na Bealtaine d'Oireachtas na Gaeilge.

Ar seisean: "Óir ar deireadh thiar, athbheochan na Gaeilge agus an Ghaelachais, feachtas morálta atá ann, sa chiall is leithne den bhfocal sin. Agus beart leorghnímh atá ann freisin, chun cúiteamh a dhéanamh agus ár n-anam a ghlanadh ar an pheaca a rinne ár sinsir sa 19ú haois, agus a bhfuilimid faoina thionchar go fóill."

READ MORE

Agus sin agat an míniú is beaichte a gheobhaidh tú ar an cheist achrannach: Cad chuige an Ghaeilge?

Ní hiontas go bhfréamhaíonn Ó Doibhlin a thuigse ar chultúr in ithir na spioradáltachta. Is cuí mar a chuireann sé i gcuimhne dúinn cad chuige luach chomh mór sin bheith ar shaothrú teanga agus ar an chontúirt a bhaineann le í a chaitheamh i leataobh:

"Ach is chuige seo atá mé: anois, nuair nach n-airítear an cultúr Gaelach mar bhundamhna ár bhféiniúlachta, agus go bhfuil leá-chúr-na habhann ag dul ar cheangal daoine leis an Chaitliceachas, cá rachaimid a lorg na n-acmhainní spioradálta a choinneodh gnúis dhaonna, ceannaithe daonna, ar an tsochaí atá suas feasta, iarchoilíneach, iarchreidmheach, róchaipitleach, ardteicneolaíocht?

"Cá bhfaighimid an acmhainn, an fuinneamh, an tapa, an fhís chun sochaí a chruthú a n-aithneoidh ár muintir iad féin inti mar scáthán, baile poirt agus daingean áit éigin seachas Boston nó Berlin?

"An airíonn ár muintir iad féin ag baile inti mar atá agus a bhfuil de phlánanna sóisialta á creimeadh faoi láthair?"

Ní cheadaíonn Ó Doibhlin don lionn dubh nó beag is fiú an lámh in uachtar a fháil air.

Aithníonn sé a bhfuil bainte amach - "Is uirlis í feasta an Ghaeilge atá in ann aghaidh a thabhairt ar aon éileamh a dhéantar uirthi" - ach níl eagla air cur i gcuimhne dúinn go bhfuil mórán eile le déanamh: " ... má tá an teanga sábháilte againn mar theanga (agus mairfidh sí mar theanga, mar chóras friotail), níor éirigh linn go sásúil fós urlabhra a thabhairt di. Ní baol don teanga, an langue; ach is leochaileach don urlabhra, an parole, an úsáid bheo laethúil."

Molann sé "gur sa chomhthéacs cultúrtha sin is gá acmhainn an Ghaelachais a shaothrú mar inspioráid, mar fhórsa spioradálta inmheánach atá ar fáil ag gach saoránach. Mar tá níos mó ná teanga i gceist, fiú más riachtanas í an teanga mar uirlis.

"Ár saindearcadh ar cad is saol daonna ann a chaomhnú agus a neartú - mar is comhartha dílis ar chultúr beo rogha neamhspleách a dhéanamh agus diúltú do rud a dhéanfadh dochar dó. Scrúdú criticiúil ar staid na sochaí sa tír agus beart dá réir; críoch le féinchomhghairdeas agus le teanntás gan taca; ciall do threo an ama atá caite a sheachadadh don aos óg mar aon le freagracht i leith an ama atá le teacht.

"Sa tslí sin, ciall agus brí a chur ar ais sa saol daonna, coimhthíos an spleáchais a chur ar ceal, ár lorg agus ár n-ainm féin a bhualadh ar shaol agus ar aghaidh na tíre."

Cuirimis ruball eile le caint Uí Dhoibhlin. Scríobhann an criticeoir Palaistíneach, Edward Said:

"The morality and principles of an intellectual should not constitute a sort of sealed gearbox that drives thought and action in one direction, and is powered by an engine with only one fuel source.

"The intellectual has to walk around, has to have the space in which to stand and talk back to authority, since unquestioning subservience to authority in today's world is one of the greatest threats to an active, and moral, intellectual life...

"The hardest aspect of being an intellectual is to represent what you profess through your work and interventions, without hardening into an institution, or a kind of automaton acting at the behest of a system or method."

Is fíor an rud céanna i gcás athbheochana de.