Iomann na huaire

Níl sa tsaol ach airgead agus aicme agus measúlacht


Ní raibh a fhios agam nuair a chuireas mo chuid páistí go dtí an Scoil Chaitliceach in aice láimhe go mbeadh lucht taistil ann.

Ní raibh a fhios agam go mbeadh ar mo chlann mhac agus iníon suí in aice leo, mar tá drochbholadh uathu.

Bhí a fhios agam go bhfuilimid mar a chéile i bhfad thíos, ach b’fhearr liomsa an rud atá thuas.

Is ionann liomsa an craiceann is a luach is a dhath, cibé rud a deireann tú féin.

READ MORE

Ná ní raibh a fhios agam go mbeadh orm a bheith tuisceanach do dhaoine eile lasmuigh den chomharsanacht.

Ní maith liom an chuid is mó díobh. Ní labhrann siad cosúil liomsa. An duine nach labhrann cosúil liomsa ní thuigim é.

Is chaith mé vóta ionas nach mbeadh an rif-raf in áitreabh in aice liom. Is é nár thuigeas ná go mbíonn an daoscar i gcónaí farainn.

Dá rachainn ar dhréimire na dtithe go hóg, bheadh siad fós im dhiaidh aniar.

Chaith mé vóta mar bhí an t-iarratasóir go deas. Bhí blas deas ar a chuid cainte, is éadaí deasa air, is é glanbhearrtha go deas, is cúrán deas ar a shmig, is fiacla deasa geala aige, agus gruaig dheas chóirithe ar a chloigeann, agus é go deas deas liomsa go deas, agus dá bhrí sin thug mé m’uimhir a haon dó go deas cruinn.

Agus chomh maith leis sin, bhí polasaí deas aige. Ní raibh sé sásta go mbeadh gadhair ná inimircigh ina gcónaí in aice liom.

Ná in aice le haon duine eile ach an oiread. Go deimhin deimhin dearfach, is é a thuigeas nach mbeadh teifigh ná salacháin ina gcónaí áit ar bith, rud a chuir gliondar croí orm.

B’é a rogha féin é, adúirt sé liom, iad féin is ciontaí lena gcás féin. Gaois mar é níor chuala mé riamh.

Agus chuir mé airgead i dtaisce. Bhueil, le fírinne, rinne mé airgead a ineistiú. Bhí súil agam go ndéanfadh brabús. Dúradh liom go ndéanfadh brabús.

B’é ba bhrí le hairgead a ineistiú ná go bhfaighfeá brabús. Ní dúirt aon duine riamh liom gur cosúil le hairgead a chur ar sheanchapall caite é.

Níor thuigeas gurbh ionann ineistiú airgid agus dul go Paddy Power.

Agus chaill mé airgead agus pinsean agus mo chairníní óir. Ach, féach, ní féidir faic a dhéanamh mar gheall air.

Sin é an saol. Sin é an córas. Cé mise le cur in aghaidh an chórais?

B’fhearr liom nach mbeadh cóip na sráide ina gcónaí in aice liom ná na céadta míle a chailliúint ar ineistíocht. Ní ghéillim gurb ionann é agus geall a chur.

Má chuireann duine measúil a chuid airgid isteach i bhfiontar, ní hionann é agus rifíneach ag dul sa tseans ar shean-naigín.

Mar is duine deas é an baincéir agus an stocbhróicéir, ach is den taobh eile den bhaile é an geallghlacadóir.

Creidimse sna nithe sin ar fad a gcreideann gach aon duine iontu.

Creidim go raibh an ginmhilleadh in aghaidh an chirt 30 bliain ó shin, ach creidim go bhfuil ar son an chirt anois. Ní hionann sin is nach bhfuil m’aigne féin agam.

Bím ag machnamh ar mo shon féin cosúil le gach duine eile a bhíonn ag machnamh ar a shon féin ar nós gach duine eile a bhíonn ag machnamh ar a shon féin go neamhspleách mar atáimse.

Tá a fhios agam gur dúradh linn fadó gurbh é an duine féin ba thábhachtaí – a thréithe pearsanta, agus nithe seanfhaiseanta mar sin.

Ach tá’s againn anois gurb é an seoladh baile atá agat is tábhachtaí, nó luach do thí, nó an tuarastal sin, nó an dream a bhfuil tú mór leo, nó an t-ionad atá agat ar an dréimire, nó an méid cairde atá agat ar an Straoisleabhar, nó an sraithscannán is déanaí a bhfuil tú gafa leis.

Deir daoine liom go bhfuil sin cineál ‘éadomhain’, ach ní aontaím leo, mar cad eile atá ann?

Níl sa tsaol ach airgead agus aicme agus measúlacht, arb ionann iad. Séantar é más féidir leat!

Féach leat an gean atá abhus ar an mbanríon agus ar a teaghlach ríogúil. Níor cheap mé riamh go raibh a leithéid d’earra ann agus ‘fuil ríogúil’.

Ach léigh mé alt gairid san Sun go raibh cruthú eolaíochtúil ann ar son na fola ríogúla. De réir an eolais b'eolgaisí bhí an fhuil sin 'gorm' nuair a dhoirtí isteach i miasa airgid í. Agus chuala mé an rud céanna ar Sky News.

Tá’s agam chomh maith go bhfuil ISIS le concas a dhéanamh ar an Eoraip agus go mbeidh ar mhná burqa a chaitheamh gan mhoill agus cead ag fear seachtar ban a phósadh agus a bheith páirteach sa dícheannadh laethúil ar Fhaiche Stiabhna mar bhí sin ar ‘Tvuítear’ cúpla uair.