Iomaint fhiata

D'fhan Dónal ina thost. Níl dóigh ar bith ann faoin spéir gur Cos Roimh Gheaitín a bhí ansin. Dóigh ar bith

D'fhan Dónal ina thost. Níl dóigh ar bith ann faoin spéir gur Cos Roimh Gheaitín a bhí ansin. Dóigh ar bith. Bhí an liathróid ró-ard. Ní raibh seans faoin spéir go mbuailfeadh sí an stumpa dá ligfeadh an slacaí di taisteal ar aghaidh, seans dá laghad.

D'amharc sé ar a chompánach leis sin a rá leis. Bíodh ciall agat, a dúirt sé leis féin, níor cheart go mbeadh spéis ag poblachtánach i gcruicéad, go háirithe poblachtánach a bhí ina iarchime IRA.

"Tá tú iontach ciúin," a dúirt a chompánach, "an bhfuil imní ort faoin óráid?"

"A Thiarna, níl. Thiocfadh liom an óráid seo a thabhairt agus mé ceangailte bun os cionn den tsíleáil."

READ MORE

Lean Dónal leis ag smaoineamh ar an chruicéad. Bhí mistéir ag baint leis an chruicéad a mheall é. B'fhearr leis é ná an iomáint cé nach dtiocfadh leis a leithéid a admháil go poiblí.

Ba chuid dá chúram polaitiúil freastal a dhéanamh ar chluichí Gaelacha ionas go bhfeicfeadh na vótóirí go raibh sé ag tacú leis an chultúr dúchasach.

Bhí go leor tráthnónta fada caite aige ar bhruach Pháirc Mhic Asmaint agus é ag breathnú foireann iomána Aontroma i mbun oibre. B'fhiú cúpla vóta é bheith le feiceáil ar ócáid den chineál.

Mar sin féin, is beag spéis a bhí aige sa chluiche. Bhí sé, bhuel, bhí sé róbhrúidiúil. An scoradh santach sin uilig a rinne na hiománaithe leis na camáin, a Dhia, chomh fiata agus a bhí sé.

Níorbh ionann é agus an cruicéad. Bhí múineadh ag baint le cruicéad agus dea-aimsir agus dea-bhia. Sea. Luigh siar ar do shuaimhneas ar bhruach an fhaiche, cúpla ceapaire a thógáil as an chiseán agus gloine fuar fíona i do ghlac. Ní raibh a shárú le fáil.

Ba sna H-Bhlocanna a chonaic sé a chéad chluiche riamh - na hIndiacha Thiar in éadan Shasana. Rinne sé iontas den radharc ar feadh tamaill bhig; lig air féin gur ag magadh a bhí sé faoin imirt mar a bhí a chomrádaithe ach, diaidh ar ndiaidh, fuair an cluiche greim air.

Bhí draíocht mhistéiriúil inteacht ag baint leis an rud ar fad - an dóigh ar bhog na himreoirí thart ar an fhaiche; an rithim nádúrtha rialta a bhí leis an bhabhlálaí agus an chosaint dháigh a rinne an slacaí, é ag staidéar a raibh roimhe go ciúin, é ag iarraidh an stumpa a chosaint agus, ag an am céanna, an liathróid a ionsaí agus ritheanna a shaothrú trí fhaillí agus trí éagumas an bhabhlálaí.

Agus an tost a bhain leis. D'fhéadfadh sé coiscéimeanna na n-imreoirí a chluinstin ar an fhéar; d'fhéadfadh sé fuaim bhog na liathróide ag bualadh ar an bhata saileach a chluinstin; d'fhéadfadh sé brístí na bhfear bata ag cuimilt in éadan a chéile a chluinstin agus iad ag tabhairt ruathair síos i dtreo an gheaitín.

Ba é an tost a mheall é, an dóigh ar chruthaigh an imirt tearmann tosta sa té a bhreathnaigh. Ní raibh le déanamh ach géilleadh agus thuigfeá a rún - tost, suaimhneas, síocháin, am saor.

Ar thaobh na nIndiacha Thiar a bhí sé. Nach chun na nIndiacha Thiar a cuireadh na glúnta Éireannacha? Leoga, bhí sloinnte Gaelacha go forleathan i measc phobal na n-oileán céanna, comhartha a thug géarleanúint an phobail le fios. Chart Cromwell agus a chomhghleacaithe pobal na hÉireann amach as a dtír féin agus sheol siar ar rinn claímh iad - ach ní raibh dearmad déanta orthu.

Ba mhó an draíocht a bhain le cluichí san oíche. Bhí blianta dorcha na pluide agus na stailceanna ocrais thart. Luigh sé faoi choim a bhraillíní leapa, cluasáin an Walkman ina suí go teolaí ar a cheann agus d'aimsigh Seirbhís Dhomhanda an BBC. Bhí camchuairt na hIndia ar an Astráil ar siúl agus d'éist sé le tráchtaireacht bhinn na láithreoirí agus iad ag cur síos ar an uile phoc ar buille.