Iomaint ar oighear

Beocheist: An bhfuil tú i do shaineolaí ar an iománaíocht? Táim

Beocheist: An bhfuil tú i do shaineolaí ar an iománaíocht? Táim. Ar chuala tú faoin 'Camanachd' a imrítear in Albain? Chuala. Ach ar chuala tú riamh faoin chineál camánaíochta a imríonn siad sa tSualainn? ar chuala tú riamh faoin chluiche 'Bandy'? Níor chuala?

Bhuel d'fhreastail mise ar chluiche ceannais chraobh Bandy na Sualainne. Is cluiche é Bandy atá an-chosúil leis an iománaíocht, ach amháin go n-imrítear é ar pháirc oighir. Ní haca-oighear atá i gceist agus bheadh aon Bhandaíoch dáiríre ar buille leat as a leithéid a rá.

Imrítear an cluiche le liathróid bheag oráiste atá thart ar aon mhéid le sliotar. Úsáidtear bataí cosúil leis na camáin a fheiceann tú i seanghrianghrafanna ó thús an 20ú haois. Níl cead ach ag an gcúlbáire a lámh a leagan ar an liathróid ach feiceann tú a lán liathróidí arda agus imirt san aer fós.

Tá na rialacha an-chosúil leis an sacar agus tá cúis leis sin. Tá an pháirc thart ar aon mhéid le páirc sacair agus bíonn 11 imreoir ar na foirne. Creid é nó ná creid, tháinig an cluiche geimhridh seo chun na Sualainne ó Shasana agus tagann an focal Bandy ó fhocal Breatnaise "Bando".

READ MORE

Bhí an cluiche an-choitianta i gceantair fharraige na Breataine Bige le linn an 19ú haois as ucht neart tránna fairsinge bheith ar fáil don imirt nuair nach raibh an aimsir sách fuar. Ar ndóigh, bhí aeráid na hEorpa níos fuaire i rith an 19ú haois ná mar atá sí anois, go háirithe in áiteanna atá faoi thionchar aeráid na mór-roinne, cosúil le deisceart Shasana. Tá neart cuntas comhaimseartha maidir le habhainn na Tamaise bheith ina leac i lár Londan féin.

Is ar an ábhar sin, is dócha, a breacadh síos rialacha an spóirt i Sasana i 1891. Scaip an spórt ar fud na hEorpa de bharr iarrachtaí chumadóir na rialacha sin, Charles Goodman Tebbutt. Imríodh craobh chomórtas na hEorpa i 1913. Ghlac os cionn 20 náisiún páirt sa chomórtas ach chuir slad an chéad chogaidh dhomhanda deireadh leis an spórt ina lán áiteanna san Eoraip. Ní imrítear an cluiche i Sasana inniu mar go mbíonn sé róthe.

Ach tá an cluiche an-láidir sna tíortha Nordacha, san Ísiltír, agus sa Rúis, áiteanna inar imríodh cluichí cosúil le Bandy ar feadh na gcéadta bliain. Ach is í an tSualainn croílár an spóirt. Tá sraith leathphroifisiúnta sa tSualainn agus ar an tríú Domhnach de mhí an Mhárta tagann os cionn 20,0000 duine go dtí cathair Uppsala ar son an ócáid is mó i saol an Bandy; an chraobh.

Muna bhfuil taithí agat ar an gcineál fuachta atá amuigh sa tSualainn i mí an Mhárta, ní fhéadfá crógacht agus dílseacht an tacaí Bandy a thuiscint i gceart. Is cineál fochultúir é leanadh den Bandy. Scoiltear an cluiche ina dhá leath 45 nóiméad an ceann, agus 15 nóiméad ag leath ama. Ní fhéadfadh duine seasamh i dteochtanna foreoite ar feadh beagnach dhá uair gan foscadh éicint.

Ní bhíonn mórán foscaidh i gceist, áfach. Má bhíonn ardán ar bith ann, tá an t-ádh ort, ach bíonn an bheatha acu, uisce beatha! Ní fíorthacaí Bandy thú gan do "Bandy Case", seanmhála taistil, lán le deochanna te agus deochanna meisce nó meascán den dá rud.

Ós rud é go mbíonn an imirt féin an-ghasta agus an liathróid á caitheadh ó thaobh go taobh an pháirc oighir, tá sé an-deacair coinneáil suas leis an imirt. (Caithfear gur as an ngníomhaíocht seo a tháinig an nath Béarla "bandy about".) Deir a lán daoine go bhfaightear amharc níos fearr ar chluiche Bandy ar an teilifís agus tú i do shuí i do sheomra suite te teolaí féin.

Bhí fear os mo chomhair ag an gcraobhchluiche i mbliana a bhí ag ól biotáilte go tréan. Bhí sé ag mallachtú gach uile rud a bhí ar siúl go dtí an nóiméad deiridh nuair a fuair Edsbyn a séú cúl in aghaidh dhá chúl a fhoirne féin, Hammarby. Thosaigh sé ag ceiliúradh ansin.

Bhí corrlach maith ag monaplacht cearrbhachais an stáit ar scór deireanach 6-2. Bhí airgead curtha aige in aghaidh a fhoirne féin agus suim mhaith buaite aige. Is éagsúil an tír í an tSualainn.