Imeachtaí le linn deireadh seachtaine

Beocheist: Maidin Domhnaigh san ardchathair is léir go bhfuil daoine ar a sáimhín suilt

Beocheist: Maidin Domhnaigh san ardchathair is léir go bhfuil daoine ar a sáimhín suilt. Éadaí an tsamhraidh ag cur barr maise ar áilleacht nádúrtha na ndéagóirí. Agus nach breá iad na páistí i dteannta a dtuismitheoirí a fheiscint ag stad na mbus - turas ar an sú nó ar an bhfarraige, b'fhéidir.

Chím file gnaíúil Ciarraíoch ag spaisteoireacht thart, ag baint taitnimh as ciúnas neamhghnáthach na cathrach.

Chím fear ag dul isteach san ospidéal máithreachais agus úrscéal toirtiúil go maith faoina ascaill aige. Feitheamh fada i ndán dó?

I gclós na nGardaí tá Garda óg á ghléasadh féin ina loirgneáin agus ina sheaicéad leathair. An gluaisrothar ag crónán go binn lena thaobh, réidh le cur chun bóthair.

READ MORE

Faoin am seo tá na sluaite dílse ag déanamh ar Pháirc an Chrócaigh do na cluichí móra. Caithfear súil a choimeád ar rudaí. Way leis, lá oibre ag tosnú.

Maidin Domhnaigh bíonn iarsmaí gránna na hoíche roimhe sin le feiscint.

Mar sin léimeadh an léitheoir goilliúnach thar an chéad abairt eile! I bpóirse oifige, 100 slat ó Dhroichead Uí Chonaill, tá carn mór aisig agus péire colúr á shlogadh siar go craosach. Yuk!

Ach ar mo bhealach abhaile trí shráidbhaile sofaisticiúil Dhomhnach Broc chím lánúineacha óga, greim lámha acu ar a chéile, néalta neimhe casta timpeall orthu. Cá bhfuil a dtriall?

Chuirfinn geall gur ag déanamh ar chaifí beaga a táid. Latte agus bagel mar bhricfeasta acu. Ní bhacfaidh siad le nuachtáin an Domhnaigh ach léifidh siad scéal na hoíche roimhe sin i súile a chéile. Nach breá í an óige hormónach agus mo léan géar, nach tapa mar a shleamhnaigh sí uaim féin?

Is beag nár ruaig lucht grá cuimhní an lae roimhe sin as m'aigne. Ar an Satharn bhuaileas le muintir Ros Dumhach a chaith breis is deich lá ar an "tSiúlóid Fhada" ó Mhaigh Eo go Baile Átha Cliath. Shiúil thart ar 500 duine ó Phríosún Chill Mhaighneáin go dtí Ardoifig an Phoist.

Na daoine a shiúil an bealach ar fad, fir is mná, bhíodar thar a bheith sásta leis an bhfáilte a cuireadh rompu sna bailte éagsúla agus go háirithe leis an lear mór ceisteanna a cuireadh orthu. Turas oideachais. Seans maith go n-eagrófar tuilleadh turasanna mar caithfear 'spin' Royal Dutch Shell agus lucht cumhachta a throid.

De réir mar a chuirim aithne ar na daoine seo, sea is mó an meas atá agam orthu. Tá iontaoibh iomlán agam astu, dream fíor-ionraic agus tacaíocht acu ó bhreis is 90 faoin gcéad de phobal Iorrais. Ní miste éisteacht leo.

Tá sábháilteacht phobail iargúlta Iorrais i gceist mar sin is é "Shell chun Sáile" mana an fheachtais. Cinnte dearfa teastaíonn ó mhuintir Iorrais go dtiocfadh an gás i dtír ach ar coinníoll go ndéanfaí scagadh air amuigh ar an bhfarraige mhór.

Tá an t-airgead ag Shell chuige sin. I 2004 dheineadar brabús £1.5 milliún punt Sasanach gach aon uair an chloig nó £36m in aghaidh an lae. Tá airgead i gceist ar bhealach eile leis - faic ag dul don Stát seo againne ó thionscnamh Shell.

Deir roinnt mhaith innealtóirí nach bhféadfá áit ar bith a fháil a bheadh níos mí-oiriúnaí do scaglann gáis ná an áit a roghnaigh Shell. Is dócha gur cheap Shell go ngéillfeadh pobal scaipthe Iorrais, is cosuil nach raibh an t-ainm Davitt cloiste acu.

Tá an-bhaol ann go ndéanfadh obair na scaglainne truailliú ar an bhfarraige sa chúinne thiar thuaidh de Chontae Mhaigh Eo, ceantar speisialta ó thaobh an nádúir de, agus ar na lochanna a thugann uisce do theaghlaigh an cheantair.

Níl ach thart is 70 acra ag teastáil don scaglann atá beartaithe ag Shell. Ach tá seilbh acu ar 400 acra agus iad ag lorg 500 acra eile.

Cad chuige? Cad tá á bheartú acu? Cén fáth an rúndacht? Tar éis an gháis tagann an íle agus i dteannta na híle tagann truailliú, trom-thruailliú.

De réir mar a thuigim an scéal, deir Shell, chun an pobal a shásamh, mar dhea, "Ní chuirfimid na píopaí gáis tríd na páirceanna sin ach cuirfimid iad tríd na páirceanna seo". Nach gceapfá gur leo féin an talamh?

Cad a dheineas féin oíche Shathairn? Tháinig an garmhac, Conal, chugainn. Is naíonán cliste é agus chraith sé lámh linn go léir arís is arís is arís eile.

Bhí beirt chara linn chomh maith, Osman agus Ajmal, teifigh Mhoslamacha ón Afganastáin. Chraith Conal lámha leosan leis arís is arís. Mar sin bhí oíche dheas againn. Gáire is grá, buíochas le Dia agus le hAllah.