Idir Oirthear agus Iarthar

Beocheist: D'éirigh leis an Úcráin neamhspleáchas a bhaint amach i 1991 le titim an Aontais Shóivéadaigh

Beocheist: D'éirigh leis an Úcráin neamhspleáchas a bhaint amach i 1991 le titim an Aontais Shóivéadaigh. Ó shin i leith, tá an tír mhór seo de 48 milliún duine ag iarraidh bheith mór leis an Rúis agus leis an Domhan Thiar.

Nuair a toghadh an t-uachtarán reatha, Leonid Kuchma, den chéad uair i 1994, gheall sé naisc na hÚcráine leis an Rúis a threisiú. Os a choinne sin, tá mar aidhm ag an Úcráin bheith ina ball de NATO is den Aontas Eorpach.

Is fearr aithne ar Kuchma san Iarthar toisc líomhaintí bheith curtha ina leith go raibh baint aige le bás Georgiy Gongadze. B'iriseoir é Gongadze a mbíodh sé de nós aige cámas a fháil ar Kuchma. Cuireadh an nós sin de i 2000 nuair a maraíodh é.

Díríodh aird ar Kuchma arís le déanaí nuair a dhíol an stát oibreacha cruach leis an mbeirt Úcránach is saibhre sa tír. Ba chliamhain le Kuchma duine acu.

READ MORE

Leis an toghchán uachtaránachta reatha, áfach, creidtear go bhfuil áiméar ag an Úcráin droim láimhe a thabhairt leis an saghas sin camastaíola agus deis druidim i dtreo na hEorpa go cinnte.

Is é Viktor Yushchenko siombail na deise nua seo. Beidh seisean ag dul in iomaíocht le Viktor Yanykovych sa dara babtha vótála a bheidh ar siúl Dé Domhnaigh. Ciontaíodh Yanukovych dhá uair as coireanna agus féachtar air mar fhear na Rúise sa toghchán.

Mar sin féin, tá Yanukovych ina phríomh-aire ó 2002 agus is eisean atá molta ag Kuchma d'oifig an uachtaráin. Ní amháin sin ach tá ceannaire na Rúise, Vladimir Putin, i ndiaidh a chuid tacaíochta a thabhairt do Yanukovych.

Bhí Putin san Úcráin cúpla lá roimh an gcéad bhabhta vótála. Ba é an chúis oifigiúil leis an gcúirt ná é bheith i láthair ag mórshiúl a chomóraigh saoradh na hÚcráine ó na Naitsithe i 1944.

Ach ghlac Putin páirt i gcraoladh teilifíse beo inar fhreagair sé ceisteanna ón lucht féachana. Lena linn sin, mhol Putin Yanukovych agus obair a rialtais. I rith an mhórshiúil, bhí Putin ina sheasamh ar ghualainn Yanukovych.

Ach dá ámharaí a bhí Yanukovych i rith na toghchánaíochta is ea is mó an mí-ádh a bhí ag rith le Yushchenko. Buaileadh breoite i Meán Fómhair é. Mhaígh a lucht leanúna gur cuireadh nimh ar a bhia ach, dar le lucht coimhdeachta Yanukovych, gurbh é an bia coimhthíoch is maith leis ba chúis lena mhífhortún. Pé acu é, chaill sé deiseanna tábhachtacha toghchánaíochta agus chaith cuid den mhí in ospidéal san Ostair.

Anuas air sin, tá smacht ag lucht tacaíochta Yanukovych ar fhormhór na stáisiún teilifíse - bhí gearáin le cloisteáil le déanaí nach mbíonn le feiceáil ar na scáileáin ach an príomh-aire agus é ag croitheadh lámh is ag tabhairt póg do leanaí.

Bhí ar fhostaithe de chuid an stáit tacaíocht a thabhairt d'fheachtas an phríomh-aire agus chuaigh na húdaráis cánach sa tóir ar eagraíochtaí a thacaigh le Yushchenko.

D'ainneoin sin, ba go maith a d'éirigh le Yushchenko sa chéad bhabhta vótála. Léirigh torthaí oifigiúla gur ghnóthaigh sé 39.87 faoin gcéad den vóta i gcomparáid leis an 39.37 faoin gcéad a fuair an príomh-aire.

Dá fheabhas sin, is fíor-mhíshásta atá comhghuaillithe Yushchenko. Tá siad deimhin de gur i bhfad ní b'fhearr a rinne sé agus go mb'fhéidir go bhfuair sé ní ba mhó ná 50 faoin gcéad de na vótaí, rud a chiallódh nár cheart go mbeadh an dara babhta vótála ann.

Ní gan ábhar atá an maíomh seo. Dar le breathnóirí de chuid an OSCE (Organisation for Security and Co-Operation in Europe), ní raibh an chéad bhabhta ag teacht le caighdeáin Eorpacha do thoghchán daonlathach.

Pé acu den bheirt Viktor a bhainfidh, beidh sé deacair air aidhmeanna agus polasaithe a chur i gcrích. I bparlaimint na hÚcráine, bíonn páirtithe ag teacht ar an bhfód agus ag dul ar ceal, ag teacht le chéile is ag scoilteadh chomh minic sin gur snámh in easa é, abair, aon leasuithe marthanacha a choimeád ar siúl.

Rud amháin atá le moladh ná líon na vótóirí a bhí sásta bualadh isteach chun na stáisiún vótála don chéad bhabhta: beagnach 75 faoin gcéad den bpobal.

Bhí 600 duine ag déanamh monatóireachta ar an toghchán ar son an OSCE. Is cinnte gur fada ó chonaic siad an ráta sin vótála ina dtíortha féin. Beifear ag súil gur mar sin a bheidh an scéal arís an Domhnach seo.

Tá cónaí ar Alan Desmond sa Pholainn faoi láthair