Idir dháthine Bhealtaine

BEOCHEIST: CEIST: DÁ mbeadh olltoghchán ann amárach an mbeadh aon athrú bunúsach ar an Rialtas atá ann faoi láthair? Is ceist…

BEOCHEIST:CEIST: DÁ mbeadh olltoghchán ann amárach an mbeadh aon athrú bunúsach ar an Rialtas atá ann faoi láthair? Is ceist í a tháinig chun tosaigh tar éis gur baineadh an chéad chrith as an gcomhrialtas an tseachtain seo caite.

Nuair a labhair ceannairí an dá pháirtí rialtais is lú, Mary Harney, Páirtí Daonlathach, agus John Gormley ón gComhaontas Glas, faoin gcor is deireanaí sa bhfianaise as Binse Fiosraithe Mahon, d'athraigh an socrú compordach a bhí ann nár chóir tráchtaireacht a dhéanamh ar chúrsaí Mahon go dtí go bhfógródh sé féin breithiúnas. An rud atá ráite, ní féidir é a tharraingt siar.

Ar ndóigh, b'fhearr leis an bheirt acu gan a bheith tarraingthe isteach sa gconspóid ach is léir gur tháinig éileamh ollmhór inmheánach ina bpáirtithe féin chun an tost a bhriseadh.

I gcás John Gormley, bhí súil amháin aige ar chomhdháil bhliantúil na nGlasach i nDún Dealgan ag an deireadh seachtaine. Ach má shíl sé go bhféadfadh sé sleamhnú thar an ábhar ag an gcomhdháil, tugadh réamhbhlaiseadh dó Dé Céadaoin seo caite ag cruinniú de bhaill Oireachtais an pháirtí le comhairleoirí. De réir tuairiscí is beag nár caitheadh clár ábhar an chruinnithe ar leataoibh de bharr gur cuireadh an oiread sin imní in iúl faoin bhfianaise is deireanaí as Mahon. Nár shuimiúil a ghaiste agus a lean Gormley sampla na nDaonlathach?

READ MORE

Ba ráiteas ón Seanadóir Fiona O'Malley inar dhúirt sí go gcaithfeadh an Taoiseach an scéal a shoiléiriú a spreag a ceannaire féin chun cainte. Más faoi bhrú féin a labhair Mary Harney, níor chríonna d'aon Taoiseach neamhaird a dhéanamh den teachtaireacht.

Tagann tuin áirithe chainte as béal Harney nuair a mhothaíonn sí dallamullóg nó cur i gcéill os a comhair. Labhraíonn sí go han-íseal agus creathadh na dáiríreachta ina guth a thugann le fios go bhfuil sí ag coinneáil srian uirthi féin ar éigean. Cluintear sa tuin chainte sin meascán den bhfearg, den mífhoighid agus den mbagairt. Is é an glór a chuala Cathal Ó hEochaidh nuair a thug sí droim láimhe leis féin agus le Fianna Fáil. Agus is é an glór céanna, b'fhéidir, a chluineann Albert Reynolds uaireanta nuair a fhágann tromluí deora allais ar a éadan i ndorchadas na hoíche.

Nuair a bhí sí ag freagairt na gceisteanna faoin méid a dúirt Fiona O'Malley tharraing sí chuici an tuin speisialta chainte sin. B'fhéidir gur fearg le O'Malley a bhí taobh thiar de. D'fhéadfadh sé go raibh sí le ceangal faoin mbealach go raibh an Seanadóir tar éis léim chun tosaigh uirthi féin a ghearradh. Ach, níor mhór don Taoiseach éisteacht go géar leis an agallamh sin arís. Bhí sé cosúil le bheith ag éisteacht le fiús mall agus é ag dó.

In agallamh le RTÉ i mí Eanáir, dúirt Harney nach bhféadfadh sí bheith i rialtas Bertie Ahern muna raibh muinín aici as: "I cannot remain in Government with people I don't trust." San agallamh céanna dúirt sí gur chóir cúrsaí airgid Bertie a fhágáil faoin mBinse Fiosraithe nach raibh ach leath bealaigh tríd an obair a tugadh dó. Mhaígh sí nach bhféadfaí scannán a mheas i gceart agus gan ach a leath de feicthe agat.

Go dtí seo, b'shin an port a bhí ag an dá pháirtí bheaga sa gcomhrialtas. Bhíothas an-chúramach gan armlón a thabhairt don bhfreasúra. Teist mhaith ar an teannas atá ag fás sa dá pháirtí agus ar an tábhacht a chuireann siadsan leis an gceist gur thug siad an bronntanas seo don bhfreasúra. An gciallaíonn sé seo go bhfuil baol ann go dtitfeadh an Rialtas?

Diabhal baol. Tá Mary Harney agus John Gormley idir dhá thine Bhealtaine. Fiú dá gcreidfeadh siad ina gcroíthe istigh gur chóir dóibh slán a fhágáil ag Bertie, caithfidh siad an cheist seo a fhreagairt: cén uair amach anseo a gheobhadh siadsan an seans arís lámh a chur ar stiúir na cumhachta? Tá drochdhóigh ar an bPáirtí Daonlathach mar atá. B'féidir gurb é seo an rialtas deireanach a mbeidh siad páirteach ann mar pháirtí.

Bheadh an fhadhb chéanna ag an gComhaontas Glas. Tá blaiseadh den gcumhacht faighte ag na Glasaigh agus, a Thiarna, nach iad atá dulta i dtaithí air.

Ní hea, níl aon fhonn imeachta ar dhuine ar bith sa Rialtas, Bertie san áireamh, agus ní raibh i ráitis na seachtaine seo caite ach nod d'Fhianna Fáil a gcuid fadhbanna a shocrú. Cúis eile chun fanacht ná freagra na ceiste sin ag tús an ailt. Ní dócha go n-athródh toghchán aon rud.

Tá an ceart ag Eoghan Harris faoi seo. Má tá cuid de mhuinín an phobail caillte ag Bertie, níl gean an phobail caillte aige.