Idir Baile Átha Cliath agus Béising

Ní bheidh mé ag fáil mórán duaiseanna as léirmheasanna a scríobh ar leabhair in am agus i dtráth.

An bhliain 2014 atá luaite le Cathair an Tíogair (LeabhairCOMHAR) le Feargal Ó Dubhghaill agus níl ann ach go bhfuair mé deis é a léamh.

Is leabhar é atá dírithe ar an duine fásta agus ba cheart dom a lua go raibh muintir Comhar cineálta go leor le cúpla leabhar de mo chuid féin sa seánra seo a fhoilsiú fadó fadó.

Níl aithne agam ar na daoine atá ag plé leis an réimse seo níos mó agus níl aithne agam ar an údar, Feargal Ó Dubhghaill, ach an oiread.

READ MORE

Mar sin féin, is maith ann don leabhar agus is maith an iarracht atá déanta ag Ó Dubhghaill scéal agus ábhar léitheoireachta a chur ar fáil don fhoghlaimeoir fásta. In Éirinn a thosaíonn an t-aistear seo. Tá Murchadh agus Denise in aontíos ach níl siad pósta. Tá siad beirt ag plé leis an dlí agus tugann a cuid oibre deis do Denise seal a chaitheamh sa tSín. Socraíonn Murchadh agus í féin go ndéanfaidh siad saoire sa tír le chéile agus caitheann siad seal i mBéising.

Anois, tá focal nua foghlamtha agat – mar a d’fhoghlaim mé féin – Béising. Sea, tá Gaeilge air agus, amharc, go bhfuil a chuspóir mar scríbhneoir don fhoghlaimeoir fásta bainte amach ag Ó Dubhghaill cheana féin!

Léiríonn an t-údar an cur agus an cúiteamh idir an bheirt go maith agus déanann sé cur síos macánta ar a gcuid smaointe. Ní chuirfidh an cur síos ná an scéal dua ar dhuine ar bith – agus sin mar is fearr é sa seánra seo.

Ach ní folamh atá an scéal. Éiríonn leis an údar mothúcháin a chur in iúl. Is carachtair iad Murchadh agus Denise; mothaíonn tú gur i láthair daoine atá tú agus ní go díreach ag léamh faoi dhaoine. Ní beag an bua é sin.

Ó tharla gur ar an fhoghlaimeoir fásta atá an leabhar, is doiligh éalú ar cheisteanna teanga.

Scríobhann Ó Dubhghaill go ciallmhar. Tá a theanga scríbhneoireachta simplí ach éifeachtach. Cuireann sé briathar ag tús na habairte, gnás a chuideoidh go mór le foghlaimeoirí greim mar is ceart a fháil ar an Ghaeilge: “Cuimlíonn Murchadh a shúile go mall, féachann ar an tsíleáil, fanann nóiméad...”

Bíodh sin mar atá, bíonn corrabairt ait ann: “Féachann tú i do mhilliún dollar.” An ceadmhach a leithéid sin a mholadh d’fhoghlaimeoir? Lena chois sin, tá roinnt botún beag ann: ar éigin (in áit “ar éigean”); lánúin óga (in áit “lánúineacha óga”);Dé Déardaoin (in áit “Déardaoin”).

Má chuireann LeabhairCOMHAR an dara cló den saothar ar fáil, b’fhiú amharc siar ar na profaí arís agus na mionrudaí sin a cheartú.

Tá leabhar fiúntach scríofa ag Ó Dubhghaill. Léifinn an dara leabhar dá chuid – in am agus i dtráth!

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times