I dtreo na spéartha

Tá foghlaim an mhúinteora agus foghlaim an pháiste spleách ar a chéile


Dhúisigh an scannán, The Force Awakens ón tsraith Star Wars, níos mó suime sa tír seo, ná mar ba ghnách do scannán dá shórt, de bharr píosa den taifeadadh a bheith déanta ar Sceilg Mhichíl.

Agus tá an dea-scéal amuigh go mbeidh lucht déanta an scannáin ar a dtriall go Cheann Sibéal sa chontae céanna, don chéad mhír eile, Star Wars VIII.

Gan amhras, tá Fáilte Ireland ag brath air seo chun níos mó turasóirí a mhealladh chun an taoibh sin tíre – agus mara.

Ach féach go bhfuil an scannán in úsáid in áiteanna eile chun mealladh de chineál eile a bhaint amach, mar atá, céimithe ollscoile a mhealladh chun ghairm na múinteoireachta.

READ MORE

Tá Aire Oideachais na Fraince ag iarraidh teacht i dtír ar Star Wars ar shlite eile, agus múinteoirí, seachas turasóirí á mealladh aici.

Mar chuid den fheachtas fógraíochta atá ar bun aici chun 26, 000 áit oiliúna don mhúinteoireacht a líonadh, tá fógra ar láithreán gréasáin na hAireachta le cúlbhrat ón scannán, lán réalta agus pláinéad, leis an teideal, “Je suis ton professeur” (is mise do mhúinteoir) scríofa ar barr.

Scigaithris é seo ar an nath seanbhunaithe, "I am your father" ó Star Wars, agus é maisithe sa stíl sainiúil chéanna.

Tugann nathanna gairide eile eolas breise faoi conas an rogha gairme seo a dhéanamh, agus ord na bhfocal iompaithe timpeall mar imeartas ar stíl chainte an charachtair Yoda ón scannán.

Sampla de seo is ea, “pour te former au métier de prof, en ESPE tu iras” – “chun oiliúint a fháil mar mhúinteoir, go dtí an coláiste ollscoile ESPE, rachaidh tú”.

Fógraíocht kitsch, mar sin, idir mhagadh is dáiríre atá in úsáid.

Ach tá sé spéisiúil sa mhéid is go léiríonn sé na deacrachtaí atá i roinnt tíortha gairm na múinteoireachta a chur i láthair go tarraingteach don chéad ghlúin eile iarrthóirí.

Ar ais in Éirinn, tá an t-ádh linn nach raibh aon deacracht go stairiúil anseo, iarrthóirí den scoth a mhealladh ná a choimeád sa ghairm.

Bhí aitheantas i bhfad siar do thábhacht an mhúinteora, agus bhí sé sin le sonrú i mórán slite – muinín agus meas an phobail, tacaíocht ó theaghlach na bpáistí, tuarastal cuí, agus infheistíocht san oideachas.

Ar ndóigh, bheadh mórán slite eile ann chun an mhúinteoireacht a chur chun cinn os comhair an phobail mar rogha gairme.

B’fhiú a threisiú in aon chur i láthair, gur gairm í an mhúinteoireacht atá fiúntach ar mhórán fáthanna i saol an phobail, agus a thabharfaidh sásamh oibre don té a roghnaíonn é.

D’fhéadfaí mar shampla, díriú ar ról an mhúinteora i gcothú na meon dearfa i leith na foghlama – fiosracht, diongbháilteacht, díograis, cruthaitheacht, samhlaíocht agus aoibhneas na foghlama do pháistí na tíre.

Agus ná dearmadaimis na meoin chéanna i gcás an mhúinteora féin. Tá cúpla bliain ann ó chuir an OECD tuarascáil amach, Teachers matter, attracting, retaining and developing effective teachers.

An teachtaireacht ba mhó a bhí ann, agus atá intuigthe sa teideal féin, ná go bhfuil sé den riachtanas, daoine cumasacha a mhealladh chun gairm na múinteoireachta, oiliúint cheart a sholáthar agus tacú lena bhforbairt leanúnach ina dhiaidh sin.

Mar chuid den tacaíocht sin, ba ghá díriú ar an múinteoireacht mar ghairm agus mar ghníomh ina bhfuil an fhoghlaim fite fuaite, foghlaim an pháiste, cinnte, ach foghlaim an mhúinteora chomh maith.

Tá foghlaim an mhúinteora agus foghlaim an pháiste spleách ar a chéile, mar a deirtear.

Is tráthúil é seo i gcomhthéacs obair na Comhairle Múinteoireachta, a sheolfaidh, tráthnóna amárach i Má Nuad, Co. Chill Dara, polasaí mar thacaíocht agus mar struchtúr d’fhoghlaim mhúinteoirí na tíre.

“Cosán” atá tugtha ar an gcreat nua seo, mar léiriú ar an aistear foghlama a bhíonn le déanamh ag an múinteoir, ar bhonn aonair, agus i gcomhpháirt le comhleacaithe eile.

Is féidir glacadh leis nach bhfuil i margaíocht den tsórt seo thuas ach cur in iúl magúil go mbaineann eachtraíocht leis an múinteoireacht chomh maith céanna agus a bhaineann leis an spáschogaíocht.

Ach b’fhiú díriú, in aon chur i láthair, ar an múineadh é féin, ar an obair feasa agus foghlama a bhíonn ar siúl ag múinteoirí go laethúil, agus ar na deiseanna chun forbartha agus foghlama fadsaoil a bhíonn acu.

Is Stiúrthóir ar an bhForbairt Ghairmiúil Leanúnach i gColáiste Mhuire Gan Smál é an Dr Cathal de Paor