Herman sa halla

Tá na haisteoirí Diarmuid de Faoite agus Dairíne Ní Dhonnchú le feiceáil i ndráma nua, Herman, scéal grinn faoi chailín saibhir…

Tá na haisteoirí Diarmuid de Faoite agus Dairíne Ní Dhonnchú le feiceáil i ndráma nua, Herman, scéal grinn faoi chailín saibhir a dhéanann geall le cara go dtiocfadh léi bean a dhéanamh as fear ar bith.

Is é Mícheál Ó Conghaile a d'aistrigh an dráma go Gaeilge agus Gabriel Rosenstock a d'aistrigh an véarsaíocht.

Tá an saothar ar siúl faoi láthair i Stiúdió Halla na Cathrach, Gaillimh, go dtí oíche Shathairn. Beidh sé le feiceáil in Halla na Feothannaí, an Fheothannach, Co Chiarraí, oíche Mháirt agus seachtain ón lá inniu. Gach léiriú ag 8 p.m.

Ina dhiaidh sin, beidh Herman le feiceáil le linn mhí an Mhárta: i mBéal Feirste (Dé Luain 8ú agus Dé Máirt 9ú); Co Dhún na nGall (Déardaoin 11ú agus Dé hAoine 12ú); Baile Átha Cliath (Dé Luain 15 - Dé Sathairn 20ú, gan an 17ú san áireamh); Co an Chláir (Dé Máirt 23ú) agus Luimneach (Dé Céadaoin, 24ú). Eolas: 087-7547715.