Gúmléamh

TÁ SRAITH nua leabhar do pháistí foilsithe ag an Ghúm

TÁ SRAITH nua leabhar do pháistí foilsithe ag an Ghúm. Cúig ghearrscéal nuascríofa atá sa leabhar I gCéin is i gCóngar. Cathal Ó Manacháin, Ailbhe Nic Giolla Bhrighde agus Patricia Forde, Máire Ní Chualáin agus Uinsionn Ó Domhnaill a scríobh agus Martin Fagan a mhaisigh.

Tá na scéalta féin éasca le léamh agus aithneoidh idir dhaoine fásta agus pháistí na téamaí – seal ar choláiste samhraidh sa Ghaeltacht, spórt, stair agus scéalaíocht thraidisiúnta.

Tá léaráidí lándaite ann agus cuireann siad go mór le cruth an leabhair. Tá an scríbhneoireacht féin agus na tomhais an-chliste fosta: Cén tóin a bhíonn fliuch i gcónaí? Tóin na farraige. (Bhuel, thaitin an greann leis an iriseoir seo ar aon nós!)

Scéal amháin atá ann mar Na Laochra is Lú, scéal le Laoise Ní Chléirigh ina dtéann Ruán agus Éadaoin sa bhearna bhaoil agus an Taibhse Dána i mbun drochoibre arís.

READ MORE

Faoin bheirt bheaga atá sé an saol a chur ina cheart ach an éireoidh leo agus an oiread sin díobhála ar siúl ag an Taibhse?

Tá léaráidí sármhaith ag Steve Simpson sa leabhar seo a mheallfadh súil an léitheora is drogallaí amuigh.

Dhá chnuasach d’agallaimh bheirte atá in Inis seo dom! agus Siar agus Aniar le Seán Ó Muimhneacháin, Ray Mac Mánais, Traolach Ó Conghaile agus Fearghas Mac Lochlainn.

Tá trí agallamh beirte i ngach leabhar agus téamaí comhaimseartha – an tIdirlíon, mar shampla – agus téamaí níos traidisiúnta le fáil iontu.

Mar is iondúil leis an chineál seo scríbhneoireachta, tá an-ghreann ann, rud a léiríonn an sliocht beag seo as An Peacach Glic: “Seo anois mé ag Geataí na bhFlaitheas./Tá mé fágtha anseo fuar agus fann./Bhur mbarúil an scaoilfear isteach mé?/Tá m’anam sórt breac seachas bán.”

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times