Gúm na Nollag

ARÍS I mbliana tá carn de leabhair shnasta mhaiseacha do pháistí curtha ar fáil ag An Gúm ar phraghas an-réasúnta, a scríobhann…

ARÍS I mbliana tá carn de leabhair shnasta mhaiseacha do pháistí curtha ar fáil ag An Gúm ar phraghas an-réasúnta, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide. Do thuismitheoirí a bhfuil páiste acu ag foghlaim ceoil, molaim go mór Vera agus a Veidhlín(An Gúm, €10.50).

Toradh comhoibrithe idir an ealaíontóir cáiliúil Robert Ballagh agus an fidléir iomráiteach Máire Breathnach atá sa leabhar gleoite seo. Cuirtear síos ann ar iarrachtaí na girsí bige, Vera, an veidhlín a sheinm agus fíordhaoine atá sna pictiúir ann, Vera, a máthair agus an múinteoir ceoil (Máire Breathnach í féin). Tá líníocht Ballagh chomh cruinn sin gur féidir foghlaim ó na pictiúir an bealach ceart chun an veidhlín a láimhsiú.

Leabhar beag le cur i stóca páiste atá ábalta léamh ar a chonlán féin is ea Oisín(An Gúm, €7) le Tadhg Mac Dhonnagáin. D'éirigh le Mac Dhonnagáin an scéal fiannaíochta seo a insint i nGaeilge shimplí gan draíocht agus eachtraíocht an bhunscéil a chailliúint. Cuideoidh an leabhar seo agus an dá cheann eile sa tsraith chun na hainmneacha Fionn, Bran, Sceolán agus Oisín a chur i mbéal pháistí na tíre.

Tá buntáiste ag údar atá ábalta a leabhar féin a mhaisiú agus i gcás an leabhair Marcella ar Saoire Ghrá(An Gúm, €8.50) is í an t-ealaíontóir aitheanta, Brighid 'Biddy' McLaughlin, a scríobh agus a mhaisigh. Scéal é faoi aingeal a théann, le cead ó Íosa, ar thóir eachtraíochta sa Spáinn agus níl teora leis na heachtraí a bhíonn aici agus a cara Dónall. Ar son na bpictiúr amháin is fiú an leabhar seo.

READ MORE

An t-údar féin Steve Cannon a scríobh agus a mhaisigh an bunleagan Béarla den scéal Mairéad agus an Foghlaí Mara(An Gúm, €5.50). Scéal é faoi ghirseach bheag a fhoghlaimíonn ó fhoghlaí mara, gan ligean do na deacrachtaí siúil atá aici féin cur isteach uirthi. Mícheál Mac Diarmada a rinne an leagan Gaeilge agus Gaeilge nádúrtha Thír Chonaill atá ann le míniú ar nathanna cainte deacra ag bun an leathanaigh. Scéal a bhfuil ábhar machnaimh ann agus is fiú go mór é.

Ní raibh mé riamh tugtha do scéalta faoi ainmhithe a iompraíonn iad féin mar dhaoine, ach ba dheacair dom gan gáire a dhéanamh faoi eachtraí Tarbh, Bó, Lao agus Gabhar agus iad ar cuairt ar a Mamó agus Daideo i Turas go Maigh Eo(An Gúm, €9.50) le Maolíosa Ní Chléirigh agus Róisín Curé.

Insítear an scéal i véarsaíocht agus bainfidh páiste de gach aois sult as na pictiúir. B'fheidir go n-éireodh leis an chuid is cliste acu a dhéanamh amach cén cineál ainmhithe iad Mamó agus Daideo.