Gradam Phadraigin

Bronnfar Gradam Shean-Nós Cois Life ar an amhránaí Pádraigín Ní Uallacháin Dé Sathairn mar chuid den fhéile bhliantúil amhránaíochta…

Bronnfar Gradam Shean-Nós Cois Life ar an amhránaí Pádraigín Ní Uallacháin Dé Sathairn mar chuid den fhéile bhliantúil amhránaíochta.

Tá aithne ag mórán daoine ar Ní Uallacháin as feabhas a glóir agus is é An Dealg Óir (Gael-Linn),cnuasach amhrán as oirdheisceart Uladh, an dlúthdhiosca is nuaí dá cuid.

Beidh Sean-Nós Cois Life ar siúl in ionaid éagsúla i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine. Le cois na seisiún amhránaíochta, beidh ranganna amhránaíochta ar fáil don fhoghlaimeoir. Eolas 01-4538192 nó seannoscoislife@eircom.net

  • Beidh cruinniú poiblí le plé a dhéanamh ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla in Óstán an Harbour, Gaillimh, san oíche amárach ag 8 p.m. Beidh ionadaithe ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge i láthair.