Gráin ar an ghruagaire

Tá mé ar tí úrscéalta móra a léamh de rogha ar Facebook


Murab ionann agus go leor ban, is fuath liom an gruagaire. Níor úsáid mé ach aon bhean amháin le blianta mar ní labhraíonn sí liom.

Bíonn siamsaíocht ag teastáil. An tseachtain seo caite, shocraigh mé luí isteach ar Thriail Anglo agus na rútaí á ndéanamh.

Cheannaigh mé The Irish Times agus thosaigh mé á léamh. Ach bhí iomaíocht ghéar ann.

Bhí Miriam Lord agus gabhair ghreannmhara ar Upworthy in adharca a chéile.

READ MORE

Agus an dóigh go bhfuil m’inchinn sreangaithe faoi láthair, bhí an lámh in uachtar ag na gabhair; iad ag léim suas agus anuas ar bhratadh plaisteach, á úsáid mar thrampailín.

Agus má thaitníonn an físeán sin leat, tuigeann Upworthy go mbainfidh tú sult as cait agus madraí ag troid lena chéile, as madra agus páiste i ngrá lena chéile agus as gadhair ag labhairt “Béarla” lena “mhamaí”.

Bhí Upworthy agam ar Facebook. Bhí The Mail Online agam ar Facebook. Bhí mo shaol agam ar Facebook. Ach bhí m'aird, m'éirim aigne agus mo chumas caillte agam go Facebook diaidh ar ndiaidh ó bhí 2007 ann.

Bómánta
Tá mé bómánta.

Níor thuig mé an t-alt a bhí scríofa ag Miriam Lord. Ní rabhas in ann díriú air ach ar feadh trí nóiméad in aon bhabhta amháin.

Le racht feirge, bhrúigh mé ar an gcnaipe “Deactivate” ar Facebook. Rinne mé iarracht mo chuntas iomlán a scriosadh, ach bhí na treoracha sin róchasta; bhí níos mó ná céim amháin i gceist.

As an trácht uilig ar an idirlíon in Éirinn, baineann 63 faoin gcéad le Facebook – an figiúr is airde as na tíortha uilig ar domhan ina labhraítear Béarla – nó Gaeilge sula scríobhann duine litir chuig an Eagarthóir!

Táimid ag caitheamh ár saol ar Facebook. Sna cathracha is mó atá daoine tugtha dó seo; sa bpríomhchathair, tá 75 faoin gcéad den phobal ar Facebook. Ar chúis éigin, titeann sé seo go figiúr an-íseal faoin tuath; níl ach 19 faoin gcéad de mhuintir Liatroma ar Facebook, mar shampla.

B'fhéidir go mbaineann sé seo le deacrachtaí leathanbhanda. Nó b'fhéidir go bhfuil siad níos ciallmhaire agus go dtéann siad amach sna páirceanna má theastaíonn uathu breathnú ar ghabhair ag léim suas agus anuas ar bhratadh plaisteach.

Scrios
Thosaigh mé ag smaoineamh ar an gcuntas a scriosadh cúpla seachtain roimhe sin.

“Caithfimid labhairt lena chéile,” a dúirt sé.

“Go bhfóire Dia orainn”, a dúirt mé liom féin, “i gcomhthéacs caidrimh, ní maith liom na focail sin a chloisteáil.”

“Braithim nach mbíonn tú ‘i láthair’ cuid mhór den am,” a dúirt sé, “bíonn tú ‘áit éigin eile’ go minic. An mbaineann sé seo liomsa? An bhfuil tú míshásta liom?”

“Tá a fhios agat go rímhaith nach duine mise atá tugtha do phlámás,” a dúirt mé, “ach is maith liom tú go mór. Is duine iontach thú. Táim sásta go bhfuil tú agam.”

“Caithfimid oibriú air seo, mar sin”, ar seisean. “Tá níos mó spéise agat i do ghuthán cliste ná mar atá agat ionamsa.”

Thaispeáin mé na gabhair dó, mar iarracht chun é a mhealladh isteach i mo shaol. “Ar an drochuair, a Chaoimhe,”a dúirt sé liom, “tá acmhainn ghrinn níos sofaisticiúla agamsa ná sin.”

Is fuath liom é nuair a thugann mo mhac “Caoimhe” orm.

Ní drochrud é Facebook, ag brath ar an gcineál duine atá ionat. Ach i mo chás féin, baineann an mana cáiliúil de chuid Alcoholics Anonymous le hábhar: is iomarcach é cliceáil amháin, ní leor riamh na mílte cliceáil.

Tá sé imithe ó mo shaol anois le seachtain anuas, “when the rain washes you clean you’ll know.” Caithfidh mé a admháil go bhfuil sé deacair. Tá ag géarú ar an mbuairt shóisialta atá orm mar go gceapfaidh daoine, táim cinnte, go bhfuilim tar éis iad a bhlocáil. Tá mé míshuaimhneach mar – ach an oiread le toitíní – nílim cinnte céard gur chóir dom a dhéanamh leis na lámha.

Nuair a bhíos 18 bliain d’aois, bhíos ag déanamh Grád 8 sa bpianó. Bhíos thar a bheith tógtha le Nicholas Roeg, le Bach agus le Gabriel Garcia Marquez.

Nílim á rá ar mhaithe lena bheith áiféiseach d’aon ghnó, ach tá próiseas athshlánúcháin romham. Caithfidh mé an inchinn a thraenáil in athuair.

Ach an oiread le Bill Murray sa scannán What About Bob? beidh orm "baby steps" a ghlacadh ar dtús. Fágfaidh mé mo chóip de The Brothers Karamazov – a thosaigh mé 15 bliain ó shin – ar an tseilf go ceann tamaill go dtí go mbeidh an tsraith iomlán de Fifty Shades léite agam.

Agus cá bhfios ach go dtosóidh mé ag labhairt le daoine arís – agus aithne a chur ar an ngruagaire sin sa deireadh, fiú.